Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

comharsa (22)

 
abair
Is mór adéarfá le duine nach mbeadh aon-fhód móna aige féin a dhul ag tabhairt mála as cruach na comharsan, ach iadsan agus a gcuid móna féin buailte orra
 
dalba
Nach dalba an bealach atá leis: ag imeacht mar sin ag biadán agus ag coireamhaint ar a chomharsa, agus i gcomhnaí ag ollúchan achrainn. Dheamhan sástuigheacht aige ann mara bhfeicidh sé daoine i mbroinnleachaí a chéile, agus ag troid agus ag achrann. Sin é a bhuac
 
Diabhal mé go mb'fhiuntaighe dhó mála na déirce a chur air féin ceart ná a bheith ag imeacht ag iarratas mar sin. Níl nídh dhár dhealbh an ghrian dá chuid féin aige, ach rithte ag an gcomharsa ag "Begéaracht" 'chuile ré soluis
 
Is beag de'n deireannas eirghe seo a bheadh ort dá ndéanthá aithris ar do chomharsa bhéil doruis. Is maith moch a bhíos seisean in a shuidhe 'chuile lá
 
deis
Mara bhfuil seisean ar dheis na glóire is truagh do'n chuid eile againn. Níor ghoid sé ná níor fhuadaigh sé, ná níor chuala aon-duine ach an deagh-fhocal as a bhéal ariamh faoi'n gcomharsa. Go dtugaidh Dia a luach dó!
 
diabhal 1
Diabhal an beag dhuit a dhonacht a chomharsa!
 
Is mór an siamsa é. Nach fearr é ná a bheith ag gearradh na comharsan. Is mór atá eatorra mo léan. Deir siad an áit a mbíonn fiannaíocht nach mbíonn diabhlaíocht. Ach sí an diabhlaíocht uiliog atá anois ann, agus níl áird ar bith ar an bhfiannaíocht
+
Dheamhan duine ar fhéad sé sin ariamh é nach ndearna sé dí-chúis air. Tá fíor-dhroch-chroidhe aige. Is bró mhuilinn dó sin a shaoghal mar is mór leis 'chuile dhuine, ná rud ar bith a bheith ag an gcomharsa
TUILLEADH (1) ▼
Ná bac le ceann ar bith atá ag iarraidh díochúise a dhéanamh ar a chomharsa go h-acht agus go h-áirid mar sin. Tá agad é a sheachaint. Ní bheidh Dia ná duine buíoch dhó. Is beag an baol.
 
Níl sé dlisteanach ag duine ar bith a dhul ag tógáil cuid na comharsan, ach ní miste ins an míádh le cuid de na daoine é ach an rud a fhuadach, má fhaghann siad fáill air
 
Is beag an mhaith dhomsa dlúth-ghaolta lá an anshógha. Is fada uaim a bhéas siad an lá sin. Má bhíonn rud agad, ar do chomharsa atá agad cumaoin a chur ar an gcéad-iarraidh. Bíonn duine as tuilleamaí gaolta, ach ní bheidh sé as tuilleamaí na comharsan go deo
 
do 1
Is comharsa mhaith dhuit é
 
dochar
Ba é a bhuac a bheith ag déanamh dochair dá chomharsa
 
Dearbhráthair do Thadhg Domhnall. Dheamhan tada dhá thais ag fear an bhaile se'againne. Chaithfeadh sé lá 'eil' San Seáin ó réalt go réalt, agus ní iarrfadh sé ar an bhfad sin ach ag coireadh ar a chomharsa
 
Nach hé an ríste é nach mbeadh fataí aige féin agus gan a bheith idtuilleamaí na comharsan d'fheacht agus go h-áirid. Fuair sé drad-mhála annseo muis an lá faoi dheireadh
 
droch-
Níor chuala tú ariamh aige ach an droch-fhocal dá chomharsa = ní mholann sé a chomharsa
 
Measaim gur shíl sé dubh ní a dhéanamh, marach gur rugthas air. Bhí a raibh san teach imithe amach ach tháinic bean chomharsan isteach ag iarraidh rud eicínt agus fuair sí ar sliobarna as an mboimbéal é. Tháinic cúnamh annsin agus cuireadh fios ar an dochtúr agus ar an sagart ar an bpuínte. Dheamhan ceó a d'fhan air ar chaoi ar bith. Sén fear staidéarach é anois
+
"Is léar duit an dubhradán atá i súil na comharsan ach ní léar duit an tsail mhór in do shúil féin" (sean-fhocal) = dubhradán = mote, speck. sail = beam. Is léar do dhuine locht dá fhánaighe ar an té údan eile, ach ní léar dó locht dá mhéad air féin. Cuireann sé milleán gach rud ar dhaoine eile, agus gan é ag leigean in a ghoire gurb é féin is mó is cionntsiocair leis
TUILLEADH (4) ▼
Ní fhaca tusa ariamh S. Mh. a bhí annsin thoir. Is minic a chuala mé dhá rádh é go ndéanaidh Dia grásta air: "is léar dó go maith an dubhradán i súil na comharsan, ach ní léar dó an tsail mhór in a shúil féin." Bhí sean-liagáistí móra ag S. Mh.
Sin é an siomsán a bhíodh ag an Athair P. i gcomhnuí an uair a bhíodh sé ag cur chomhairle ar bith ar an bpobal: "Is léar dó an dubhradán faoi shúil a chomharsan ach ní léar dó an tsail mhór faoin a shúil féin." Ba bhreagh ó'n Athair P. seanmóir a dhéanamh, an uair a bhuaileadh sé fúithe. Maidir le na sagairt a bhí ó shoin ann, ní bheadh a fhios ag duine céard a bheadh siad a rádh. Ach bhí an chaint aige siúd in a chomharthaidheacht féin
Ní raibh call di a dhul cho fada ó bhaile chor ar bith má ba léithe a dhul ag cur milleáin ar aonduine. Bhí an sean-scraiste siúd ins an gclúid aice cho mór 'e mhilleán le duine ar bith eile. Is maith mo léan a d'fheicfeadh sí an dubhradán faoi shúil na comharsan ach nach bhfeicfeadh sí an tsail mhór faoin a súil féin. Bhí an tsail mhór aice muis ar an teallach — agus sail gan mórán maitheasa (a fear féin)
Is diabhluí an t-aon (t-aen) é. Ag caitheamh agus ag cáineadh agus ag baint fogha agus easbaidh as 'chuile dhuine ar an gcaoi sin. 'Séard a bhí a dhéanamh leis an chaint a bhíodh ag a athair — go ndéanaidh Dia maith air — a mheabhrú dó. 'Chuile uair a gcloiseadh an t-athair duine ag gearradh na comharsan 'séard adéarfadh sé i gcomhnuí: "Is léar do dhuine an dubhradán i súil na comharsan, ach ní fheiceann sé an tsail mhór in a shúil fhéin." Ba bheag ab ionann é féin agus an mac seo anois. Níor chuala aon-duine ariamh an t-athair ag gíbliú (díbliú) ar aon-duine, ní hé a fhearacht sin ag an mac é. Ó'n máthair a thug an mac an cheird sin. Marab eadh ní ó'n athair.