1.
fráma no crannán a chuirtear faoi rud lena ardú den talamh. Cuirtear faoi chocaí féir, faoi chruacha coirce, faoi chearca i dtithe cearc, agus faoi thinteachaí a dhéanfaí amuigh é scaití. Fara is mó a thugtar ar na maidí nó ar na cleitheachaí a gcodlaíonn cearca orthu. Thabharfaí fara ar chleith amháin dhíobh agus faraí ar dhó nó trí de cheanna. Farúch a ghlaoitear ar shraith nó ar bonn cruach srl.
+–
"'Och, och,' arsa an chearc agus í ag dul ar an bhfara, 'Nach brónach agus nach deacrach é ábhar mo scéil. Céile mo leabthan, agus athair mo chlainne; Ag dul san áit nach bhfillfidh go héag'" (As Cearc agus Coileach)
Tá fara ansin amuigh ag na cearca má ghabhann siad suas air
TUILLEADH (7) ▼
Níl maith ar bith dhuit teach cearc a dhéanamh mura gcuire tú faraí ann. Ní chodlóidh éanlaith gan fara
Ó díbríodh as an gcoill iad, níl fara ar bith ag na héanachaí anseo anois. D'fheicfeá cluichí acu ag filleadh ón gcoill chuile thráthnóna. Tá siad líonraithe ag na hurchair. Mharaíodh cleitheadóirí an saol brách acu ansin fadó
Shílfeá gur codladh corrach a dhéanfadh rud ar bith ar fhara, ach sé buac na gcearc é ina dhiaidh sin
Níl aon lonta dubha ná aon chéirseachaí ag taithí anseo chor ar bith anois ó réitíodh na crígheannaí ansin siar. Dheamhan fara acu ann
Tá lot déanta ag an ógánach sin (an sionnach) anseo le bliain. Dar fia tá! Meas tú nár scuab sé sé cinn de chearca breá amach den fhara uaim. Fuair sé ligean eicínt orthu. 'Sé atá i riocht
Níl aon deis farúch ag cearca sna tithe nua sin ach oiread, mura ndéana duine féin faraí dóibh. Ba bheag na faraí a bhíodh acu fadó sna seanphúiríní, agus dar príosta bhíodh an oiread uibheachaí dhá mbarr agus atá anois
Cuir codladh púicín air, mar a chuirfeá ar chearc a bheadh ar fhara
2.
+–
Caith ar an bhfara é — rud cuileáilte; rud nach mbeadh aon leas ann ní ba mhó; rud a mbeadh a mhaith caite
Diabhal maith sna bróga sin níos mó. Caith ar an bhfara iad. Beidh duine ar bith thart muise cheal bróg a ghabhfas dhá gcur sin air fhéin
TUILLEADH (4) ▼
Ab é an seanbhicycle sin. Beannacht Dé dhuit agus caith ar an bhfara é. Ar ndóigh, ní thabharfadh sé sin trí choisméigeachaí na trócaire thú
M'anam muise gur beag an baol atá orm na stocaí sin a chaitheamh ar an bhfara. An fhad is a sheasfas siad, fónfaidh siad, mar adeir an ceann eile. Dhá dtéadh bean mhaith ina n-éadan ba bheag an stró uirthi péire nua a dhéanamh dhíobh aríst
Sílim go bhfuil a sheal tugtha anois (seanchlog). 'Sí an fhara a áit feasta
Tá Micil réidh le gort agus garraí feasta. Dheamhan lúd ar bith fanta ann. Caithidís ar an bhfara anois é, thálta (ó tharla) nach bhfuil sé in ann aon cheo a dhéanamh.
fara in iontrálacha eile (1)
→
deacrach
"Och! Och! arsa an chearc agus í ag gabháil ar an bhfara; Nach brónach agus nach deacrach é ábhar mo scéil; Céile mo leabthan agus athair mo chlainne; A dhul san áit nach bhfillfidh go héag." (as amhrán greannmhar Coileach agus Cearc