Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fabhtach, Fabhtúil
Aidiacht as fabht
1.
lofa, mífholláin, tolgha.
+
Más bó fhabhtach í, beidh athchur ann
Bhuail siad air an bhean fhabhtúil. Narb é an leibide é agus í a ghlacadh?
TUILLEADH (1) ▼
Tá leath na bhfataí atá muid a bhaint fabhtach. Dheamhan ceann slán ar bith ar na híochtair. Sna mullaigh fhéin is fhearr iad
2.
fealltach.
+
Tá neart bladair ag S. Ph. Mh. ach ní fhágann sin nach bhfuil sé fabhtach. Sé atá. Dheamhan fear a chonnaic tú ariamh is éascaidh a d'imreódh an cluiche claonach ort ná é. = fealltach
Sin é an chaoi a raibh [an] Sasanach ariamh: fabhtach = fealltach
TUILLEADH (1) ▼
Má fhaghann tú beirt a bhéas ceart gheobhaidh tú duine in a dheidh sin a bhéas fabhtach, agus a dhíolfas an chuid eile. Tá duine indon baile a scrios

Féach freisin

Fabhtach in iontrálacha eile (16)

 
Dhá mbeadh sé fearacht an drad atá agamsa nach féidir liom aon-cheo a changailt leis, mara mbeidh sé cho mion le snaoisín! Sé a bhfuil agadsa fiacail fhabhtach amháin.
 
Giodán fabhtach atá annsin, a's tá cuilín bheag anuas ann. Is géar a theastóchadh stráca tuighe 'san áit chéadna = bhí spota de dhíon nó de leath-chaoin a' tighe a bhí leigean uisce isteach, a's thuiteadh sé in a shúighe.
 
aice 2
Má's bó shean í, tá sí fabhtach in aice sin.
 
Bó fhabhtach í sin. Ní hé 'athrú de chuma atá uirre.
 
Tá sé fabhtach. Sin é an fath go bhfuil sé ag imtheacht as
 
Níl faitíos ar bith orm anois ach go bhfabhtódh sí an ceann slán ó atá sí fhéin fabhtach (súil) = go gcuirfeadh sí an tsúil eile chun mífhollántais; chun donacht
 
Tá fuar-chruit ar an duine bocht ó bhuail an rud sin é. Deir an dochtúr gur fabhtach atá cnáimh an droma, agus go bhfuil sé ag liocadh isteach. Céard a dhéanfadh é sin? Eiteann meastú? … Is gearr a mhairfeas sé agus an deis siúd air
 
Bíonn fuarlach faoin a chroí. Ní fhanann focal den chaint aige scaití leis an mbualadh a bhíos ag án a chroí. Chuile bhall muise ach an croí a bheith fabhtach. Má eiríonn aon-cheo dhó sin, tá duine réidh
 
Níl d'fhuascailt ar na doigheachaí sin ach na fiacla a tharraint. Isteach leat amáireach agus bain amach ón dúid na fiacla atá fabhtach. Feicfidh tú fhéin air, gur beag na doigheachaí a fhanfas ort annsin
 
Thug sé amach é agus gan é baileach dearg aige. Ní raibh sé ach cró-dhearg (dath na fola mórán) agus thosaigh sé ar an bpuinte ag munlú an chrú. Ar ndú ní fhéadfadh an crú sin gan a bheith fabhtach, ach ba chuma san tubaiste leis siúd ó a bhí forú air cé'n chaoi a raibh sé, ach comhraíocht an chrú a bheith air chor ar bith
 
daigh
Níl aon-fhiacail ag gabhail liom nach bhfuil fabhtach, ach dheamhan doigh (/dɛ̄/) a bhíos orm th'éise sin, ní ag tabhairt ghutha orra é!
 
Nar ba lughaidire (lughaide?) an trócaire ar Dhia! Th'éis a ndearna sé fhéin do dhoibearta ar 'chuile dhuine ar tháinic sé suas leis, tá súil agam go bhfuil sé i bhFlaithis Dé anocht. Ach ní fhágann sin, nach raibh sé fabhtach agus in a dhroch-cheann do dhuine ar bith a tháinic in a linn
 
Tá 'chaon cheann aca fabhtach: caora an Fhoghmhair agus an cailín Domhnaigh. Ná bíodh aon phlé ag duine leo. 'Sé ráidhte na sean-daoine é
 
drad
Tá drad fabhtach agam. Caithfidh mé a dtarraingt as éadan
 
Meastú nach hé reithe an duailín a bhí sé ag iarraidh a chuir orm, ach ní cheannóchainn uaidh é. Dheamhan cruach mhóna a bhruithfeadh é sin anois, tá sé cho roighin sin. Tá agus sceithte ar fad th'éis na reitheadha. Ba deas mé muis ag iarraidh a bheith ag creinneadh a shean-chnámha sin le fiacla fabhtacha
 
dáimh
Dhá dteigheadh sé le dáimh muis, mar sin a bhí aige a bheith. Ní raibh fear ar a chine nach raibh fabhtach