Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fairsinge, fairsingeacht
farsne, farsneacht (/fars′ɴ′əxd/), forsne, forsneacht (/fors′ɴ′əxd/) go rímhinic. Farsne, forsne (/fors′ɴə/) sa mbreischéim den aidiacht go minic, agus fairsniú, foirsniú sa mbriathar
1.
a.
méid, áirge, limistéar.
+
Tá an teach siúd dhá fhairsinge an tí seo — faoi dhó chomh fairsing leis seo
Níl gair ar bith aige ar mo chrósa le fairsingeacht
TUILLEADH (12) ▼
Tá fairsinge mhór faoi teach an bháid — limistéar
Tá fairsingeacht mhór faoi chrainnte aige ansiúd
Beidh fairsinge agat anseo le do chuid oibre a dhéanamh thar is a bheith plúchta istigh sa bprochóigín sin elbow-room
Tá fairsinge ag duine eile sa leaba sin thuas — áit
Bheadh fairsinge an scioból eile ansin — áit; láthair
B'fhearr daoibh fairsinge a dhéanamh dhom ar an stól sin — áit; binn
An bhféadfadh sibh fairsinge a dhéanamh don chléibhín seo sa gcúinne sin?
Tá sé ag cur fairsinge ar an teach. Ligfidh sé seomra eile soir as
Is gearr nach mór fairsingeacht a ligean (a chur ar) leis an reilig siúd
Fág fairsinge anois i mbéal an chléibhín
Tabhair do dhóthain fairsinge dhuit féin iontu (i mbróga nua) ar chaoi ar bith. Is fhearr rófhairsing ná róchúng iad
Fágaidh fairsinge ar an mbóithrín thairis sin. Ar ndóigh ní ghabhfaidh dhá charr thar a chéile sa leithead sin
+
Tá fairsingeacht trí gharraí ansin thuas acu (beithígh) agus ní beo iad ina dhiaidh sin go dté siad i mbradaíl the extent of
Tá fairsingeacht an tí seo faoi — tá sé chomh mór leis an teach seo
TUILLEADH (5) ▼
Tá fairsingeacht sléibhe acu (cimín, cladaigh srl.) — tá go leor sléibhe srl. acu
Tá fairsingeacht an tsaoil mhóir de thalamh muirbhigh in Árainn
Tá fairsingeacht an bhaile seo ar fad in aon pháirc amháin dhá bhfuil ann
Dar fia tá fairsinge sa bpáirc sin
Tá muid gan fairsinge talúna ar bith — níl mórán talúna againn
+
Tá mo sheaicéad ag dul chun fairsingeacht — ag méadú
An ndeachaigh fairsinge ar an iothlainn sin ó bhí mé anseo cheana? … Sin é a cheap mé
TUILLEADH (5) ▼
Is beag an fhairsinge eile a ghabhfadh ar an doras nuair a bheadh sé sách mór
Fág mar sin é. Is fhearr é a bheith d'fhairsinge air ar aon chor
Cuireadh sé troithe d'fhairsinge ar an mbóthar
Níl d'fhairsinge ann ach go gcasfá ann ar éigean
Tá fairsinge mhór ar an tsráid agaibh ó chaith sibh an seanbhalla sin as
b.
iomad, greadadh.
+
Tá fairsinge ime anois againn ó tháinig an samhradh — neart ime; i bhfad níos mó ná a bhí roimhe sin
Go mbuanaí Dia fairsingeacht bídh agaibh! — buíochas as ucht bídh i dteach strainséara; go méadaí Dia chuile shórt ar fheabhas agaibh
TUILLEADH (3) ▼
Tá mo dhóthain ite anois agam, go mbuanaí Dia fairsinge bídh agaibhse, agus gur fearr a bheas sibh bliain ó inniu
M'anam gur theastaigh an béilí sin uaimse, go mbuanaí Dia fairsingeacht bídh agaibhse!
Is fhearr an fhairsinge ná ar fónamh; is fearr fairsinge(acht)(ar) fónamh (fc. fónamh)
·
Chuala mé gur gearr go ngabhfadh an tae chun fairsinge (i bhfairsinge) aríst. Is mór is fiú an fhairsingeacht ar aon chor
2.
féile, eineach.
·
Tá an fhairsingeacht sa gcroí aici agus is dual di sin — féile, eineach

