Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deá chroí
ainmfhocal, fireann
 carannacht, fáilíocht, lághaíocht, soilíosacht, garúlacht, agus rl.
+
Tá deá chroí aige
D'íosfadh sé le gearabalacht mar sin thú, agus shílfeá go mbeadh sé dháiríre. Ní fhaca tú aonduine ariamh a bhfuil cúl a chainte leis, mar atá leis. Ach dhá dteagthá ina línn nó dhá n-iarrfá aon-cheo air, dheamhan duine in Éirinn is soilíosaí ná é. Th'éis cho h-amscaí agus atá sé tá deáchroí aige ina dheidh sin.
TUILLEADH (1) ▼
Is mór is fiú an deáchroí a bheith ag duine hé brí céard is cor dó thairis sin.

Féach freisin