Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Deamhan
/jūn/
mion-fhocal cainte
1.
+
Dheamhan a fhios agam céard a rinne sé (diabhal a fhios agam; daidhean a fhios agam)
Dheamhan a fhios agam muis! B'fhearr dó gan bacadh leis sílim
TUILLEADH (6) ▼
Dheamhan a fhios cé'n scéal é! Breagh nach ndeárna sé ceann ar aghaidh agus gan loiceadh mar sin
Dheamhan a fhios agam cé'n scéal é! Saol gradha é
Dheamhan a fhios céard is fhearr a dhéanamh
Dheamhan a fhios cés fhearr an luas ná an mhoill
Dheamhan a fhios go té sin (dheamhan a fhios do'n té sin?)! B'fhéidir gur thoir atá sé fós = níl a fhios go barainneach; níl a fhios ag aonduine nach thoir atá sé
Dheamhan a fhios nach marbh atá sé faoi seo
+
Dheamhan duine ar bith istigh
Ara dheamhan bó! Cá bhfuigheadh sé siúd beithigh!
TUILLEADH (5) ▼
Dheamhan cárr ná cuid de charr aige siúd
Dheamhan an méid sin féin aice, th'éis gur beag é
Dheamhan thar ráithe de'n laogh sin fós
Dheamhan go dtí ceann an bhóithrín annsin thíos ann. Tá a fhios agad coirnéal an Droichid Mhóir. Casadh ar thaobh do chiotóige annsin, agus beidh tú ann faoi cheann cúig nóiméad
Dheamhan go dtí tí Mh. ann. Shiúilfeá dhá nóiméad é
+
Dheamhan san ngarraí dhó muise
Dheamhan ar an mbóthar dhe
TUILLEADH (1) ▼
Dheamhan agam dó hébrí cár chuir mé é
+
Dheamhan an measa beirthe é a dhuine bhoicht. Sin é an chaoi. 'Chuile bhuille in aghaidh an duine bhoicht go bhfoiridh Dia orainn (níl mé ro-chinnte gur an .i. "dheamhan an", is cóir a scríobhadh i gcásannaí den tsórt seo. fuaim /ə/ atá ann)
Dheamhan an miste liom! Déan é má thograíonn tú
TUILLEADH (9) ▼
Shiúil tú sé mhíle. Dheamhan an beag duit sin
Trí phunt atá ort. Dheamhan an beag dhuit é
Dheamhan an gearr liom é chor ar bith ach is daor liom é
Dheamhan arb fhuláir do'n fhéar seachtain anois
Dheamhan ar lúar (luaghar, lughar) leis an sioc ná mé
Ara éist! Dheamhan an breácha í ná an bhean atá annsin thiar ag M. M. agus bíonn sí ag scaradh móna 'chuile lá
Dheamhan níos airde ná sé troighthe é. Féach leis é anois
Dheamhan ar lú é ná J.
Dheamhan an mó an coca sin ná a choca-seisean
+
Dheamhan maith a bhí dhó liom! Ní ólfainn an sileadh uaidh
Dheamhan gar (maith) a bheith ag caint! Má rinne sé sin anois d'imigh an diabhal craithte air
TUILLEADH (10) ▼
Dheamhan ceann annseo ná de'n diabhal ceann!
Dheamhan truaighe ar bith é. An té nach gcuirfidh san Earrach ní bhainfidh sé san bhFómhar, adeir siad
Dheamhan go h-olc de'n lá
Dheamhan go dona dhíom marach cho spadtha agus atá mé
Ara céard sin ort! Dheamhan te dhó inniú!
Dheamhan annseo ach sé cinn de chearca. Ní féidir gurb é an scafaire ruadh a bheadh ag sireoireacht aríst!
Dheamhan ach trí cinn agam
Dheamhan oiread agus leithphínn aige
Dheamhan thiomanta oiread agam agus a d'íocfadh an bus dom
Dheamhan méid agamsa air
+
Dheamhan siar a ghabhfas sé muis
Dheamhan isteach a chuirfeas tú é
TUILLEADH (1) ▼
Dheamhan amach as a chorrós sé go lá speireadh na gcat!
+
Dheamhan buailte fós dó = dheamhan a bhfuil buailte fós dó
Dheamhan imithe di fós
TUILLEADH (4) ▼
Dheamhan ag feadaíl dó siúd!
Dheamhan déanamh! Baol air siúd tada a dhéanamh!
Dheamhan fiú agus teacht ar an mbaile a dhéanfadh sé anois!
Dheamhan seasamh fhéin a rinne sé, ach fanacht ag siúl
+
Dheamhan mac an aoin a chonnaic mé aréir!
Dheamhan ceo féin adúirt sé
TUILLEADH (14) ▼
Dheamhan oiread agus iarraidh ar an mbainis a rinne sé orm
Dheamhan oiread agus a fiafraí amháin a rinne sé th'éis gurb í a dheirbhshiúr í
Dheamhan Seán a leigfeadh isteach é nuair a tháinig sé
Dheamhan an bodach is athair duit a dhéanfadh é ní áirím thú féin
Dheamhan "is dona a rinne tú é" ná amháin adúirt sí leis an inín
Dheamhan sea ná ní h-ea adúirt sé ach a dhul amach
Dheamhan an smid féin a labhair sí
Dheamhan a chois chlí ná dheas a thiocfas isteach annseo aríst i mbliana
Dheamhan mo chois ná mo chnáimh a thaobhós é
Dheamhan fiú agus na cianóige a thug sí dhom
Dheamhan faoi thalamh ná as cíonn talúna a cheansódh é
Dheamhan 'na phortaigh a rachas mé aríst i mbliana
Dheamhan asam a bhainfinn é dhá mbeinn leis go deó
