Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Drillín
/d′r′iʟ′īn′/ : drithlín?
ainm-fhocal; buineann
uimhir iolraidh drillíní
níor chuala mé leas dhá baint as ach is an iolraidh; cé's moite de'n uair a mbíonn allus, fuil, nó a leithidí igceist
1.
driog, saighead, ga, creaithtí, "meanaí".
+
Tá drillíní fuaicht ag dul thríom = drioganna, saighdeanna nó creaithtí fuaicht
Tá mé deallruighthe. Níl aon-phuinte ó a tháinic oíche nach bhfuil drillíní fuaicht ag dul thríom. Breagh nach gcuireann sib síos dabhach mhaith de theine?
TUILLEADH (1) ▼
Tá drillíní eicínt ag dul thrí mo chois, maran iasc beo é. Sin nó drillíní fuaicht
+
D'aireochthá drillíní ag dul thríot féin leis an gcodladh driúillic sin. Deir siad gur h-olc é, dhá bhfaightheá buille 'san gcois agus é ort
D'ól mise feánnach poitín thuas ar bhainis inghean Ph. agus chaith mé cheithre oíche ar neamh-chodladh dhá bharr. Níl aon-phuínte dhá mbeinn ag tuitim in mo chodladh, nach n-aireochainn drillíní ag dul thríom, agus dhúiseóchainn suas agus dheamhan tionúr a thuitfeadh ar mo shúil go lá aríst. Níl aon-duine dhár theangmhuigh sé leis nachar eirigh an cleas céadna dhó
TUILLEADH (3) ▼
Ní airighim tada thíos san áit a bhfuil an lot anois. Tá an phian bodhruighthe uiliog ann. Ach tá drillíní an tsaoghail mhóir thuas annseo in mo cheathramha agus suas in mo thaobh
Tá drillíní eicínt in mo chloigeann, mar ab iad na fiabhrais bheaga atá do mo bhualadh, an rud a bhuaileadh N. Ph. 'chuile oíche nach mbíodh tobac aige an t-áirneán seo caithte
Pianta fáis atá is na drillíní sin. Ná tabhair áird ar bith orra. Tá tú ag méadú fós bail ó Dhia ort!
+
Tá drillíní seaca in mo chuid fola. Ní hé a mhalrait atá ann. Tá sí ag reodh nó diabhal eicínt.
Chuaidh drillíní gliondair thríom ar an dá luath agus a bhfaca mé é. Ba bheag an dochar dhom agus nachar leag mé súil air cheana le h-ocht mbliana déag — h-ocht mbliana déag go lá Fheil' Muire seo chugainn ó d'imigh sé
TUILLEADH (3) ▼
Gabhfaidh drillíní faitís ann ach a gcloisidh sé an scéal sin déarfainn, agus go dteighidh cheana! Dheamhan mórán scéil an ceann céadna
Chonnaic mé an sonda romham ar an mbóthar agus méid bó ann. Nár leigidh Dia go gcuirfinn bréag air, cé brí céard a bhí ann! Ach bhí rud eicínt ann. Nuair a chuaidh mé cho fada leis an áit a raibh sé dheamhan toirt fiadh na fionnóige a bhí le feiceál. Chriothnuigh mé is 'chuile mhíle ball ag gabhail liom, agus chuaidh drillíní faitís thríom. Rinne gruaig mo chinn slatachaí, agus bhí an fuar-allus (forallas) amach thríom ar an toirt boise. Níl a fhios agam anois ná an uair sin, cé'n chaoi ar shrian mé aníos go teach é, ach níor thúisce istigh mé ná a bhí mé tuithte i meirbhthean
Bhí mé ag preabadh le drillíní faitís. Ní raibh a fhios agam cé'n puínte a ngiorróchadh sé liom le failm de'n tuaigh
2.
driúillín, múnóg nó braon beag alluis, fola agus eile.
+
Tá drillíní alluis leis = braoiníní. Ní bheidís mór
Dhá laghad an méid sin chuir sí drillíní alluis leat. Is furast' aithinte an neamh-chleachtadh ina dhiaidh sin! Dhá dteagthá annseo 'chuile lá is gearr go mbeitheá déanta ar an obair
TUILLEADH (1) ▼
Th'éis cho fuar agus a bhí an lá diabhal mé go raibh corr-dhrillín alluis leis. Ach ní fhéadfadh an bhruileach siúd gan allus a bheith leis dhá mbeadh sé ar bogadh indabhach uisce fuair
+
Meastú an raibh sé ag troid? Diabhal mé go raibh drillíní fola leis ag teacht anoir dhó. Ba chosamhail é le fear a bheadh th'éis fuil a ghlanadh dhá éadan
Tá drillíní fola is 'chuile áit ort. Is geall le stealla t'éadan. Breagh nach ndearna tú réidhteach leat féin, agus thú féin a bhearradh ceart. An iomarca forú!
TUILLEADH (1) ▼
Deir siad gur baineadh corr-dhrillín fhola as lá an aonaigh. Ba diachta dhó mara mbaintí, agus é ag imeacht ag cothú achrainn ar feadh an lae
·
Uaidh seo amach anois, ó thiocfas séasúr na dolaidheachta, feicfidh tú corr-dhrillín phórtair len a bhéal. Caithfidh sé corr-bhradán asta
Pórtar a bhí ann. Nach bhfaca mé drillíní pórtair ar an gceaintín