Comhriaghalta
—aidiacht
—Comhriaghalta, Cúilialta, Cúimhialta: Tá na trí leagan ar a' bhfocal. Ó Mhuigh Cuilinn an chéad leagan, a's sé thugaim, arae ní fhéadaim aon-cheart a bhaint de'n phéire eile). (Coimhlíonta?) (Cuthal-dhíthallta?) (Cuthal dhíthcheilte?)
—
moiglidhe, múinte, béasach, lághach, socair.
+–
Tá sé an-chomhriaghalta.
Gearr-chaile coimhriaghalta í sin, a's gan araoid ná aighneas aice ar aon-duine, ach a bealach fhéin a dheanamh.
TUILLEADH (10) ▼
Tá sí chomh cúimhiallta agad, a's go sílfeá, nach mbeadh anachain a' bith innte. Ach nach breagh go bhfuil 'na dheidh sin.
M'anam muise gur maith é faoi na chuid buillí, dhá chúiliallta dhá bhfuil a leigean amach. = sé'n t-abhras a bhainfeá as a chuid cainnte féin, go bhfuil sé lághach, socair, ach tá sé buailteach 'na dheidh sin.
Tá sé sáthach cúiliallta mar sin, go gcuirtear air, ach an uair sin, níor mhaith dhuit a bheith in aon-phasáiste leis.
Má tá fhéin, tá sí a' faghail fear cúilialta lághach, nach n-abrócha drúcht na báisteach le aon-duine, maran cionntach é féin.
InDomhnach muise, dá chúilialta, a's dá mhúinte é, ní bheadh aon-chur suas de bhean aige, dá gcastaí in a bhealach í. Ach mar deir a' ceann eile, 'má's peacadh a bheith buidhe, tá na mílte damanta'. = rachad sé a' suirghe le cailín, dá bhfaghad sé an dóigh etc.
Dar mo choinsias is do-chreidthe an scéal é, scurach chomh cúilialta leis sin, a bheith ag gabhail thart ar a' gceird sin. Ach d'íosfadh na muca ciúine fhéin a' triosc arsa tusa.
Ní casfaidhe fear chomh cúilialta leat in do shiubhal ionnsuighe. Marach a' ceann eile a bheith as bealach, a's as bealach go mór, dheamhan cos Sheáin a chuirfeadh chuige ná uaidh.
Tá sé coimhriaghalta go leor mar sin, ach inDomhnach deir siad, go bhfuil neart maistínteachta ann, má bhaintear as é. Ach cé milleán air sin, ach an oiread le scéal.
Dheamhan duine ba chúiliallta ná é sin a d'fheicfeá in do shiubhal lae, ach 'sí an bhean atá dhá shaghdadh, a's a' cur na droch-(mh)úineadh ann.
Tá sé cúiliallta go leor i gcosamhlacht, ach teirigh sa gceann sin leis go bhfeice tú!