Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Falrach, Falra
ainmfhocal, fireann
falra adeirtear go minic
reacht nó meacan goil, gáire, anbhá, casacht etc; fuile faile; srannán.
+
Bhuail falrach goil, gáire, casacht, plúchadh, cainte agus rl. é = nuair a bheadh falrach ar dhuine, ní go maith a thiocfadh a chuid cainte leis le teann goil agus rl.
Tá falrach caoineacháin ann.
TUILLEADH (1) ▼
Teagann falrach cársáin ann corr-uair agus is beag le go dtugann sé a anáil leis chor ar bith
+
An dteagann an falrach sin ort go minic. Is olc í an iomarca den chasacht muis
Chuile uair dhá mbíonn falrach den phlúchadh sin air, bíonn sé cho cantalach le dris. B'fhéidir go mbeadh sé cho cineálta len a bhfaca tú ariamh aríst lár na mháireach. Diabhal neart a bhíos aige air. Lá ag plúchadh, agus lá go buacach, adeir siad
TUILLEADH (4) ▼
Bhí falrach ann a mhic ó ag teacht aníos an bóithrín. Dheamhan focal den chaint a thuigfeá uaidh. Bhí sé balbh ar fad. Shílfeá gurb í an taoille a bheadh ag teacht air
Bhí falrach i mná an bhaile seo síos inné. An bodachín ruadh (an sionnach). Thóig sé seilbh ar tigh T. Sh. ar fad. Thug sé chúig cinn uaithe, agus trí cinn ó Nóra
Teagann corr-fhalrach den chasacht orm ar feadh na hoíche agus shílfeá go bpléascfadh sí ó chéile mé
Ní raibh falra ariamh air go dtí an oíche sin = anbhá; excitement

Féach freisin

Falrach in iontrálacha eile (5)

 
buail
Má bhuaileann falrach gháire é, beidh 'chaon scairt aige aríst go h-am suipéir.
 
dall 2
Ba dall an mhaise dom é ina dheidh sin nachar thug mé faoi deara ariamh nach raibh sé ach ag séideadh fúm. Dheamhan é muis, nó gur tháinic falrach gáirí air
 
Muna mbeadh ar Sh. Mh. fadó ach léas ar a mhéir, d'fhanfadh sé istigh. Níor facthas a leithide ariamh le aire air fhéin. Dhá bhfiosr(uighth)eá de Sh. annsin céard a bhí air, ní thiubharfadh sé de thoradh ort i gcomhnuí ach "a mhic ó mo chroidhe thú, caithfidh mé deachma na sláinte a íoc". Ní innseochadh sé go bráth duit, céard a bheadh air. Ach ba deacair dó, arae ní bhíodh ceo na frighde air leath na gcuarta, nach (ach) nach dtiubharfadh sé an áit amach air féin ar bhás an domhain, dhá mbeadh gaimh ar bith ins an uair. Spriosáinín beag dona a bhí ann. Shéidfeá de do bhois é go dtí an Domhan Thoir. Bhíodh spideog air an lá ba bhreácha ins an mbliain … Ní bhíodh de leath-rann againn féin annsin in áit ar bith dá mbíodh sé ach "a Sh. caithfear deachma na sláinte a íoc." Is maith is cuímneach liom an oíche ar tórradh é. Tá sé suas le cupla scór blianta go maith. Bhí mé féin agus bulc de na scurachaí isteach in éindigh le P. Mh. a bhí annseo thuas ann. Chuaidh muid ar a' nglúine go gcuireadh muid faoi bhrigh na guidhe é. Níor dhubhairt P. urnaighe ar bith — go ndéanaidh Dia grásta ar an mbeirt agus ar na mairbh ar fad. 'Sé'n chaoi a raibh P. ag breathnú isteach air as cíonn cláir agus é ag rádh: "tá deachma na sláinte íoctha agad faoi dheire, a ghiolla sin. Ba cheart go bhfaightheá luch pine (luck-penny) maith anois, agus cho fada agus a chaith tú dhá íoc." Ní raibh aonduine ins an teach nach raibh falrach gáirí air. Cuímneochaidh mé air go dteighidh na h-órdógaí orm. Dar fiadh cuímneochad
 
díle 1
Shílfeá gurb í an díle a bheadh ag teacht air, bhí an oiread sin falrach cainte air … Mo dhubhshlán aon-smid a rádh annsiúd. Bhí sé in a chlaibín muilinn ó tháinig muid isteach gur imigh muid aríst, agus níl aon-cheo ó neamh go talamh nar tharraing sé anuas agus gan cuma ná caoi a chur ar scéal ar bith. Ní túisce a bheadh sé tosuighe ar scéal amháin ná a tharraingeochadh sé anuas scéal eile. Ach 'sé an cás é, bhí sé in a scéal an ghamhna bhuidhe ar fad aige faoi dheire.
 
An uair a chonnaic sí an rud a thug an ceannuidhe len ithe do'n dochtúr eile tháinig falrach gáire uirre agus chuir sí aníos an dubhradán dubh a bhí ar íochtar a putóige. "Sin é do mhaith anois" adeir an ceannuidhe. "Tá tú leigheasta. Is liom thú ó t'athair" = bean a raibh ualach lionnduibh uirre agus leigheas ceannuidhe mála í