faillíoch
—aidiacht as faillí
—breischéim agus sárchéim: is faillíocha, níos faillíocha fearacht buíocha srl., ach sí an tsárchéim go hiondúil: is mó faillí.
—
siléigeach srl.
+–
Duine an-fhaillíoch é — siléigeach srl.
Bhí sé chomh faillíoch anuraidh ar chaoi ar bith agus gur lig sé dhá chuid beathach an garraí seo thuas a bhí cosnaithe le aghaidh féir aige, a chrinneadh go cré, d'uireasa na mbearnaí a ardú
TUILLEADH (2) ▼
Níl ag duine a bheith faillíoch faoin anam ar chaoi ar bith, pé ar bith céard a dhéanfas tada eile
" … go n-aclaí aithrí an seanchroí crua faillíoch fuar atá in mo lár … " as Aithrí an tSeoighigh
Féach freisin
→
faillí
faillíoch in iontrálacha eile (5)
+
→
fuar 2
Is fear faillíoch fuar é — fear siléigeach gan cuid ná maoin aige
TUILLEADH (3) ▼
Dar sliabh muis, is olc an díthreabhach d'fhear atá sí a fháil más in é anois é. Fear faillíoch fuar é. Ní fhaca mé aon smais ar a gharraí aon lá ariamh
Deir siad nach mórán gaisce iad na Spáinnigh sin faoin gcreideamh. Tá siad faillíoch fuar. Sin é an chaoi nuair nach mbíonn cómhrá Dé sách solasach in intinn duine
An té atá faillíoch fuar faoin aifreann, sin é do dhóthain. Is ionann agus a rá nach bhfuil aon chreideamh aige