Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dlaoithiú
Briathar as dlaoi.
Aidiacht-bhriathar: dlaoithte, dlaoithighthe
1.
rud a réidhteach igcaoi agus go mbeadh sé in a dhlaoitheannaí.
+
Déan é a dhlaoithiú (nó a dhlaoitheachan) amach anois
Bhí sí ag dlaoithiú a cuid gruaige = gruaig chuileach nó gruaig a bheadh in aimhréidh; a réidhteach nó go mbeadh sí in a dlaoitheachaí
TUILLEADH (4) ▼
Chíor sé agus dhlaoithigh sé anuas drioball an chapaill
Dhá mbeadh suim in t'asal agad, gheobhfá do chíor agus do raca, agus dhlaoithfeá anuas muing an asail sin, nó go mbeadh sé ar nós an asail a bhíodh ag an mbeirt chailleachíní a bhí ar an mB. Á. Tá tú in do dhroch-cheann do'n asal!
Ba cheart dó scóthach an chapaill siúd a bhearradh agus a dhlaoithiú amach. Is mór an slacht ar chapall "jaunt" a drioball a bheith puínteáilte. Ach mo léan géar! Ní chuirfidh sé siúd tada dhá easonóir air fhéin
Tá sí ag spíonadh agus ag dlaoithiú na h-olla. Má tá féin, ní beag dhi sin. Dheamhan mórán bean tighe anois a gheobhfadh an oiread sin dhá h-anró. Sníomhfaidh sí féin ar ball í freisin. Tá an túirne aice i gcomhnaí
2.
an craiceann a bhaint de shlata nó d'fhidheoga (fc. dlaoi).
+
B'fhearr dhuit an ghlaicín slat sin a dhlaoithiú. Dubhairt sé siúd go dtiocfadh sé aniar ar ball le ciseoig a dhéanamh. Go leigidh Dia a shláinte dhó! Tá muid in an-chaoi cheal ciseoige. Níl fad a méire againn
Caithfidh tú a gcur síos dhá mbruith 'un tosaigh. 'Ar ndú, ní ag ceapadh atá tú go bhféadfaidh tú a ndlaoithiú mar sin fuar beithidheach (fc. dlaoiníní)
TUILLEADH (5) ▼
'Bhfuil a fhios agad cé'n chaoi ar chaith mé an lá: ag dul ag dlaoithiú sailighe l'aghaidh ciseáin. Tá rud beag seifte aice féin, agus dheamhan a dhath de chiseán aice a d'iomchróchadh Gaillimh aon-tSatharn beo é. Deir siad go bhfuil ciseáin dhá ndíol i nGaillimh, ach mo chreach mhaidne, ní saill gan fiacha iad sin
Ar dhlaoithigh tú na slata chor ar bith? Cé'n sórt gaotta thú féin! Pota uisce síos go beo. Seogaidh! Chugad! Níl aon-bhreith ar an obair seo! Caithfidh an chiseoig a bheith déanta indiu
Casadh isteach tigh T. Mh. mé agus an bhfuil a fhios agad cé'n cheird a bhí air: ag dlaoitheachan bhruibh. Má bhí féin ní raibh sé ag fágáil bun-chleite isteach ná barr-chleite amach in a ghnaithí
Diabhal a fhios agamsa arbh fhuláir duit na slatachaí sin a dhlaoithiú 'un tosaigh, má's ag dul ag deasú na cathaoireach sin atá tú. D'aclóchadh sé go breagh iad. Is beag an mhaith dhuit an chathaoir sin a dheasú. Tá sí críon ar fad. Níl aon-tslat ag gabhail léithe nach bhfuil críonta
Cá bhfios domsa cé'n chaoi le fidheogaí a dhlaoithiú. Dlaoithigh thú féin cupla ceann aca idtosach go bhfeicidh mé. D'fheannfainn bó nó caora, i bhfad uainn an anachain, ach fidheógaí a dhlaoithiú …

Féach freisin