Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
droch-arán
níor chuala mé in arán dona, cé gur chuala mé "in bad bread" i mBéarla. Deirtear indroch-chránn freisin ach is annamh é
+
Ná tabhair thusa aon-bhean annsin thíos nó beidh sí indroch-arán = idteannta, i lár an mhíádha
Tá mé indroch-arán anois. Go gcuiridh Dia ar mo leas mé! Níl a fhios agam céard is fhearr dom a dhéanamh.
TUILLEADH (5) ▼
Ba fear indroch-arán mise! Bhí mo mháthair ar leabaidh an bháis, agus mo bhean istigh san aspuicil (oispidéal), agus gan duine ná deóraí agam a thóigfeadh an teine de mo chois, ná a bhreathnódh indiaidh an dá mhalraichín
Bhí muid i ndroch-chránn. Marach an fear a bhí in éindí liom san gcurach, bhí mo chnaipe-sa déanta ar aon-chor
Dar diagaí tá na daoine indroch-arán anois. Ní bheidh beatha na teine ann i mbliana ach grásta Dé! Nach bhfuil ceann faoi ar an aimsir uiliog
Bhí tú indroch-arán dar príosta, agus b'ait a chruthaigh tú gur thug tú an eang leat chor ar bith. Ach bhí fear maith a chúnamh dhuit go saolaí Dia é!
Bheinn indroch-arán aice, marach P. Ph. a casadh ann. Ba mhinic leis a bheith tráthúil. M'anam muise marach cho tráthúil agus a bhí sé an lá sin go mba fear réidh mise. Bhí mé féachta dubh agus dubh aice ar a theacht dó. Ach ba gearr an mhoill ar an mbeirt againn ceart a bhaint di

Féach freisin

droch-arán in iontrálacha eile (3)

 
daor 2
Tá siad ag iarraidh é a dhaoradh. Is maith an aghaidh sin ar an ruifíneach, má tá i ndán agus gur thug sé droch-chor dhá bhean. Níor mhaith liom a bheith in a bhróga anois. Tá sé indroch-arán
 
Droch-fhear tí, droch-fhear talmhana, droch-fhear capaill, droch-fhear curaighe, droch-fhear láidhe, droch-fhear siúil, droch-fhear damhsa, droch-fhear iomra; droch-fhear fairrge (droch-bhádóir); droch-fhear ban (droch-fhear spallaíochta); droch-fhear tí agus urláir, droch-bhean aráin agus abhrais (droch-bhean tí), agus rl.
 
Dheamhan gráinne tobac a gheobhfadh sé uaithe siúd dhá dtuiteadh déidín aige — dheamhan gráinne sin. Tá sí siúd cruadh coinneálach agus gar di féin. Ná bac thusa leis an té a fheiceas tú ag comhaireamh na stiallógaí aráin a thiubharfas sí duit. Droch-cheann ceart í sin