Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dligheadóir
/d′l′ī:dōr′/
fear dlí; aighne; fear a bhfuil smear-eolas nó tóir ar an dlí aige.
+
'Sé M. D. an dligheadóir is fearr aca ar fad. Má chinneann cúis air sin, tá sí in a diabhal ar fad
Togha dligheadóir é, ach leanann sé duine an-daor. Ach is fiú é. Bíonn a shásamh ag duine ina dheidh sin
TUILLEADH (3) ▼
Chaith na dligheadóirí an lá ag scoilteadh cainte agus gan a fhios ag aonduine cé faoi a raibh siad, lena liagáistí a bhí aca
Níl aon-dligheadóir istigh i nG. is fhearr ná é sin, aindeoin nachar chaith sé lá ariamh ag an scoil
Nach cumasach an dligheadóir é i gcomhnaí! Beidh sé ag plé leis an dlí nó go bhfágaidh an dlí a chosa nighte

Féach freisin

Dligheadóir in iontrálacha eile (2)

+
Is diabhlaí dórainneach a bhí sé ag dul dom aréir. Bhí a fhios agam an uair a bhain sé amach ins an tsáruigheacht nach gcuirfeadh an diabhal ina shost é. Cé'n bhrigh ach an chaoi a raibh sé ag iarraidh údair ar 'chuile shórt dhá raibh mé a rádh. Bhí sé fánach agamsa údar a thabhairt dó, agus dhá dtugainn féin ní bheadh aon-mheas aige orra. Sin é an chuid is measa de'n tsáruigheacht i gcomhnuí. Ach ní fear ar bith é siúd le dhul ag sáruigheacht leis ar aon-nús (nós). Leanfaidh sé 'chuile mhíle focal 'bhfeicfidh sé an bhféadfaidh sé brabach a fháil ar thada. Dligheadóir ceart é
TUILLEADH (1) ▼
Má tá indán agus go dtiubharfar 'un cúirte thusa tóig M. Sin é an dligheadóir. Tá sé an-dúrainneach go deo ins an gcúirt. Má tá indán agus go mbeidh fear ag tabhairt fhiadhnuise agus go gceisneochaidh sé siúd é, cabálfaidh sé é dhá mhíle buidheachas. 'Sé atá indon. Freagróchaidh tú é siúd feicfidh tú féin air. Nó mara bhfreagruighidh, beidh sé in t'éadan go bráth, nó go dtugaidh sé amach as do chreatalaigh é. Siúd é an buachaill aca. Níl aon-mhaith a bheith ag dul anonn ná anall leis. Má tá clár na fírinne agad, níl aon-bheann agad air, ach mara bhfuil, tá sé indon droch-dhíol a thabhairt ort. Chonnaic mé mac D. annsin thoir ag athrú dathannaí aige