Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

comharsanacht (13)

 
dálta
Tá T. go lách, ach ní hé a dhálta sin ag J. é. Níl comharsanacht ar bith ann. Caitheann sé a shaol ag forcamhás ar bhearraíochaí a bhaint dhe dhaoine eile
 
de
Ní den chomharsanacht cleas den tsórt sin — ní dhéanfadh comharsa rud mar sin ar chomharsa eile
+
Fuagraímid dea-chomharsanacht orthu! — na daoine maithe (fc. comharsanacht)
TUILLEADH (3) ▼
Is beag dea-chomharsanacht atá sna daoine anois, ní hionann agus fadó — níl siad ina ndea-chomharsanaí dhá chéile
Go deimhin níl mórán den dea-chomharsanacht ag siúl leis an gceann céanna. Tá sé róghar dó féin. Is cuma leis sa diabhal é ach uisce a tharraingt ag a mhuileann féin
Bhíodh dea-chomharsanacht ar an mbaile seo fadó, ach d'imigh sin. Is mór leo féin a chéile anois, agus bíonn siad ite le cantal, má fheiceann duine acu maith bheag ar bith ar an duine eile. Tá an aicis sna daoine anois
 
Nach é an diabhlánach ina chraiceann anois é a chuaigh in mo bhéal faoin bhfeamainn! Nach deacair a bheith ag iarraidh comharsanacht air sin!
 
Chuala mé go minic go raibh geis ar an gcnocán sin: go raibh sé síúil. Deir chuile dhuine go raibh rudaí dhá fheiceáil ann. Ach ní raibh géilliúint ar bith aigesean do chúrsaí den tsórt sin. Bhí rachmall an airgid air, agus chaith sé ina cheann teach nua a dhéanamh. Ní bheadh aon shásamh aige ann go ndéanfadh sé ar an gcnocán sin é, théis go raibh chuile dhuine ag cur aithne air gan drannadh leis. Más é an tAthair M. féin é — 'sé a bhí anseo an uair sin — chuala mé gur dhúirt sé leis go mbeadh sé in aiféala mura bhfágadh sé an cnocán agus a raibh ann lena n-anó féin. Ach ní raibh aon chomhairleachan ina chionn ó chuirfeadh sé roimhe rud a dhéanamh. Bhí sé chomh dána le múille. Réab sé an cnocán as a lúdrachaí ar aon nós, agus rinne sé an teach. Tá sé fuar folamh ansin ó shin, mar a fheiceas tú féin é. Dheamhan duine a chónaigh ariamh ann sílim. Maraíodh an mac shul má bhí sé déanta. Sách fánach a maraíodh é freisin. Ord a thit den scafall air. Buaileadh síos an iníon agus chaill sé an domhnaíocht airgid léithe, ach ní dhearna sí aon mhaith ariamh. Thit binn an tí go talamh shul má bhí sé réidh. Shílfeá go mba in é a dhóthain de thaispeánadh, ach chuaigh sé ina éadan as dúshlán in athuair. Ní fhaca sé an chloch spideoige ariamh air. Bhí sé ag déanamh créafóige. Ón lá ar thosaigh sé ag orlaíocht ar an gcnocán sin — shílfeá gur beith a bhí air é — níor fhan rud istigh ná amuigh aige nár tháinig an díleá air. D'imigh a raibh aige agus ar chruinnigh sé go crua — d'imigh sé ina ghlae ghlas. B'éigean don bhean agus don chuid eile den chlainn lascadh leo as ar fad sa deireadh. Bhí an díleá ar a gcuid os comhair a dhá súil. Níl a fhios agam an raibh an oiread acu agus a thug go G. iad. Má bhí, dheamhan tada leis é. Níl duine ar a shliocht inniu; i gcruthúnas nach ceart d'aon duine a dhul ag cur araoid ar an slua sí — diúltaí muide dhóibh agus fuagraímid dea-chomharsanacht orthu!
 
Na daoine maithe — diúltaí muide dhóibh agus fuagraímid dea-chomharsanacht orthu — a thug a bhean sin leo. Ba in í an chaint a bhí ag dul thart ar aon nós. Ar ndóigh chaon darna duine dhá n-imíodh an uair sin fuadach as a bhíodh air, má b'fhíor. Is beag an fuadach as atá anois ann. Má imíonn an duine, tá sé imithe agus sin é a bhfuil ina thimpeall. Diabhal mé go gcuirfidís thar bharr do chéille thú fadó, dá ngéilltheá dóibh, agus tá daoine ann fós féin adéarfadh leat é
 
dlúth 2
Tá siad ina gcónaí an-dlúth dhá chéile ansiúd. Agus go deimhin má tá fhéin, ní choinníonn siad aon chomharsanacht le chéile, ach ag ithe agus ag liobairt ar a chéile chuile lá dhá n-éiríonn ar a súil
 
An bhfuil sibh i ndoicheall le chéile chomh mór sin agus nach dtógfadh duine agaibh litir le tabhairt don cheann eile. Is dona an chomharsanacht é sin
 
dorcha
Is bocht an chaoi do dhuine a bheith chomh dorcha dúnárasach sin. Is den chomharsanacht a bheith carthanach cainteach
 
Bhí intinn mhór acu agus bhí siad an-doriartha go deo. Beannacht Dé dhuit! Ní bhíodh comharsanacht ar bith sna bólaí sin roimhe seo ach chlaon siad roinnt le gairid. Is cosúil nach bhfuil an aos óg atá éirithe suas ann anois chomh hamscaí agus a bhí an tseanmhuintir. Ní fearr dóibh fhéin a bheith