Dheamhan ó anocht go dtí amáireach a bhainfeadh sé as unsa tobac
+
Dheamhan an bhfuil le fáil di
Dheamhan a raibh ann ach triúr
TUILLEADH (7) ▼
Dheamhan an bhfaca mé de Sheán le fada ariamh an lá
Dheamhan an ndéanfadh sí é, dhá mbeadh Éire taobh leis
Dheamhan an abróidh mé tada
Dheamhan an gcuirfeá ag ruaigeadh na bpréachán an hata a bhí air
Dheamhan eisean adéarfadh tada marach an cháillteóigín í fhéin
Dheamhan liom a thiúrfainn choíchin é marach gur casadh P. N. a chúnamh dhom
Dheamhan linn a ghabhfadh sé ná cuid dhá ghabhail
+
Dheamhan agus go dtugaidh leis ceann = dheamhan ceann; diabhal ceann; deamhan /dəun/ ceann; den diabhal ceann; "divil" a one!; freagra ar "an bhfuil aon-tuitín (leabhar agus rl.) agad".
Dheamhan agus go dtugaidh leis ceann. Ná ceann a fuair mé le seachtain. Tá mé scrúdtha ceart críochnuithe
TUILLEADH (4) ▼
Dheamhan agus go dtugaidh leis ceann. Cá bhfuighinnse táirní?
Oinniúin! Dheamhan agus go dtugaidh leis ceann! Loic 'chuile cheann amháin orainn
Bric! Dheamhan agus go dtugaidh leis ceann. Tá an fharraige ro-bhainte
Scian ghéar atá tú a iarraidh. Dheamhan agus go dtugaidh leis ceann muis. Tá 'chuile scian san teach seo cho maol le lataí
+
Dheamhan's móide a dtiocfadh sé chor ar bith = b'fhéidir nach dtiocfadh; ach tá rud beag níos mó cinteacht ann nach dtiocfaidh sé ná tá i "ní móide go", nó "b'fhéidir nach"
Dheamhan's móide gurb é a chonnaic tú chor ar bith
TUILLEADH (2) ▼
Dheamhan's móide fata in a theach, th'éis a bhfuil de fhloscaí aige!
Dheamhan's móide cianóg ruadh a bhuachfadh sé air sin go bráth
+
Dheamhan é = freagra air "an bhfuil aon-airgead (tobac, rothar agus rl.) agad" nó "an ngabhfaidh tú ann" nó "an raibh Seán annseo" agus rl.
Dheamhan é. Céard a thiúrfadh mise ann
TUILLEADH (15) ▼
Dheamhan é. Ara dheamhan pínn! Tá muis!
Dheamhan é! Do cheann finne ní thriomódh aon-fhód móna ar an aimsir seo
Ní dheachaidh sí abhaile fós. Dheamhan é. Bainfidh sé scathamh eile amach
Ní imrím cárta ar bith. Dheamhan é. D'eirigh mé asta ar fad
Is beag an baol atá air siúd muis aon-bhrat pósta a dhul air. Dheamhan é
Ní raibh sé sin ann beag ná mór. Dheamhan é ach an oiread liomsa nachar chorraigh de'n teallach annseo
Ní ghabhfainn ar páighe chor ar bith aige. Dheamhan é, ná dhá dtugadh sé punt san ló dhom. Dar a shon go deimhin!
Ní dhéanann sé eirghe amach ar bith anois. Dheamhan é ná ó a cuireadh an bhean
Ní ghabhfaidh an aimsir 'un breáichte go ceann tamaill eile. Dheamhan é, nó go dtéaltaighidh an toirneach seo as an aer
Tá tú réidh le síochán anois ná aon-suíochan a fheiceál ar an domhan. Dheamhan é muis nó go n-imighidh an ball dubh de'n fheadóig
Níor tháinig aon-lá i mbliana a b'fhuaire ná é. Dheamhan é ná anuraidh ach oiread
Pósfaidh go deimhin! Dheamhan é ná dhá mbeadh liaga óir in a cúl!
Dheamhan é, ná dhá bhfaghainn Éire bronta orm! Is beag a bheadh le déanamh agam a dhul san tabhairt sin a leithide de lá
Dheamhan an ceann muis. Dheamhan é. Ba díol déirce le na daoine "na Meiriocánaigh" féin a fháil anois, ach níl siad sin féin ann
Ní raibh duine beag ná mór ann. Dheamhan é muise
2.
+
Dheamhan marar dhíol sé aríst í = dhíol sé aríst í (níl san "dheamhan" annseo ach neartúchan)
Dheamhan mara bhfuil go maith dhó míle buíochas le Dia = tá sé go maith
TUILLEADH (4) ▼
Dheamhan mara bean atá ann. Agus shíl mé gur fear a bhí ann i dtosach!
Dheamhan mara sagart é! Thiúrfainn an leabhar gurb é an splíota fada sin ag T. Ph. a bhí ag teacht an chéad-uair
Dheamhan mara fada a bhí tú leis!
Dheamhan murab é a mhac a rinne é
+
Dheamhan mé (Diabhal mé) go bhfuil moladh le Dia = freagra ar "is lá breagh é. (Tá an leagan seo "dheamhan mé" tréan i gcaint. Níl a fhios agam céard a bhaineas dó i gcúrsaí gramadaí)
Dheamhan mé nach h-eadh. Capall buí atá aige
TUILLEADH (4) ▼
Dheamhan mé gurb ea. Oíche bhreagh í
Dheamhan mé nach hé. Ní slaghdán ar bith é cébí céard é = samhlaíodh leis go raibh slaghdán air
Dheamhan mé gurb olc an chaoi do dhuine ar bith a chuid a fhágáil ar mhí-scríb mar sin
Dheamhan nach dochar go dtí é

