Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

comharsa (29)

 
abair
Is mór adéarfá le duine nach mbeadh aon fhód móna aige féin a dhul ag tabhairt mála as cruach na comharsan, ach iadsan agus a gcuid móna féin buailte orthu
 
dalba
Nach dalba an bealach atá leis: ag imeacht mar sin ag béadán agus ag coiriúint ar a chomharsa, agus i gcónaí ag ullmhúchan achrainn. Dheamhan sástaíocht aige ann mura bhfeice sé daoine i mbroinnleachaí a chéile, agus ag troid agus ag achrann. Sin é a bhuac
 
Is beag an lua a bheadh aige na geanntrachaí a thabhairt dhom théis gur iarr mé air iad. Cén bhrí ach ní leis féin iad. Sin geanntrachaí a bhí ag lucht an bhóthair agus choinnigh seisean iad nuair a bhí an oirnis thuas ann. Rinne sé a chuid féin dhíobh. Dhá mba leis féin féin iad, nár dhaoithiúil an chaoi dhó gan a dtabhairt do chomharsa — ní áirím nach mba leis. Mhúinfeadh cuid de na daoine críonnacht duit, ach dheamhan a fhios agam an den chríonnacht an cheird sin ach oiread
 
Níl siad ag cur cuibhriú ar bith ar an seanasal sin acu anois, ach cead scoir ar bhóithrí aige, agus má fhéadann sé aon bhearradh a bhaint amach don chomharsa. Tá siad an-cheanúil ar na hasail eile. Bíonn siad go dtí n-a mbolg i bhféar i dT. na M. chuile oíche acu. Ní mór dóibh a mbeathú go maith agus a gcuirtear d'obair orthu. Tá obair an tseanasail ar iarraidh. Tugaidís é siúd don deachma anois. Is beag thairis is fiú é
 
Dea-chomharsa é Séamas. Go deimhin duit ní tada eile é
 
Diabhal mé go mb'fhiúntaí dhó mála na déirce a chur air féin ceart ná a bheith ag imeacht ag iarratas mar sin. Níl ní dhár dhealbh an ghrian dá chuid féin aige, ach rite ag an gcomharsa ag begéireacht chuile ré solais
 
Is beag den deireanas éirí seo a bheadh ort dá ndéanthá aithris ar do chomharsa bhéil dorais. Is maith moch a bhíos seisean ina shuí chuile lá
+
deis
Níor fhága sé sop feamainne sa gcladach anuraidh nár sciob sé. Dheamhan sop muis. Bhí an snáth bailithe aige i gcónaí uair roimhe lá, agus ba dona an deis a chuir sé uirthi ina dhiaidh sin: a fágáil ina meall thuas ar bruach nó gur lobh sí — gur lobh chuile dhosán ariamh di. B'fhearr leis sin féin chreidim, ná a feiceáil ag dul chun sochair don chomharsa
TUILLEADH (1) ▼
Mura bhfuil seisean ar dheis na glóire, is trua don chuid eile againn. Níor ghoid sé ná níor fhuadaigh sé, ná níor chuala aon duine ach an dea-fhocal as a bhéal ariamh faoin gcomharsa. Go dtuga Dia a luach dó!
 
diabhal 1
Diabhal an beag dhuit a dhonacht a chomharsa!
 
Is mór an siamsa é. Nach fearr é ná a bheith ag gearradh na comharsan. Is mór atá eatarthu mo léan. Deir siad an áit a mbíonn fiannaíocht nach mbíonn diabhlaíocht. Ach 'sí an diabhlaíocht uileag atá anois ann, agus níl aird ar bith ar an bhfiannaíocht
 
Má tá sí chomh diaganta agus atá a ligean amach, is deas uaithi a dhul ag cúlchaint ar a comharsa ina dhiaidh sin. Níl rud ar bith is luar liom ná an tslíomadóireacht sin
 
Is maith an dícheall dom pínneachaí a choinneáil caite amach libh. Tá trálach (tálach) in mo láimh le uair dhá gcaitheamh amach anseo, agus sibhse dhá gcrapadh. Tá mé bánaithe agaibh. Cáit cúig iontaithe thú féin astu, a chomharsa
+
Dheamhan duine ar fhéad sé sin ariamh é nach ndearna sé díchúis air. Tá fíor-dhroch-chroí aige. Is bró mhuilinn dó sin a shaol mar is mór leis chuile dhuine, ná rud ar bith a bheith ag an gcomharsa
TUILLEADH (1) ▼
Ná bac le ceann ar bith atá ag iarraidh díchúise a dhéanamh ar a chomharsa go hacht is go háirid mar sin. Tá agat é a sheachaint. Ní bheidh Dia ná duine buíoch dhó. Is beag an baol
 
Níl sé dlisteanach ag duine ar bith a dhul ag tógáil cuid na comharsan, ach ní miste sa mí-ádh le cuid de na daoine é ach an rud a fhuadach má fhaigheann siad faill air
 
