Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dlaoithigh
briathar as dlaoi
ainm briathartha: dlaoithiú
aidiacht bhriathartha: dlaoite, dlaoithithe
1.
rud a réiteach i gcaoi is go mbeadh sé ina dhlaoitheannaí.
+
Déan é a dhlaoithiú (nó a dhlaoitheachan) amach anois
Bhí sí ag dlaoithiú a cuid gruaige — gruaig chuileach nó gruaig a bheadh in aimhréidh; a réiteach nó go mbeadh sí ina dlaoitheachaí
TUILLEADH (4) ▼
Chíor sé agus dhlaoithigh sé anuas drioball an chapaill
Dhá mbeadh suim in t'asal agat, gheofá do chíor agus do raca, agus dhlaoithfeá anuas moing an asail sin nó go mbeadh sé ar nós an asail a bhíodh ag an mbeirt chailleachíní a bhí ar an mB. A. Tá tú in do dhroch-cheann don asal!
Ba cheart dó scothach an chapaill siúd a bhearradh agus a dhlaoithiú amach. Is mór an slacht ar chapall jaunt a drioball a bheith pointeáilte. Ach mo léan géar! Ní chuirfidh sé siúd tada dhá easonóir air fhéin
Tá sí ag spíonadh agus ag dlaoithiú na holla. Má tá féin, ní beag dhi sin. Dheamhan mórán bean tí anois a gheobhadh an oiread sin dhá hanró. Sníomhfaidh sí féin ar ball í freisin. Tá an tuirne aici i gcónaí
2.
an craiceann a bhaint de shlata nó d'fhióga (fc. dlaoi).
+
B'fhearr dhuit an ghlaicín slat sin a dhlaoithiú. Dúirt sé siúd go dtiocfadh sé aniar ar ball le ciseoig a dhéanamh. Go lige Dia a shláinte dhó! Tá muid in anchaoi cheal ciseoige. Níl fad a méire againn
Caithfidh tú a gcur síos dhá mbruith chun tosaigh. Ar ndóigh, ní ag ceapadh atá tú go bhféadfaidh tú a ndlaoithiú mar sin fuar beithíoch (fc. dlaoinín)
TUILLEADH (5) ▼
An bhfuil a fhios agat cén chaoi ar chaith mé an lá: ag dul ag dlaoithiú sailí le aghaidh ciseáin. Tá rud beag seifte aici féin, agus dheamhan a dhath de chiseán aici a d'iompródh Gaillimh aon tSatharn beo é. Deir siad go bhfuil ciseáin dhá ndíol i nGaillimh, ach mo chreach mhaidne, ní saill gan fiacha iad sin
Ar dhlaoithigh tú na slata chor ar bith? Cén sórt gaota thú féin! Pota uisce síos go beo. Seoigí! Chugat! Níl aon bhreith ar an obair seo! Caithfidh an chiseoig a bheith déanta inniu
Casadh isteach tigh T. Mh. mé agus an bhfuil a fhios agat cén cheird a bhí air: ag dlaoitheachan bhroibh. Má bhí féin, ní raibh sé ag fágáil bunchleite isteach ná barr chleite amach ina ghnaithí
Diabhal a fhios agamsa arbh fholáir duit na slatachaí sin a dhlaoithiú chun tosaigh, más ag dul ag deasú na cathaoireach sin atá tú. D'aclódh sé go breá iad. Is beag an mhaith dhuit an chathaoir sin a dheasú. Tá sí críon ar fad. Níl aon tslat ag gabháil léithe nach bhfuil críonta
Cá bhfios domsa cén chaoi le fiógaí a dhlaoithiú. Dlaoithigh thú féin cupla ceann acu i dtosach go bhfeice mé. D'fheannfainn bó nó caora, i bhfad uainn an anachain, ach fiógaí a dhlaoithiú …

Féach freisin