Fabharcán
—fuaim mar "samhradh", "labhair", gan srónaíl
—
cuasán nó falamhacht a bheadh istigh i bhfata, nó i dtoradh mar sin.
+–
Tá na fataí seo faoi fhabharcáin ar fad = cuasáin
Ní fheicfeá an oiread fabharcáin in aon-fhataí ariamh agus atá ionta seo. Is corr-uair a bhfeicfeá iad i bhfataí chor ar bith anois
TUILLEADH (2) ▼
Bhí fabharcán cho mór le do dhorna istigh san meaingil, agus ní lofa a bhí sé.
Níl fataí ar bith a chinnfeadh ar na fataí fabharcáin sin. 'Ar ndú len a maith a bhíos siad ionta. Bíonn chuile cheann aca cho mór le do hata