Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
droch-arán
níor chuala mé in arán dona, cé gur chuala mé in bad bread i mBéarla. Deirtear i ndroch-chrann freisin ach is annamh é
+
Ná tabhair thusa aon bhean ansin thíos nó beidh sí i ndroch-arán — i dteannta, i lár an mhí-áidh
Tá mé i ndroch-arán anois. Go gcuire Dia ar mo leas mé! Níl a fhios agam céard is fhearr dom a dhéanamh
TUILLEADH (5) ▼
Ba fear i ndroch-arán mise! Bhí mo mháthair ar leaba an bháis agus mo bhean istigh san easpaicil (ospidéal), agus gan duine ná deoraí agam a thógfadh an tine de mo chois ná a bhreathnódh i ndiaidh an dá mhalrachín
Bhí muid i ndroch-chrann. Murach an fear a bhí in éindí liom sa gcurach, bhí mo chnaipese déanta ar aon chor
Dar diagaí tá na daoine i ndroch-arán anois. Ní bheidh beatha na tine ann i mbliana ach grásta Dé! Nach bhfuil ceann faoi ar an aimsir uileag
Bhí tú i ndroch-arán dar príosta, agus b'ait a chruthaigh tú gur thug tú an eang leat chor ar bith. Ach bhí fear maith a chúnamh dhuit go saolaí Dia é!
Bheinn i ndroch-arán aici murach P. Ph. a casadh ann. Ba mhinic leis a bheith tráthúil. M'anam muise murach chomh tráthúil agus a bhí sé an lá sin go mba fear réidh mise. Bhí mé féachta dubh is dubh aici ar a theacht dó. Ach ba gearr an mhoill ar an mbeirt againn ceart a bhaint di

Féach freisin

droch-arán in iontrálacha eile (2)

 
daor 2
Tá siad ag iarraidh é a dhaoradh. Is maith an oidhe sin ar an ruifíneach, má tá i ndán is gur thug sé droch-chor dhá bhean. Níor mhaith liom a bheith ina bhróga anois. Tá sé i ndroch-arán
 
Dheamhan gráinne tobac a gheobhadh sé uaithi siúd dhá dtiteadh déidín aige — dheamhan gráinne sin. Tá sí siúd crua coinneálach agus gar di féin. Ná bac thusa leis an té a fheiceas tú ag comhaireamh na stiallógaí aráin a thabharfas sí duit. Droch-cheann ceart í sin