Féach freisin

Deamhan in iontrálacha eile (50+)

 
Dheamhan buille a dhein sé ó mhaidin ach caite ar an gceann-fhearann ag séideadh tobac uaidh. Is dóigh go bhfuil se breóite ó ól an lae inné
+
Bhí an fear thiar dhá chaidhleadh le clocha. Dheamhan d'fhaitíos a bhí air (aige) roimhe in a dhiaidh sin!
TUILLEADH (1) ▼
Má thugann tú an tabhairt ort fhéin, agus an snáth-feamainne a eirí leat, scoilt go maith í, faitíos na heirimisce. Tá fir istigh ar an mbaile seo, agus ghabhfaidís síos in do dhiaidh ann, agus dheamhan a dhath carghaís a bheadh orra a tógáil ort. Shéanfaidís go raibh sí scoilte chor ar bith
+
fara
Níl aon-lonta dubha ná aon-chéirseachaí ag taithighe annseo chor ar bith anois, ó réitíodh na crígheannaí annsin siar. Dheamhan fara aca ann
TUILLEADH (1) ▼
Tá Micil réidh le gort agus garraí feasta. Dheamhan lúd ar bith fanta ann. Caithidís ar an bhfara anois é, thálta (ó thárla) nach bhfuil sé indon aon-cheo a dhéanamh
+
Tá díol a fhreastail (d'airgead) aige, ach dheamhan farasbar ar bith (níl pínn d'fharasbár aige)
TUILLEADH (3) ▼
Ní bheidh fearasbar ar bith sna sé galúin fuisce. Dheamhan fhios agam nach easbúch a bheadh muid fós
Ní fear an-láidir mar sin é T. Dheamhan a fhios agam a bhfuil earasbar (nirt) ar bith aige ar J. annseo thiar. Chuirfinn mo rogha geall dhá n-ionnsaíodh sé J. nach mbeadh a dhath le reic aige
Cén mhaith breáichte mara bhfuil rud eicínt in a haice? Dheamhan a dhath! Ní farasbar breáichte a chuireas bárr ar an bpota. Bíodh sí go breá nó ná bíodh, ach má tá sí in a gnathach maith agus an téagar a bheith san sparán aice, déanfaidh sí cúis
 
