fabhtach, fabhtúil
—aidiacht as fabht
1.
lofa, mífholláin, tolgtha.
+–
Más bó fhabhtach í, beidh athchur ann
Bhuail siad air an bhean fhabhtúil. Narb é an leibide é agus í a ghlacadh?
TUILLEADH (1) ▼
Tá leath na bhfataí atá muid a bhaint fabhtach. Dheamhan ceann slán ar bith ar na híochtair. Sna mullaigh fhéin is fhearr iad
2.
fealltach.
+–
Tá neart bladair ag S. Ph. Mh. ach ní fhágann sin nach bhfuil sé fabhtach. 'Sé atá. Dheamhan fear a chonaic tú ariamh is éasca a d'imreodh an cluiche claonach ort ná é — fealltach
Sin é an chaoi a raibh an Sasanach ariamh: fabhtach — fealltach
TUILLEADH (1) ▼
Má fhaigheann tú beirt a bheas ceart gheobhaidh tú duine ina dhiaidh sin a bheas fabhtach agus a dhíolfas an chuid eile. Tá duine in ann baile a scrios
fabhtach in iontrálacha eile (16)
→
fearacht
Dhá mbeadh sé fearacht an drad atá agamsa nach féidir liom aon cheo a changailt leis mura mbeidh sé chomh mion le snaoisín! 'Sé a bhfuil agatsa fiacail fhabhtach amháin
→
cuilín
Geadán fabhtach atá ansin, agus tá cuilín bheag anuas ann. Is géar a theastódh stráca tuí san áit chéanna — bhí spota de dhíon nó de leathchaoin an tí a bhí ag ligean uisce isteach, agus thiteadh sé ina shúí.
Níl faitíos ar bith orm anois ach go bhfabhtódh sí an ceann slán ó tá sí fhéin fabhtach (súil) — go gcuirfeadh sí an tsúil eile chun mífhollántais; chun donacht
Tá fuarchruit ar an duine bocht ó bhuail an rud sin é. Deir an dochtúr gur fabhtach atá cnáimh an droma agus go bhfuil sé ag liocadh isteach. Céard a dhéanfadh é sin? Eiteann meas tú? … Is gearr a mhairfeas sé agus an deis siúd air
Bíonn fuarlach faoina chroí. Ní fhanann focal den chaint aige scaití leis an mbualadh a bhíos ag a chroí. Chuile bhall muise ach an croí a bheith fabhtach. Má éiríonn aon cheo dhó sin, tá duine réidh
→
fuascail
Níl d'fhuascailt ar na daitheachaí sin ach na fiacla a tharraingt. Isteach leat amárach agus bain amach ón dúid na fiacla atá fabhtach. Feicfidh tú fhéin air gur beag na daitheachaí a fhanfas ort ansin
Thug sé amach é agus gan é baileach dearg aige. Ní raibh sé ach cródhearg (dath na fola mórán) agus thosaigh sé ar an bpointe ag múnlú an chrú. Ar ndóigh ní fhéadfadh an crú sin gan a bheith fabhtach, ach ba chuma sa tubaiste leis siúd ó bhí furú air cén chaoi a raibh sé ach comharthaíocht an chrú a bheith air chor ar bith
→
daigh
Níl aon fhiacail ag gabháil liom nach bhfuil fabhtach, ach dheamhan daigh (/dɛ̄/) a bhíos orm théise sin, ní ag tabhairt ghutha orthu é!
→
dobeart
Nár ba lúidire an trócaire ar Dhia! Théis a ndearna sé fhéin do dhobearta ar chuile dhuine ar tháinig sé suas leis, tá súil agam go bhfuil sé i bhflaithis Dé anocht. Ach ní fhágann sin nach raibh sé fabhtach agus ina dhroch-cheann do dhuine ar bith a tháinig ina linn
→
Domhnach
Tá chaon cheann acu fabhtach: caora an fhómhair agus an cailín Domhnaigh. Ná bíodh aon phlé ag duine leo. 'Sé ráite na seandaoine é
→
duailín
Meas tú nach é reithe an duailín a bhí sé ag iarraidh a chur orm, ach ní cheannóinn uaidh é. Dheamhan cruach mhóna a bhruithfeadh é sin anois, tá sé chomh righin sin. Tá agus sceite ar fad théis na reithí. Ba deas mé muis ag iarraidh a bheith ag crinneadh a sheanchnámha sin le fiacla fabhtacha
→
dáimh
Dhá dtéadh sé le dáimh muis, mar sin a bhí aige a bheith. Ní raibh fear ar a chine nach raibh fabhtach