Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fairsinge, Fairsingeacht
farsne, farsneacht (/fars′ɴ′əxd/), forsne, forsneacht (/fors′ɴ′əxd/) go rí-mhinic. Farsne, forsne (/fors′ɴə/) san mbreis-chéim den Aidiacht go minic, agus fairsniú, foirsniú san mBriathar
1.
a.
méid, áirge, límistéar.
+
Tá an teach siúd dhá fhairsinge an tí seo = faoi dhó cho fairsing leis seo
Níl goir ar bith aige ar mo chró-sa le fairsingeacht
TUILLEADH (12) ▼
Tá fairsinge mhór faoi teach an bháid = limistéar
Tá fairsingeacht mhór faoi chrainnte aige annsiúd
Beidh fairsinge agad annseo le do chuid oibre a dhéanamh thar agus a bheith plúchta istigh san bpruchóigín sin = "elbow-room"
Tá fairsinge ag duine eile san leabaidh sin thuas = áit
Bheadh fairsinge an scioból eile annsin = áit; láthair
B'fhearr daoibh fairsinge a dhéanamh dhom ar an stól sin = áit; binn
An bhféadfadh sibh fairsinge a dhéanamh don chléibhín seo san gcúinne sin?
Tá sé ag cur fairsinge ar an teach. Leigfidh sé seomra eile soir as
Is gearr nach mór fairsingeacht a leigean (a chur ar) leis an roillig siúd
Fág fairsinge anois i mbéal an chléibhín
Tabhair do dhóthain fairsinge dhuit féin ionta (i mbróga nuadh) ar chaoi ar bith. Is fhearr ro-fhairsing ná ro-chumhang iad
Fágaighí fairsinge ar an mbóithrín thairis sin. 'Ar ndú' ní ghabhfaidh dhá charr thar a chéile san leithead sin
+
Tá fairsingeacht trí gharraí annsin thuas aca (beithigh) agus ní beo iad in a dheidh sin go dteighe siad i mbradaíl = the extent of …
Tá fairsingeacht an tí seo faoi = tá sé cho mór leis an teach seo
TUILLEADH (5) ▼
Tá fairsingeacht sléibhe aca (cimín, cladaigh etc.) = tá go leor sléibhe etc. aca
Tá fairsingeacht an tsaoil mhóir de thalamh muirbhí in Árainn
Tá fairsingeacht an bhaile seo ar fad in aon-pháirc amháin dhá bhfuil ann
Dar fiadh tá fairsinge san bpáirc sin
Tá muid gan fairsinge talúna ar bith = níl mórán talúna againn
+
Tá mo sheaicéad ag dul chun fairsingeacht = ag méadú
An ndeacha fairsinge ar an iothlainn sin ó a bhí mé annseo cheana? … Sin é a cheap mé
TUILLEADH (5) ▼
Is beag an fhairsinge eile a ghabhfadh ar an doras nuair a bheadh sé sách mór
Fág mar sin é. Is fhearr é a bheith d'fhairsinge air, ar aon-chor
Cuireadh sé troighthe d'fhairsinge ar an mbóthar
Níl d'fhairsinge ann ach go gcasfá ann ar éigin
Tá fairsinge mhór ar an tsráid agaibh, ó chaith sibh an sean-bhalla sin as
b.
iomad, greadadh.
+
Tá fairsinge ime anois againn ó a tháinig an samhradh = neart ime; i bhfad níos mó ná a bhí roimhe sin
Go mbuannuighe Dia fairsingeacht bídh agaibh! = buíochas as ucht bídh i dteach strainséara; go méaduighe Dia chuile shórt ar fheabhas agaibh
TUILLEADH (3) ▼
Tá mo dhóthain ite anois agam, go mbuannuighe Dia fairsinge bídh agaibhse, agus gur fearr a bhéas sib bliain ó inniu
M'anam gur theastuigh an béilí sin uaimse, go mbuannuighe Dia fairsingeacht bídh agaibhse!
Is fhearr an fhairsinge ná ar fónamh; is fearr fairsinge(acht) ná (ar) fónamh (fc. fónamh)
·
Chuala mé gur gearr go ngabhfadh an tae chun fairsinge (i bhfairsinge) aríst. Is mór is fiú an fhairsingeacht ar aon-chor
2.
féile, eineach.
·
Tá an fhairsingeacht san gcroí aice, agus is dual di sin = féile, eineach

Féach freisin

Fairsinge in iontrálacha eile (15)

