Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dea-dhuine
ainmfhocal, fireann
 duine macánta cneasta, dea-chroíúil.
+
Seachain an drochdhuine, agus ní baol duit an dea-dhuine (seanfhocal)
Is fiú an anachain a sheachaint adeir siad. Má ligeann tú thart an drochdhuine, ní baol duit an dea-dhuine
TUILLEADH (2) ▼
Níor mhinic dea-dhuine ag crosbhóthar Dh. Fh. — drochdhaoine a thaithíos ann
Ní dea-dhuine ar bith é sin duit le bheith ag tabhairt chomhluadair dhó

Féach freisin

dea-dhuine in iontrálacha eile (11)

 
Is fhearr dhuit bleid nathaíocht a bhualadh ar dhuine eicínt eile ná ar T. Mh. Ní bheidh tada dhá bharr sin agat ach na físeachaí agus an pínneachaí corra ag imeacht duit. Síleann tú go bhfuil dea-chaint agat! Is beag an ghair atá agat air siúd
 
imigh
Cén uair a chonaic tú drochdhuine ag imeacht. Nach é an dea-dhuine a imíos i gcónaí — 'sé an dea-dhuine a fhaigheas bás i gcónaí in áit an drochdhuine
 
D'fheicfeá dea-bhealach eicínt le chuile dhuine, ach leis féin. Níl a leithide ag siúl leis. Diabhal corónta é!
 
Is cuma do dhuine beirthe é má fhaigheann sé dea-bhás
 
Tá chuile dhuine ag gabháil leis dea-bhéasach. Ní bheidís aige siúd mura mbeadh. Thóg sé go bog muirneach múinte iad. Tá a shliocht orthu
 
Ní iarrfadh sé go deo ach ar an dea-chaint sin. Is bia agus beatha leis í, hé brí cén sásamh a fhaigheas sé aisti. Ach sin é an chaoi. Ní hionann tréathra do chuile dhuine
 
Nach beag an lua agat an dea-fhocal a bheith agat. Ach ba deacair dhuit agus an dream atá tú a thaithiú. Cuirfidh siad sin i mbealach do bhasctha tú feicfidh tú fhéin air. Ach bíodh agat. Beatha do dhuine a thoil adeir siad
 
Níl aon mhaith do dhuine an rith fada a thabhairt air féin gan dea-lá
 
Is aisteach an rud é an duine doscúch. Tá sé in ann dea-chomhairle a chur ar an té a ghéilleas dó, agus gan comhairle ar bith aige dhó féin. Comhairle an duine doscúch, ar chuala tú ariamh é. Bhí sé ansin thiar — M. T. An sagart féin ní chuirfeadh comhairle a leasa ar dhuine chomh maith leis, agus ina dhiaidh sin féin, ní raibh fear ar bith le fáil ba mhí-ásaí ná é. Chaith sé a shaol ar fad le drabhlás agus le díth céille
 
'Sé drandal an mhagaidh a bhí ar chuile dhuine dhá dhream ariamh. Chonaic mise a athair — P. Mh. agus a uncail R. Ph. — agus chabálfadh chaon dhuine acu thú le dea-chaint. Ní raibh scéal ná amhrán acu, ach an nathaíocht bheag sin. Ach chuirfidís cosa beaga faoi na glasógaí leis sin féin
 
Chuala mé go minic go raibh geis ar an gcnocán sin: go raibh sé síúil. Deir chuile dhuine go raibh rudaí dhá fheiceáil ann. Ach ní raibh géilliúint ar bith aigesean do chúrsaí den tsórt sin. Bhí rachmall an airgid air, agus chaith sé ina cheann teach nua a dhéanamh. Ní bheadh aon shásamh aige ann go ndéanfadh sé ar an gcnocán sin é, théis go raibh chuile dhuine ag cur aithne air gan drannadh leis. Más é an tAthair M. féin é — 'sé a bhí anseo an uair sin — chuala mé gur dhúirt sé leis go mbeadh sé in aiféala mura bhfágadh sé an cnocán agus a raibh ann lena n-anó féin. Ach ní raibh aon chomhairleachan ina chionn ó chuirfeadh sé roimhe rud a dhéanamh. Bhí sé chomh dána le múille. Réab sé an cnocán as a lúdrachaí ar aon nós, agus rinne sé an teach. Tá sé fuar folamh ansin ó shin, mar a fheiceas tú féin é. Dheamhan duine a chónaigh ariamh ann sílim. Maraíodh an mac shul má bhí sé déanta. Sách fánach a maraíodh é freisin. Ord a thit den scafall air. Buaileadh síos an iníon agus chaill sé an domhnaíocht airgid léithe, ach ní dhearna sí aon mhaith ariamh. Thit binn an tí go talamh shul má bhí sé réidh. Shílfeá go mba in é a dhóthain de thaispeánadh, ach chuaigh sé ina éadan as dúshlán in athuair. Ní fhaca sé an chloch spideoige ariamh air. Bhí sé ag déanamh créafóige. Ón lá ar thosaigh sé ag orlaíocht ar an gcnocán sin — shílfeá gur beith a bhí air é — níor fhan rud istigh ná amuigh aige nár tháinig an díleá air. D'imigh a raibh aige agus ar chruinnigh sé go crua — d'imigh sé ina ghlae ghlas. B'éigean don bhean agus don chuid eile den chlainn lascadh leo as ar fad sa deireadh. Bhí an díleá ar a gcuid os comhair a dhá súil. Níl a fhios agam an raibh an oiread acu agus a thug go G. iad. Má bhí, dheamhan tada leis é. Níl duine ar a shliocht inniu; i gcruthúnas nach ceart d'aon duine a dhul ag cur araoid ar an slua sí — diúltaí muide dhóibh agus fuagraímid dea-chomharsanacht orthu!