Féach freisin

fairsinge in iontrálacha eile (15)

 
Is furasta dhó féar agus fothair a bheith aige agus a bhfuil d'fhairsinge (talúna) aige. Ba bheag a bheadh aige dhá mbeadh sé chomh gann linne
 
Tá cion tí idir chaon bhord dhíobh. Deamhan bréag ó chuaigh sé ag leagan amach iomrachaí ann, nach é a rinne na cláirseachaí fada fairsinge
+
crinn
Bhí fásach ansin, nuair a cuireadh ann iad, agus tá sé crinnte go créafóig anois, i gcruthúnas duit an té a mbeadh riar gamhna chor ar bith aige nár mhór dhó an-fhairsinge lena n-aghaidh.
TUILLEADH (1) ▼
M'anam go dtabharfaidh sé cnámh le crinneadh dhó an garraí a bheith críochnaithe amach aige i ndeireadh na seachtaine seo. Shílfeá nach mbeadh fairsinge ar bith sa gcúilín siúd atá gan cur, ach tá sé buan ina dhiaidh sin fhéin.
 
Is mó faoi dhó an fhairsinge atá ar an leathbhaile thiar.
 
Fhóbair go mb'éigean an bollaire fada sin ag P. Mh. a cheangal ann le díocas achrainn. Is maith an scéal do chuid de na daoine gur hannamh a éiríonns aon deoir leob. Murach gur hannamh, níor mhór fairsinge a ligean ar Bhéal Átha na Sluaighe (Béal Átha na Sluaighe — is ann atá áras na ngealt. Duine a mbíonn saochan air, agus a chuirtear go dtí an gealtlann, deirtear gur "cuireadh go Béal Átha na Sluaighe é" nó "go ndeachaigh sé go Béal Átha na Sluaighe" nó gur "cuireadh soir é, slán gach áit dá n-insítear é, agus gach duine dhá gcloisfidh é!")
 
Níl aon tsop ag gabháil leis ach feamainn aonchoise. Is furasta dhó cur fhéin a dhéanamh. Tá fairsinge cladaigh aige, agus féadfaidh sé í a ligean suas ina fás. Ní ag crinneadh na gcloch is call dó a bheith fearacht tuillidh
+
"Is fhearr an fhairsinge ná ar fónamh"; "is fearr fairsingeacht ná ar fónamh" — is fhearr go leor de dhrochrud ná beagán de rud maith; quantity is better than, or preferable to, quality
TUILLEADH (2) ▼
Cuirfidh muid uisce thríd (fuisce) agus fairsingeoidh sé é. Is fhearr an fhairsinge ná ar fónamh, adeir siad
Deir siad gur fearr an fhairsinge ná ar fónamh. Is fhearr leo sin i gcónaí go leor den drochrud ná beagán den rud mhaith. Ghabhfadh an beagán a mbeadh maith ann chomh fada leis an drochrud faoi dheireadh.
+
Ní fairsinge an t-aer ná an timpiste tarlaíonn timpistí an-mhinic; tharlódh timpistí in áit ar bith; accidents will happen
TUILLEADH (1) ▼
Is fairsinge an cladach s'againne ná cladach na C. D., agus is mó an fheamainn a bhíos ar an gC. Dh. ina dhiaidh sin
 
Beithígh ar an gC.! Bíodh unsa céille agat! Dreancaidí an t-eallach is fairsinge atá ansin, murar athraigh sé ó bhínnse ag tarraingt ann
 
Tá siad ag díolachán anois ann le dul chun bliana, agus sipín deas istigh acu. Níl de chlóic orthu anois ach go bhfuil an áit beagán róchúng. Ach cuirfidh siad fairsinge air leis an aimsir. As na tithe beaga a théitear sna tithe móra adeir siad
 
díol 2
Ligeadh fairsinge mhór orm nuair a d'imigh B. Ph. síos amach. Fuair mé an chuid ab fhearr a bhí ag gabháil leis — thuas i mbarr an bhaile. Ceathrú gabháltais eile nár mhór dom anois. Chuirfeadh sin go dtí mo dhíol ceart mé