Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deádhuine
ainm-fhocal, fireann
 duine macánta cneasta, deáchroíúil.
+
Seachain an drochdhuine, agus ní baol duit an deádhuine (sean-fhocal)
Is fiú an anachain a sheachaint, adeir siad. Má leigeann tú thart an drochdhuine, ní baol duit an deádhuine
TUILLEADH (2) ▼
Níor mhinic deádhuine ag crosbhóthar Dh. Fh. = drochdhaoine a thaithíos ann
Ní deádhuine ar bith é sin duit le bheith ag tabhairt chomhlódair dhó

Féach freisin