farae
—ainmfhocal, fireann
—
féar, tuí, fataí, meaingeals srl. le tabhairt do bheithígh nuair nach mbeadh aon tiomsacht ar an talamh acu; fodder.
+–
Níl aon ghnaithe do bheithígh sa ngeimhreadh agat san áit seo mura mbeidh neart farae agat
Ná bac le seascachaí anois d'uireasa neart farae sa ngeimhreadh. Fadó ligeadh muid amach ar an sliabh iad agus cead acu beatha a bhaint as a gcrága, agus diabhal dhá shuaite chloíte dhá mbeidís, go bhfaightheá imeacht orthu. Ach dheamhan mórán áirge beart cnámha (beithígh caite) a thabhairt chuig aontaí anois. Mura mbeidh siad chomh sleamhain anois agus go sciorrfá dhíobh, níl aon fhiafraí orthu
TUILLEADH (1) ▼
Tá éascaíocht sa trasher ach cuireann sí an tuí ó rath. Ní bhíonn maith ar bith inti le aghaidh farae. Bíonn an tuí scothbhuailte an-deas an-séimh le aghaidh farae
farae in iontrálacha eile (9)
→
féar
Caithfidh mé a ndíol théis mo dhíchill ó tharla nach bhfuil féar tirim ná farae agam dóibh (beithígh)
→
caothach
M'anam muise, mura bhfuil ag a chuid beithíoch seasc ach a ndéanann siad de thiomsacht ar na caothachaí siúd nach sú salúin i mbéal bulláin dóibh é. Bó ar bith — seasc nó eile — nach bhfuil ag fáil farae ar an aimsir seo, beidh sí ar deireadh.
→
coraice
Ní anois a theastódh farae ar bith uathub ach amach i gcoraice dhuibh na bliana nuair nach mbeidh tiomsacht ar bith ar an talamh.
→
foithnín
Dheamhan foithnín féir ag gabháil leis le caitheamh ag bó ná ag gamhain, agus romhat amach a theastós an farae. Ar ndóigh níl tada den gheimhreadh tharainn fós
→
fuirsigh
Dhá mbeidís in ann fuirseadh leo go ceann trí seachtainí eile, bheadh muid i dtús féir agus níor bhaol dóibh (eallach). Bhí neart farae againn muise, murach go ndearnadh plaicín gabhair dhó
→
fuacht
Anois is géire a theastódh farae le aghaidh beathach. Ní tada a bhfuil caite le hais a bhfuil romhat. Ní thigeann fuacht go hearrach ná teas go fómhar, adeir siad
→
droim
Ba mhó go fada a bheadh de bharr an choca agatsa dhá ndíoltá ina charrannaí ar an margadh é seachas a dhíol faoina dhroim istigh in t'iothlainn féin. Tá féar ina ór anois, arae tá an farae uileag ídithe. Bhí an bhliain an-dona
→
druid 1
Níl a dhath ariamh farae le aghaidh na mbeithíoch anois agus gub (gurb) é dubhluachair na bliana atá ann. Ach amach anseo a ghabhfas sé sin rompu. Beithíoch ar bith a gheobhas call an tráth seo bhliain, tá a chnaipe déanta. Caillfear é amach anseo. Ní hé lá an tsneachta a gcailltear an druideoig chor ar bith, adeir siad
Beithígh a dhul ag tiomsacht i lár an dubhgheimhridh thall! Dar príosta beithígh ar bith nach bhfaighidh farae anois, is gearr an bás uathu