Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fara
Ainmfhocal; buineann
iolraidh: faraí
1.
fráma no crannán a chuirtear faoi rud len a árdú den talamh. Cuirtear faoi chocaí féir, faoi chruacha coirce, faoi chearca i dtithe cearc, agus faoi theinteachaí a dhéanfaí amuigh é scaití. (Fara is mó a thugtar ar na maidí nó ar na cleitheachaí a gcodluíonn cearca orra. Thiurfaí fara ar chleith amháin dhíob agus faraí ar dhó nó trí de cheanna. Farúch a ghlaoidhtear ar shraith nó ar bonn cruach agus rl.)
+
"Och, och," arsa an chearc, agus í ag dul ar an bhfara, "Nach brónach agus nach deacrach é ábhar mo scéil. Céile mo leabthan, agus athair mo chloinne Ag dul san áit nach bhfillfidh go héag" (As "Cearc agus Coileach")
Tá fara annsin amuigh ag na cearca ma ghabhann siad suas air
TUILLEADH (7) ▼
Níl maith ar bith dhuit teach cearc a dhéanamh mara gcuire tú faraí ann. Ní chodlóidh éanlaith gan fara
Ó díbríodh as an gcoill iad, níl fara ar bith ag na héanachaí annseo anois. D'fheicfeá cluichí aca ag filleadh ón gcoill chuile thrathnóna. Tá siad líonruithe ag na hurchair. Mharuíodh cleitheadóirí an saol brách aca annsin fadó
Shílfeá gur codladh corrach a dhéanfadh rud ar bith ar fhara, ach sé buac na gcearc é in a dhiaidh sin
Níl aon-lonta dubha ná aon-chéirseachaí ag taithighe annseo chor ar bith anois, ó réitíodh na crígheannaí annsin siar. Dheamhan fara aca ann
Tá lot déanta ag an ógánach sin (an sionnach) annseo le bliain. Dar fiadh tá! Meastú nachar scuab sé sé cinn de chearca breá amach den fhara uaim. Fuair sé leigean eicínt orra. Sé atá i riocht
Níl aon-deis farúch ag cearca sna tithe nua sin ach oiread, mara ndéana duine féin faraí dóibh. Ba bheag na faraí a bhíodh aca fadó sna sean-phúiríní, agus dar príosta bhíodh an oiread uibheachaí dhá mbarr agus atá anois
Cuir codladh púicín air, mar chuirfeá ar chearc a bheadh ar fhara
2.
+
Caith ar an bhfara é = rud cuileáilte; rud nach mbeadh aon-leas ann ní ba mhó; rud a mbeadh a mhaith caite
Diabhal maith sna bróga sin níos mó. Caith ar an bhfara iad. Beidh duine ar bith thart muise cheal bróg a ghabhfas dhá gcur sin air fhéin
TUILLEADH (4) ▼
Ab é an sean-"bhicycle" sin. Beannacht Dé dhuit agus caith ar an bhfara é. Ar ndú, ní thiúrfadh sé sin trí choisméagachaí na trócaire thú
M'anam muise gur beag an baol atá orm na stocaí sin a chaitheamh ar an bhfara. An fhad agus a sheasfas siad, fónfaidh siad, mar adeir an ceann eile. Dhá dteigheadh bean mhaith in a n-éadan ba bheag an stró uirre péire nua a dhéanamh dhíob aríst
Sílim go bhfuil a sheal tugha anois (sean-chlog). Sí an fhara a áit feasta
Tá Micil réidh le gort agus garraí feasta. Dheamhan lúd ar bith fanta ann. Caithidís ar an bhfara anois é, thálta (ó thárla) nach bhfuil sé indon aon-cheo a dhéanamh