Farae
—Ainmfhocal, Fireann
—
féar, tuí, fataí, meangals agus rl. le tabhairt do bheithigh nuair nach mbeadh aon-tiomsacht ar an talamh aca; fodder.
+–
Níl aon-ghnatha do bheithigh san ngeimhreadh agad san áit seo, mara mbeidh neart farae agad
Ná bac le seascachaí anois, d'fhuireasa neart farae san ngeimhreadh. Fadó leigeadh muid amach ar an sliabh iad agus cead aca beatha a bhaint as a gcrága, agus diabhal dhá shuaite chlaoite dhá mbeidís, go bhfuightheá imeacht orra. Ach dheamhan mórán áirge beart cnámha (beithigh caite) a thabhairt chuig aontaigh anois. Mara mbeidh siad cho sleamhain anois agus go sciorrfá dhíob, níl aon-fhiafraí orra
TUILLEADH (1) ▼
Tá éascaíocht san "Trasher", ach cuireann sí an tuí ó rath. Ní bhíonn maith ar bith innte l'aghaidh farae. Bíonn an tuí scóthbhuailte an-deas an-séimh l'aghaidh farae
Farae in iontrálacha eile (9)
→
féar
Caithfidh mé a ndíol th'éis mo dhíchill ó thárla nach bhfuil féar tirm ná farae agam dóibh (beithigh)
→
caothach
M'anam muise mara bhfuil ag a chuid beithidheach seasc ach a ndéanann siad de thomsacht ar na caethachaí siúd, nach sugh salmhain imbéal buláin dóib é. Bó a' bith — seasc nó eile — nach bhfuil a' faghail farae ar an aimsir seo, beidh sí ar deire.
→
coraice
Ní anois a theastóchadh farae ar bith uatha(b) ach amach i gcoruice dhuibh na bliadhna, nuair nach mbeidh tiomsacht ar bith ar a' talamh.
→
foithnín
Dheamhan fuinín féir ag gabhail leis le caitheamh ag bó ná ag gamhain, agus rómhat amach a theastós an farae. 'Ar ndú níl tada den gheimhreadh tharainn fós
→
fuirsigh
Dhá mbeidís indon foirseadh leó go ceann trí seachtainí eile, bheadh muid i dtús féir agus níor bhaol dóibh (eallach). Bhí neart farae againn muise, marach go ndeárnadh plaicín gabhair dhó
→
fuacht
Anois is géire a theastódh farae l'aghaidh beithioch. Ní tada a bhfuil caite le hais a bhfuil romhat. Ní thigeann fuacht go hEarrach ná teas go Fómhar, adeir siad
→
droim
Ba mhó go fada a bheadh de bharr an choca agadsa dhá ndíoltá in a charrannaí ar an margadh é, seachas a dhíol faoin a dhruim istigh in t'iothlainn féin. Tá féar in a ór anois, arae tá an farae uiliog ídighthe. Bhí an bhliain an-dona
→
druid 1
Níl a dhath ariamh farae l'aghaidh na mbeithidheach anois, agus gub (gurb) é dubhluachair na bliana atá ann. Ach amach annseo a ghabhfas sé sin rompa. Beithidheach ar bith a gheobhfas cáll (call) an tráth seo 'bhliain, tá a chnaipe déanta. Caillfidhear é amach annseo. Ní hé lá an tsneachta a gcailltear an druideoig chor ar bith, adeir siad
Beithigh a dhul ag tiomsacht i lár an dubhgheimhridh thall! Dar príosta beithigh ar bith nach bhfuighidh farae anois, is gearr an bás uatha