1.
deoch fhada, sumóg, fascallach nó taoscán a ól.
+–
D'ól muid failm as an tsearróig. Má d'ól féin ba dona a chuaigh sé do chuid againn
Chaith muid an oíche ag ól failmeachaí den phoitín. Choinnigh sé in ar ndúiseacht muid. Bhí mé féin in mo dhall dúda le codladh
TUILLEADH (2) ▼
Tabhair dhom failm den uisce sin. Níl a fhios agam faoi mo ríghe céard a chuir an tart orm, ach d'ólfainn Loch Éirne anois
D'ól mé cupla failm den bhláthach úr sin ar ball, ach má d'ól féin sén chaoi a bhfuil sí ag borradh liom, agus ag séideadh tairt orm. Ní bhainfeadh an saol an goirteamas as na runnachaí saillte sin, ná diabhal baint
2.
buille téagarach; iarraidh; pléasc; leadóg, clabhta nó cic.
+–
Buail failm ar an "mbáll". Furú! A dhuine! Cén chiall nachar thug tú failm maith di?
Níl aonduine indon failm a thabhairt do liathróid ach J. Tá sé indon a cur isteach ó na clocha siúd amuigh go dtí binn an "ailí".
TUILLEADH (2) ▼
Chuala mé go bhfuair mac Ch. failm eicínt annseo soir lá an aonaigh. Tuilleadh diabhail aige! Is maith a bhí sin tuillte aige ag imeacht ag glaomaireacht 'chuile áit
Bhuail sé d'fhailm de dhorna ar pholl na cluaise é agus chuir sé an sruthán fola go talamh leis. Diabhal a leithide d'iarraidh!
Failm in iontrálacha eile (8)
→
bealach
Níor leig sé aon-teach ósta thairis, i gcaitheamh an bhealaigh, nach ndeacha sé isteach ann, a's nar ól sé failm ann.
→
deas 1
Is muid atá deas air! Tugaighidh aríst anois é, má's breágh lib é, agus gheobhaidh sib failm eile! (cártaí)
Chaith sé ceathramhadh uaire ag braithteoireacht, agus ag cartadh an phíopa siúd. D'oscail sé a bhéal annsin agus d'fheicfeá ag leigean siar a sheile é. "Dheamhan a fhios agam fhéin", adeir sé faoi dheireadh agus faoi dhó. Is mór dhá fhonn a tháinic orm failm de chic a thabhairt do'n phíopa
→
dodaíl
Shílfeá go bhfuil dodaighil innte. Níor mhian léithe mé a leigean in a goire len a bleaghan idtosach nó go dtug mé cupla failm di a shuaimhnigh í. Ní cheannóchadh muide í gan marach eicínt a bheith uirre. Tá an smál sin orainn i gcomhnuí. Bhí, 'chuile lá ariamh
→
drithlín
Bhí mé ag preabadh le drillíní faitís. Ní raibh a fhios agam cé'n puínte a ngiorróchadh sé liom le failm de'n tuaigh
→
droim
Bhuail sé failm orm de (le) dhruim na láimhe, agus is beag nachar bhain sé an mothú asam = druim na láimhe: an chuid amuigh di. Bos a tugtar ar an gcuid istigh