Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dea-chroí
ainmfhocal, fireann
 carthanacht, fáilíocht, láíocht, soilíosacht, garúlacht, srl.
+
Tá dea-chroí aige
D'íosfadh sé le gearblacht mar sin thú, agus shílfeá go mbeadh sé dháiríre. Ní fhaca tú aon duine ariamh a bhfuil cúl a chainte leis mar atá leis. Ach dhá dteagtá ina lín nó dhá n-iarrfá aon cheo air, dheamhan duine in Éirinn is soilíosaí ná é. Théis chomh hamscaí agus atá sé, tá dea-chroí aige ina dhiaidh sin.
TUILLEADH (1) ▼
Is mór is fiú an dea-chroí a bheith ag duine, hé brí céard is cor dó thairis sin.

Féach freisin