Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deaideo
ainmfhocal
ainm muirne nó teanntáis ar sheanathair.
·
Ba mhaith an creagaire é a dheaideo muis. Ní dheachaigh blas a phínne ar bhéal aon duine ariamh. Bhí a shliocht ar ndóigh. Rinne sé taisce. Ba é a rinne.
"Punt do dheaideo agus punt do mhamó, agus punt eile le n-ól ag cailleach an airgid. 'Sí mo mhamó í; 'sí go deo deo í, 'sí mo mhamó í, 'Sí cailleach an airgid" (caint a chuirtear le port, Tadhg an Ghrá sílim nó na Rockie Roads to Dublin. Bíonn sé le crónán páistí freisin)
·
An bhfuil aithne agat ar Cháitín Dheaideo?

Féach freisin