Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

comharsanacht (9)

 
dálta
Tá T. go lághach, ach ní hé a dhálta sin ag J. é. Níl comharsanacht ar bith ann. Caitheann sé a shaoghal ag forcabhás ar bhearraidheachaí a bhaint dhe dhaoine eile
 
de
Ní den chomharsanacht cleas den tsórt sin = ní dhéanfadh comharsa rud mar sin ar chomharsa eile
 
Bhíodh deá chomharsanacht ar an mbaile seo fadó, ach d'imigh sin. Is mór leo féin a chéile anois, agus bíonn siad ithte le cantal, má fheiceann duine aca maith bheag ar bith ar an duine eile. Tá'n aicís sna daoine anois
 
Nach hé an diabhlánach in a chraiceann anois é, a chuaigh in mo bhéal faoin bhfeamainn! Nach deacair bheith ag iarraidh comharsanacht air sin!
 
Chuala mé go minic go raibh geis ar an gcnocán sin: go raibh sé sídheamhail. Deir 'chuile dhuine go raibh rudaí dhá fheiceál ann. Ach ní raibh géilleamhaint ar bith aige-san do chúrsaí de'n tsórt sin. Bhí rachmall an airgid air, agus chaith sé in a cheann teach nuadh a dhéanamh. Ní bheadh aon-shásamh aige ann go ndéanfadh sé ar an gcnocán sin é, th'éis go raibh 'chuile dhuine ag cur aithne air gan drannadh leis. Má's é an t-Athair M. féin é — 'sé a bhí annseo an uair sin — chuala mé gur dhubhairt sé leis go mbeadh sé in aithmhéala, mara bhfágadh sé an cnocán agus a raibh ann len a n-anshógh féin. Ach ní raibh aon-chomhairleachan in a chíonn. Ó a chuirfeadh sé roimhe rud a dhéanamh. Bhí sé cho dána le múille. Réab sé an cnocán as a lúdrachaí ar aon-nós, agus rinne sé an teach. Tá sé fuar falamh annsin ó shoin, mar a fheiceas tú féin é. Dheamhan duine a chomhnuigh ariamh ann sílim. Marbhuigheadh an mac shul má bhí sé déanta. Sáthach fánach a marbhuigheadh é freisin. Ord a thuit de'n scafall air. Buaileadh síos an inghean agus chaill sé an domhnuidheacht airgid léithe, ach ní dhearna sí aon-mhaith ariamh. Thuit binn an tighe go talamh shul má bhí sé réidh. Shílfeá go mbadh shin é a dhóthain de theasbánadh, ach chuaidh sé in a éadan as dubhshlán in ath-uair. Ní fhaca sé an chloch spideoige ariamh air. Bhí sé ag déanamh creafóige. Ó'n lá ar thosuigh sé ag ordluigheacht ar an gcnocán sin — shílfeá gur beith a bhí air é — níor fhan rud istigh ná amuigh aige nar tháinig an díleághadh air. D'imigh a raibh aige agus ar chruinnigh sé go cruadh — d'imigh sé in a ghlaedh ghlas. B'éigin do'n bhean agus do'n chuid eile de'n chlainn lascadh leo as ar fad ins an deire. Bhí an díleághadh ar a gcuid as comhair a dhá súil. Níl a fhios agam an raibh an oiread aca agus a thug go G. iad. Má bhí, dheamhan tada leis é. Níl duine ar a shliocht indiu; i gcruthamhnas nach ceart d'aonduine a dhul ag cur araoid ar an sluagh sidhe — diúltaigheamuide dhóibh agus fuagruigheamuid deagh-chomharsanacht orra!
 
Na daoine maithe — diúltaigheamuide dhóib agus fuagruigheamuid deagh-chomharsanacht orra — a thug a bhean sin leo. Ba shin í an chaint a bhí ag dul thart ar aon-nós. 'Ar ndú 'chaon darna duine dhá n-imigheadh an uair sin fuadach as a bhíodh air, má b'fhíor. Is beag an fuadach as atá anois ann. Má imigheann an duine, tá sé imighthe agus sin é a bhfuil in a thímcheall. Diabhal mé go gcuirfidís thar bharr do chéille thú fadó, dá ngéilltheá dóibh, agus tá daoine ann fós féin adéarfadh leat é
 
dlúth 2
Tá siad ina gcomhnaí an-dlúth dhá chéile annsiúd. Agus go deimhin má tá fhéin, ní choinnigheann siad aon-chomharsanacht le chéile, ach ag ithe agus ag liobairt ar a chéile, 'chuile lá dhá n-eirigheann ar a súil
 
dorcha
Is bocht an chaoi do dhuine a bheith cho dorcha dúnárusach sin. Is de'n chomharsanacht a bheith carthannach cainteach
 
Bhí intinn mhór aca agus bhí siad an-doréara go deó. Beannacht Dé dhuit! Ní bhíodh comharsanacht ar bith sna bólaí sin roimhe seo ach chlaon siad roinnt le goirid. Is cosúil nach bhfuil an aos óg atá eirithe suas ann anois cho h-amscaí agus a bhí an tsean-mhuintir. Ní feárr dóib fhéin a bheith.