Is beag an mhaith dhomsa dlúthghaolta lá an anó. Is fada uaim a bheas siad an lá sin. Má bhíonn rud agat, ar do chomharsa atá agat comaoin a chur ar an gcéad iarraidh. Bíonn duine as tuilleamaí gaolta, ach ní bheidh sé as tuilleamaí na comharsan go deo
 
do 1
Is comharsa mhaith dhuit é
 
dochar
Ba é a bhuac a bheith ag déanamh dochair dá chomharsa
 
Deartháir do Thadhg Dónall. Dheamhan tada dhá thais ag fear an bhaile s'againne. Chaithfeadh sé Lá Fhéile San Seáin ó réalt go réalt, agus ní iarrfadh sé ar an bhfad sin ach ag coiriú ar a chomharsa
 
Nach é an ríste é nach mbeadh fataí aige féin agus gan a bheith i dtuilleamaí na comharsan d'acht is go háirid. Fuair sé dradmhála anseo muis an lá faoi dheireadh
 
droch-
Níor chuala tú ariamh aige ach an drochfhocal dá chomharsa — ní mholann sé a chomharsa
 
Measaim gur shíl sé dubhní a dhéanamh murach gur rugthas air. Bhí a raibh sa teach imithe amach ach tháinig bean chomharsan isteach ag iarraidh rud eicínt agus fuair sí ar sliobarna as an mboimbéal é. Tháinig cúnamh ansin agus cuireadh fios ar an dochtúr agus ar an sagart ar an bpointe. Dheamhan ceo a d'fhan air ar chaoi ar bith. 'Sé an fear staidéarach é anois
 
Sin é a gcuid dúnárais sin i gcónaí, chuile rud a dhéanamh ar chúla téarmaí agus i ngan fhios don chomharsa. D'fhiafraigh mé dhe inné cén chaoi a raibh P. 'Maith go leor,' adeir sé, agus ní bhainfeadh fear agus píce tí ba (ní ba) mhó as. An chéad rud eile, agus mé thuas sa ngarraí, chonaic mé an sagart ag dul tharam. Sin é an uair a chuala mé gur ag cur na hola ar Ph. a bhí sé. Chuaigh mé isteach ann ar mo bhealach suas. Níor labhair aon duine sa teach liom — dubh bán ná dubh buí. B'éigean dom féin a dhul agus an doras a bhrú siar sa seomra. Murach go ndearna mé féin é, ligfí amach aríst mé d'uireasa a feiceáil. D'fhiafraigh mé inniu dhe aríst cén chaoi a raibh sí. 'Maith go leor,' adeir sé, agus shílfeá go mba mhó an guth a bhí aige orm faoina fiafraí beag ná mór. Nach deacair a bheith ag iarraidh maitheasa ar a leithide sin
+
"Is léir duit an dúradán atá i súil na comharsan ach ní léir duit an tsail mhór in do shúil féin" (seanfhocal) — dúradán = mote, speck; sail = beam. Is léir do dhuine locht dá fhánaí ar an té údan eile, ach ní léir dó locht dá mhéad air féin. Cuireann sé milleán gach rud ar dhaoine eile, agus gan é ag ligean ina ghaire gurb é féin is mó is ciontsiocair leis
TUILLEADH (4) ▼
Ní fhaca tusa ariamh S. Mh. a bhí ansin thoir. Is minic a chuala mé dhá rá é go ndéana Dia grásta air: 'is léir dó go maith an dúradán i súil na comharsan, ach ní léir dó an tsail mhór ina shúil féin.' Bhí seanliagáistí móra ag S. Mh.
Sin é an seamsán a bhíodh ag an Athair P. i gcónaí nuair a bhíodh sé ag cur chomhairle ar bith ar an bpobal: 'is léir dó an dúradán faoi shúil a chomharsan ach ní léir dó an tsail mhór faoina shúil féin.' Ba bhreá ón Athair P. seanmóir a dhéanamh nuair a bhuaileadh sé fúithi. Maidir le na sagairt a bhí ó shin ann, ní bheadh a fhios ag duine céard a bheadh siad a rá. Ach bhí an chaint aige siúd ina chomharthaíocht féin
Ní raibh call di a dhul chomh fada ó bhaile chor ar bith má ba léithe a dhul ag cur milleáin ar aon duine. Bhí an seanscraiste siúd sa gclúid aici chomh mór a mhilleán le duine ar bith eile. Is maith mo léan, a d'fheicfeadh sí an dúradán faoi shúil na comharsan ach nach bhfeicfeadh sí an tsail mhór faoina súil féin. Bhí an tsail mhór aici muis ar an teallach — agus sail gan mórán maitheasa (a fear féin)
Is diabhlaí an t-aon é. Ag caitheamh agus ag cáineadh agus ag baint fogha is easpa as chuile dhuine ar an gcaoi sin. Séard a bhí a dhéanamh leis, an chaint a bhíodh ag a athair — go ndéana Dia maith air — a mheabhrú dó. Chuile uair a gcloiseadh an t-athair duine ag gearradh na comharsan séard adéarfadh sé i gcónaí: 'Is léir do dhuine an dúradán i súil na comharsan ach ní fheiceann sé an tsail mhór ina shúil fhéin.' Ba bheag ab ionann é féin agus an mac seo anois. Níor chuala aon duine ariamh an t-athair ag gíbliú (díbliú) ar aon duine, ní hé a fhearacht sin ag an mac é. Ón máthair a thug an mac an cheird sin. Murab ea ní ón athair