Bhí an t-urlár cho fliuch sin aige agus go mb'éigin dó a bhaint cúig nó sé de chuarta. Chuir sé líméar faoi, ach dheamhan maith a bhí ann. Bhí an ceann le fánaidh ag an uisce anuas annsiúd air. Thosaigh P. N. ag flithmhagadh faoi agus ag rádh go mba cheart dó a chrochadh agus farúch a chuir faoi mar a chuireas muinntir an Achréidh faoi na cruacha. Ba bheag nachar speir sé é.
+
Sé T. an té is measa liom ar an bhfeáin aca. Sé agus dhá mbeadh an oiread eile ann. Tá an croí mór aige. Dheamhan fear ariamh a rug ar scilling is lú scruball inte ná é
TUILLEADH (1) ▼
Níl garraí ar an bhfeáin agam nach bhfuil foirghe mar sin. Dheamhan uabhar i dtada ar chuma ar bith, ach i ngiosadáin. Níl ann ach an uair a bhíodh feamainn ghaineamh ag dul idir stucaí go mbíodh an talamh salach. M'anam gur sailighe go fada anois é tharéis nach bhfágtar gionnóid shalachair ann
 
Ag líonadh feánach móna ar an asal a bhí mé nuair a bhuail sé chugam aníos. "Tá 'fire' agus gríosach dhá dhéanamh ar mo chuid móna-sa", adeir sé. "Dheamhan fód dhá fhágáil agam. Beidh a shliocht orra muis. Gabhfaidh mise ag faire, agus an té a mbéarfaidh mé istigh air i mbéal na cruaiche, sin ní fhágfaidh sé".
 
Ólfaidh sé fhéin uilig é, fearacht an uair cheana. Dheamhan thiomanta deóir a fheicfeas aonduine go deó dhó (dhe) sin
 
Rinne sí cheithre leith den cháca, agus thug sí dóibh é: fearann an duine. Níor bhain sí fhéin oiread agus an bhearna bhruite as. Dheamhan é muis. Ba mhór an truaighe iad ar aon-chor: lucht bóthair agus bealaigh
 
Nach hí an fimíneach de bhó í ag bearradh drible an chuid eile mar sin. Dheamhan bó a chonnaic mé ag teacht as an ruta céanna ariamh nach mbeadh "demur" eicínt uirri
 
Thug J. amach an láirín agus é ag dul suas go F. "Ní fré chéile a chacfas sí seo" adeir sé, ag déanamh gaisce aisti. "Fan go bhfeice sib mise ag dul soir an bóthar sna feire glinnte uirre". Dheamhan dhá choisméig a ghabh an capall nó go raibh bualtrach déanta aice!
 
feiste
Ní annsin a theighim ag an Aifreann duth ná dath. Rug sé orm maidin Domhnaigh amháin ag teacht deireannach agus thug sé aghaidh mar a thiúrfá ar mhadadh orm. Tabhair glafairt air a dhuine chóir! "Dheamhan mé" arsa mise liom péin, "má scagaim mé fhéin uait an babhtaí seo, nach go luath a fheicfeas tú aríst mé!" Agus ní fhaca. Ní raibh mé in a fheiste ná in a fhínne ó shoin. Teighim suas go dtí an fear nach mbíonn doifeall aige roimh aonduine
 
feáin
Ní raibh fíth ná feáin air mara dteigheadh sé ar an bportach ag tógáil mhóna ar maidin. Diabhal aithne air nach tirm a bhí sí! "Dhá mba triomach go Nollaig é anois", adeirimse "dheamhan fód den tsraith siúd a bheadh le dhul i gcruach". Síleann sé má theagann anna mar sin go dtriomódh sí ar an bpuinnte. Tá sí réidh leis go haithbhliain muise
 
