Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dáithí
ainm dílis ar dhaoine (fir).
tá sé coitianta go leor in áiteacha fós.
+
"Is cóir é Dáithí tigh Fhéidhlim agus gan maith ar bith in a theach féin leis" (sean-fhocal) = "bíonn daoine gnaoidheamhail faoi stiall de chraiceann duine eile"; bíonn daoine an-fhlaitheamhail an uair nach mbíonn aon-cheo dhá gcaillteamas féin leis; is furasta do dhuine córtas gan chaillteamas a bheith ann
Bheadh sé flaitheamhail faoi'n bhfuisce annsin, ach an uair a bhí bainis aige féin is beag a fuair aon-bhrabach air. Tháinic siad abhaile as ag an h-aon déag ins an oíche, agus gan siubhal an bhealaigh ionnta le ocras agus tart. Ar chuala tú ariamh é: "Is cóir é Dáithí tigh Fhéidhlim agus gan maith ar bith in a theach féin leis"
TUILLEADH (3) ▼
Is breagh gnaoidheamhail a roínn sé amach an leath-ghalún, ach cá raibh a chaillteamas, arsa tusa. Dhá nglaodhadh sé féin é, ní bheadh sé leath cho maith faoi. Dubhradh ariamh é, agus m'anam gur fíor é: is cóir é Dáithí tigh Fhéidhlim, agus gan maith ar bith in a theach féin leis
Is cut bradach a gheobhas aon-bhrabach air sin. Má ghníonn sé an ghnaoidheamhlacht féin 'nuair a bhíos bainis aige, sé oineach Uí Bhriain agus a dhá shúil in a dhiaidh é. Ach is maith súighte uaidh a ól i dteach eicínt eile, agus má fhágann an ghloine a láimh chor ar bith, beidh an teach cáinte ar an toirt aige. Ach deir siad gur cóir é Dáithí tigh Fhéidhlim ach nach mbíonn maith ar bith in a theach féin leis.
Bhí S. sin thiar ann agus an oiread sclaibéaracht agus gárdaí aige agus go mbadh mhór an tseanmóir é. Caitheadh amuigh ins an scioból ar meisce é faoi dheire. Sin é aríst é: is cóir é Dáithí tigh Fhéidhlim agus gan maith ar bith in a theach féin leis