Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deáchomharsanacht
ainm-fhocal.
+
Fuagraimuid deáchomharsanacht orra! = na daoine maithe (fc. comharsanacht)
Is beag deáchomharsanacht atá sna daoine anois, ní h-ionann agus fadó = níl siad in a ndeáchomharsanaí dhá chéile
TUILLEADH (2) ▼
Go deimhin níl mórán den deáchomharsanacht ag siúl leis an gceánn céanna. Tá sé ro-ghar dó féin. Is cuma leis san diabhal é, ach uisce a tharraint ag a mhuileann féin
Bhíodh deá chomharsanacht ar an mbaile seo fadó, ach d'imigh sin. Is mór leo féin a chéile anois, agus bíonn siad ithte le cantal, má fheiceann duine aca maith bheag ar bith ar an duine eile. Tá'n aicís sna daoine anois

Féach freisin