fiar
Cén diabhal ná deamhan a d'fhága an carr sin amuigh ar fiar ar an mbóithrín? An bhfeiceann sibh nach féidir le duine a dhul síos ná aníos aige?
+
fios
Cár fhága sé é adeir tú? Dheamhan a fhios agam fhéin
TUILLEADH (2) ▼
Dheamhan a fhios sin agam féin céard a bhíos sé a dhéanamh mar seo
Más ag iarraidh fios ormsa a bhí sé, tá sé gan fios anois muise. Dheamhan faice a leig mise leis
 
fliuch 2
Dheamhan méirín fhliuch a leag an máistir faoi dhó ariamh air, agus chuaigh sí soir ag sciolladóireacht air in a dheidh sin. Sin í an mháthair agad: ag borradh le cantalóir de ghasúr. Is gránna é a ceird
 
Bhí mise amuigh annsin thiar lá agus bhuail mé cuisle eistrí gan aireachtáil. Thug mé scríb fútha agus thóig mé na céata aca leis an líon. Bhí báid eile fúm agus tarm agus gan a fhios aca a raibh siad ann chor ar bith. Dheamhan fios muise ná ag an bhfear fobhairne a bhí liom san mbád sílim. Thiocfá ar chuisle mar sin scaití
+
focal
Dheamhan dhá fhocal cainte a bhí ann ar fad = áit a mbeadh troid in ainm agus a bheith ann
TUILLEADH (2) ▼
Shíl mise go n-éistfeadh S. leis, ach m'anam nar éist. D'áitigh sé ag tabhairt cor na bhfocal dó. Dheamhan priocadh dhár thug sé do Sh. nar thug S. priocadh ar a shon. D'fhuagair sé air go mbrisfeadh sé as an obair é. M'anam gur thug S. a dhúshlán.
Deir tú leis an lá faoi dheireadh a thosuigh ag tabhairt cor na bhfocal don mháistir. Nach mór an éisteacht a bhí ag an máistir leis, nar thosuigh dhá ghriosáil. Dheamhan griosáil muis. Sén chaoi ar thosuigh sé ag gáirí
 
Foillsíonn Dia an droch-ní i gcomhnaí dhá fhada go dtí é. Deir siad go bhfuil muilte Dé mall ach go meileann siad mín … Feacha an fear sin thiar. Mharuigh sé comrádaí leis ar an sliabh. Dheamhan a fhios agam ar mharuigh nós marar mharuigh — diúltaíomuid dhó — ach go raibh sé ráite leis. Nach maith a tháinig sé san saol gur thárluigh an cleas céanna dhá mhac fhéin. Thug an t-athair an eang leis. Ar an mac a hídíodh é
+
Chonnaic mé sean-fhear ann, a bhí foirghe leis an aois, agus má bhí fhéin, ba é a bhí coilgneach. Dheamhan mórán araoid ar bith a chuaigh air, nuair ba mhian leis maide a chur in u (ar) mbéal
TUILLEADH (1) ▼
Dheamhan neach an aoin istigh ar an mbaile nach bhfuil foirghe le fliú. Bhuail sé muid tá mí ó shoin, ach m'anam go bhfuil muid ag fuasaoid aríst. Níl rud ar bith cho haiféalach leis. Mara bhfuil ag Dia déanfaidh sé creach shul má stopfas sé.
 
folach 1
Dheamhan mála ag gabhail liom ach folachín. Ceannaíodh cupla mála anuiridh, ach níl snáth dhíobh indiaidh a chéile anois. Chuaigh siad síos san dá theach sin thíos, agus chuir siad sin a gcaoi fhéin orra
 
Níl d'fhortabháil ortsa ach thú fhéin agus is cuma dhuit cén t-am as seo go maidin a dtiocfaidh tú abhaile, ach tá cúram capaill ormsa, agus ach an oiread le scéal, dheamhan gráinne coirce a thug mé di fós inniu
 
Bíonn féar agus fóthar annsin mar is minleach ar fónamh é, ní hé sin don spíontán bradach atá anuas annseo. An bhfeiceann tú an baile sin thiar. Dheamhan dhá sheamaide istigh ar a fhuaid. Go deimhin ní talamh féir atá ann
 
Is cuma leis an mac atá san teach seo é, ach ag imeacht ag pramsáil leis. Dheamhan amharc a fheictear air aon-oíche Dhomhnaigh go mbíonn sé an h-aon a chlog ar maidin, ná an uair sin fhéin scaití
 
Dhá bhféadainn leath-bhróig eile a fháil anois a d'fhreagródh di sin, bheadh liom. Dheamhan poll ná puirín uirri sin. Meastú nach ndéanfadh gréasaí leath-bhróig dom?
 
