Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Deaideó
ainm-fhocal
ainm-muirne nó teantáis ar sheanathair.
·
Ba mhaith an cneagaire é a dheaideó muis. Ní dheachaidh blas a phighne ar bhéal aonduine ariamh. Bhí a shliocht 'ar ndú'. Rinne sé taisce. Ba é a rinne.
"Punt do dheaideo agus punt do mhamó, agus punt eile len ól ag cailleach an airgid. 'Sí mo mhamó í; 'sí go deó deó í, 'sí mo mhamó í, 'Sí cailleach an airgid" (caint a chuirtear le port, "Tadhg an Ghrádha" sílim nó na "Rockie Roads to Dublin". Bíonn sé le crónán páistí freisin)
·
'Bhfuil aithne agad ar Cháitín Dheaideo?

Féach freisin