Faillíoch
—Aidiacht as faillí
—Breis Chéim agus Sár Chéim: is faillíocha, níos faillíocha fearacht buíocha etc., ach sí an tSár-Chéim go hiondúil: "is mó faillí").
—
siléigeach etc.
+–
  Duine an-fhaillíoch é = siléigeach agus rl.
Bhí sé cho faillíoch anuiridh ar chaoi ar bith agus gur leig sé dhá chuid beitheach an garraí seo thuas a bhí coisnithe l'aghaidh féir aige, a chrinneadh go cré, d'uireasa na mbearnaí a árdú
      
                                TUILLEADH (2) ▼
                            
Níl ag duine a bheith faillíoch faoin anam ar chaoi ar bith pér bith céard a dhéanfas tada eile
" … go n-acluighe aithrí an sean-chroí cruadh, faillíoch, fuar atá in mo lár … " (As Aithrí an tSeóigigh)
Féach freisin
                  →
                  
                    
                      faillí 
                    
                  
                
              
            Faillíoch in iontrálacha eile (4)
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                    
                      
                    
                  
                
              
            
                    →
                    fuar 2
                  
                  
                    Is fear faillíoch fuar é = fear siléigeach gan cuid ná maoin aige
                    
                        TUILLEADH (3) ▼
                      
                    
                  
                    Dar sliabh muis is olc an díthriúch d'fhear atá sí a fháil másin é anois é.  Fear faillíoch fuar é.  Ní fhaca mé aon-smais ar a gharraí aon-lá ariamh
                    Deir siad nach mórán gaisce iad na Spáinnigh sin faoin gcreideamh.  Tá siad faillíoch fuar.  Sin é an chaoi nuair nach mbíonn cómhrá Dé sách solasach in intinn duine
                    An té atá faillíoch fuar faoin Aifreann sin é do dhóthain.  Is ionann agus a rá nach bhfuil aon-chreideamh aige