1.
deoch fhada, súmóg, fascalach nó taoscán a ól.
+–
D'ól muid failm as an tsearróig. Má d'ól féin, ba dona a chuaigh sé do chuid againn
Chaith muid an oíche ag ól failmeachaí den phoitín. Choinnigh sé inár ndúiseacht muid. Bhí mé féin in mo dhall dúda le codladh
TUILLEADH (2) ▼
Tabhair dhom failm den uisce sin. Níl a fhios agam faoi mo rí céard a chuir an tart orm, ach d'ólfainn Loch Éirne anois
D'ól mé cupla failm den bhláthach úr sin ar ball, ach má d'ól féin, 'sé an chaoi a bhfuil sí ag borradh liom agus ag séideadh tairt orm. Ní bhainfeadh an saol an goirteamas as na ronnachaí saillte sin, ná diabhal baint
2.
buille téagarthach; iarraidh; pléasc; leadóg, clabhta nó cic.
+–
Buail failm ar an mball. Furú! A dhuine! Cén chiall nár thug tú failm maith di?
Níl aon duine in ann failm a thabhairt do liathróid ach J. Tá sé in ann a cur isteach ó na clocha siúd amuigh go dtí binn an ailí.
TUILLEADH (2) ▼
Chuala mé go bhfuair mac Ch. failm eicínt anseo soir lá an aonaigh. Tuilleadh diabhail aige! Is maith a bhí sin tuillte aige ag imeacht ag glaomaireacht chuile áit
Bhuail sé d'fhailm de dhorna ar pholl na cluaise é agus chuir sé an sruthán fola go talamh leis. Diabhal a leithide d'iarraidh!
failm in iontrálacha eile (8)
→
bealach
Níor lig sé aon teach ósta thairis, i gcaitheamh an bhealaigh, nach ndeachaigh sé isteach ann agus nár ól sé failm ann.
→
deas 1
Is muid atá deas air! Tugaidh aríst anois é, más breá libh é, agus gheobhaidh sibh failm eile! (cártaí)
Chaith sé ceathrú uaire ag braiteoireacht, agus ag cartadh an phíopa siúd. D'oscail sé a bhéal ansin agus d'fheicfeá ag ligean siar a sheile é. 'Dheamhan a fhios agam fhéin,' adeir sé faoi dheireadh agus faoi dhó. Is mór dhá fhonn a tháinig orm failm de chic a thabhairt don phíopa
→
dodaíl
Shílfeá go bhfuil dodaíl inti. Níor mhian léithe mé a ligean ina gaire lena bleán i dtosach nó go dtug mé cupla failm di a shuaimhnigh í. Ní cheannódh muide í gan marach eicínt a bheith uirthi. Tá an smál sin orainn i gcónaí. Bhí, chuile lá ariamh
→
drithlín
Bhí mé ag preabadh le drithlíní faitís. Ní raibh a fhios agam cén pointe a ngiorródh sé liom le failm den tua
→
droim
Bhuail sé failm orm de (le) dhroim na láimhe agus is beag nár bhain sé an mothú asam — droim na láimhe: an chuid amuigh di. Bos a tugtar ar an gcuid istigh