Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fabharcán
fuaim mar samhradh, labhair, gan srónaíl
cuasán nó folmhacht a bheadh istigh i bhfata nó i dtoradh mar sin.
+
Tá na fataí seo faoi fhabharcáin ar fad — cuasáin
Ní fheicfeá an oiread fabharcáin in aon fhataí ariamh agus atá iontu seo. Is corruair a bhfeicfeá iad i bhfataí chor ar bith anois
TUILLEADH (2) ▼
Bhí fabharcán chomh mór le do dhorna istigh sa meaingeal, agus ní lofa a bhí sé.
Níl fataí ar bith a chinnfeadh ar na fataí fabharcáin sin. Ar ndóigh lena maith a bhíos siad iontu. Bíonn chuile cheann acu chomh mór le do hata