Bhí sé cho maith dom a bheith caite amach i bpoll an tslugaide annsin amuigh, ar scáth a bhfuair mé de fhreagairt. Dheamhan a shúil. Tháinig mac siúáin faoi dheireadh. Dúirt mé liom féin annsin go raibh sé in am a bheith ag glionndáil as
 
Tháinig F. aréir le leoraí móna a cheannacht uaidh ach dheamhan leoraí freagrach aige. Níl ann ach a bhfuil istigh ar an bportach = feiliúnach; in áit chóiriúil; í a bheith so-láimsithe
+
Cén aois an stuimpín sin? Sé bliana? Sí atá freochanta a mh'anam. Níl a dhath coimhighis uirre a thiacht isteach annseo. Dheamhan é muis
TUILLEADH (2) ▼
Ná cuir araoid ar bith air. Tá sé sin te friochanta. Cá dtriallfaidh sé anois? Dheamhan a fhios aige fhéin sin chreidim, ach é indiaidh a chinn roimhe mar sin
Tá sé cho giorraisc len a bhfaca tú ariamh. Chreidim dheamhan neart aige air. Bhí sé ag obair in éindigh linne, nó gur buaileadh síos é. An tinneas a rinne cho freochanta é sílim (cantalach, mí-fhoighdeach). Tá sé as a shlainte
+
Ní bhíonn freigisí ar stocaí anois cho coitianta agus a bhíodh fadó. An déanamh sleamhain a thugtar orra ar fad ar an saol seo. Dheamhan a bhfuil sé de stuaim sna mná atá ann anois freigisí a chur ionta
TUILLEADH (2) ▼
Tá léinteachaí na bfrugaisí caite in aer. Diabhal a bhfuil sé achar ar bith ó a rinne mise ceann aca do Sheán annseo, ach dheamhan a chos a chaifeadh í. "Leis an tír a bheith ag tabhairt sunntais dom", adeir sé. "Ní bhíonn siad sin anois ach ar shean-daoine". "T'anam cascarha ón diabhal" adeirimse leis. "Tá sí sách maith agad. Chaith fir ab fhearr ná thú iad, agus ba bheag an locht a bhí aca orra".
Ní chuirtear na freigisí sin anois ar chótaí cóirithe chor ar bith. Dheamhan cóta gibíneach a chonnaic mé le mo chuimhne. Ba dheas iad na gibíní
+
Is beag é do mheas ar an bhfrídeóir, ach deirimse leat gurb shin é an gnaithíoch. Marach é sin is fadó ariamh an lá a bheidís de dhruim tí. Maidir le bheith i gcleithiúnas an mhac is sine! Bheidís ar deireadh muis! Dheamhan déantús maitheasa ar bith annsin!
TUILLEADH (1) ▼
Chuaigh sí go frídeóir i bhfarraige ar an gcéad-amhóig in Éirinn. Shíl mé go raibh muid réidh. Dheamhan muise gurb shin é an lá a raibh mise idir an t-aighre agus an tanaí ceart críochnaithe. Ach d'eirigh linn a ceannsú in a dheidh sin
 
Ní fhaca tú aon-bheitheach fuaidreamh timpeall san ruta seo le dhá lá? Dheamhan a fhios agam ó Neamh na Néal, cá dtug siad a n-aghaidh
 
Thainig an bullán mór sin aige isteach an bhearna chugam trathnóna agus thoisigh sé ag bualadh na mbeitheach orm. Dheamhan a leithide d'fhudarnéis a chonnaic tú ó chuaigh tú in ord Mhuire agus a bhí ionn. Shíl mé nach bhféadfainn a chur amach chor ar bith
+
Is breá scolbánta an fás fir é bail ó Dhia air! Chonnaic mé ag fuiléimneach annsin thíos in éindigh le na gearrbhodaigh Dé Domhnaigh é, agus má bhí fhéin dheamhan tuilleamaí a bhí aige le ceachtar aca. 'Ag dul in a mháistir scoile atá sé siúd?
TUILLEADH (1) ▼
Thosaigh an capall ag fuiléimneach agus ag fiodarinnce ar fud an gharraí cho luath agus a chuir mé isteach an bhearna í. Dheamhan a leithide de mhacnas! Shílfeá nach bhfaca sí an áit amuigh cheana le mí. Neart díomhaontais!