 
Is furasta dhó féar agus fóthair a bheith aige, agus a bhfuil d'fhairsinge (talúna) aige. Ba bheag a bheadh aige, dhá mbeadh sé cho gann linne
+
crinn
Bhí fásach annsin, an uair a cuireadh ann iad, a's tá sé crínnte go créafóig anois, i gcruthamhnas duit an té a mbeadh riar gamhna chor a' bith aige, nar mhór dhó an-fhairsinge le na n-aghaidh.
TUILLEADH (1) ▼
M'anam go dtiubharfa sé cnámh le crinneadh dhó, an garrdha a bheith críochnuighthe amach aige indeire na seachtmhaine seo. Shílfeá nach mbeadh fairsinge 'bith sa gcúilín siúd atá gan cur, ach tá sé buan 'na dheidh sin fhéin.
 
Is mó faoi dhó an fhairsinge atá ar a' leath-bhaile thiar.
 
Fhobair go mb'éigin an bollaire fada sin ag P. Mh. a cheangal ann le díocas achrainn. Is maith an scéal do chuid de na daoine gur h-annamh a eirighea(nn)s aon-deoir leo(b). Marach gur h-annamh, níor mhór fairsinge a leigean ar Bhéal Átha na Sluaighe (na Sluaigheadh) (Béal Átha na Sluaigheadha — is ann atá árus na nGealt. Duine a mbíonn saobhchan air, a's a chuirtear go dtí an Gealtlann, deirtear gur "cuireadh go Béal Átha na Sluaighe é" nó "go ndeacha sé go Béal Átha na Sluaighe" nó gur "cuireadh soir é, slán gach áit dá n-innsighthear é, a's gach duine, dhá gcloisfe é!")
+
Bhí sé ag sciobadh feamainn dearg le trí mhaidin = a dhul san gcladach de shiúl oíche nó deireadh oíche agus an snáth a scoilteadh idtosach ar aonduine eile. Bheadh sé agad uilig annsin duit féin, agus ní fhéadfadh aonduine a dhul in a bharr ort. Ach roinntear an fheamainn dearg in áiteachaí fós. Ceaptar a chion féin do gach duine de réir fairsinge a chuid talúna, agus caitear crainnte annsin uirre.
TUILLEADH (1) ▼
Níl aon-tsop ag gabhail leis ach feamainn aon-choise. Is furasta dhó cur fhéin a dhéanamh. Tá fairsinge cladaigh aige, agus féadfaidh sé í a leigean suas in a fás. Ní ag crinneadh na gcloch is call dó a bheith fearacht tuille
+
"Is fhearr an fhairsinge ná ar fónamh"; "is fearr fairsingeacht ná ar fónamh" = is fhearr go leór de dhroch-rud ná beagán de rud maith; quantity is better than, or preferable to quality
TUILLEADH (2) ▼
Cuirfidh muid uisce thríd (fuisce) agus fairsingeóidh sé é. Is fhearr an fhairsinge ná ar fónamh, adeir siad
Deir siad gur fearr an fhairsinge ná ar fónamh. Is fhearr leo sin i gcomhnaí go leor den droch-rud ná beagán den rud mhaith. Ghabhfadh an beagán a mbeadh maith ann cho fada leis an droch-rud faoi dheireadh.
+
Ní fairsinge an t-aer ná an tímpiste = tárlaíonn timpistí an-mhinic; thárlódh tímpistí in áit ar bith; accidents will happen
TUILLEADH (1) ▼
Is fairsinge an cladach se'againne ná cladach na C. D., agus is mó an fheamainn a bhíos ar an gC. Dh. in a dheidh sin
 
Beithidhigh ar an gC.! Bíodh unsa céille agad! Dreancaidí an t-eallach is fairsinge atá annsin, marar athruigh sé ó bhínnse ag tarraint ann
 
Tá siad ag díolachán anois ann le gul 'un bliana, agus sipín deas istigh aca. Níl de chlóic orra anois ach go bhfuil an áit beagán ro-chumhang. Ach cuirfidh siad fairsinge air leis an aimsir. As na tighthe beaga a theightear ins na tighthe móra adeir siad
 
díol 2
Leigeadh fairsinge mhór orm an uair a d'imigh B. Ph. síos amach. Fuair mé an chuid ab fhearr a bhí ag gabhail leis — thuas i mbarr an bhaile. Ceathramha gabhaltais eile nar mhór dom anois. Chuirfeadh sin go dtí mo dhíol ceart mé.