Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deaaithne
ainmfhocal, buineann
1.
 go h-iondúil fios a bheith agad go bhfuil duine go dona, go h-olc, go fealltach agus rl., nó nach ar fónamh a bhí sé leat féin nuair a tháinic tú in a línn (líon?).
+
Tá aithne agam air, agus ní hí an dea aithne í ach oiread, agus ceart agam air
Ní hí an dea aithne atá agamsa ar an scóllachán sin. Fhobair sé mo chnámha a leónadh annsin thoir cheana; ach cúiteóidh mise leis é shula dteighidh mé féin ná é féin idtalamh, le cúnamh Dé
TUILLEADH (1) ▼
Ní hí an deáaithne atá ag muintir na h-áite seo ar an gcneámhaire sin. Shlad sé iad cheana: imeacht le luach a gcuid beitheach agus gan comhaireamh na sop a thabhairt dóib ariamh. Maran sunda é, go dtiúrfadh sé é féin le teasbáint sna bólaí seo go brách aríst! Ach níl náire ar bith ann
2.
 aithne mhaith.
·
Tá deá aithne agam air = aithne mhaith, ach an leagan seo fhéin, is mó de chéill a 1 ná de chéill a 2 atá ann; tá a fhios agam nach fear fealltach ná drochmhúinte ná búndúnach é; nó ní fhaca mise dhá bhárr ariamh ach an ghleóiteacht, agus an réidhchúis agus an lághaíocht.

Féach freisin