Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Druid, druideog
ainm-fhocal, buineann
tuiseal geineamhnach uathaidh = na druide, na druideoige
uimhir iolraidh = druideachaí, druideogaí.
druideach (baintear leas as seo scaithtí in a ainmneach agus in a thabharthach)
éan a bhfuil méid mhaith ann agus dath cineál donn, breactha air. (Starling). Tuairim agus cúig uibhe a bhíos aice, agus déanann sí nead i sean-chlaidheachaí, agus igcrainte farctha agus eile.
+
Tá brat druideachaí 'sa luirg
Choill muid nead druide annsin thuas indiu. Bhí chúig dhruid óga innte
TUILLEADH (3) ▼
Sciobfadh na druideachaí sin na péiste ó'n láighe agad. Déanann siad an-sléacht ar na hágaileachaí
Is diabhlaí an tsíorraidheacht atá 'sa druid féin, nuair nach bhfuil sí caillte fós. 'Sí an saighdiúr is fhearr uiliog aca í (de na h-éanachaí). Cheithre lá atá sí indon maireachtáil 'sa sneachta, adeir siad. M'anam go bhfuil sí tugtha go maith indiu muis. Ach mar sin féin, ar an dá luath agus a bhfuighidh sí fáfall ar bith, beidh sí ag tiomsacht aríst
Níl éan ar bith inchinnte ar an druideach in a dheidh sin. Tá na lonta agus na sucáin caillte, ach tá an druid indon é a bharraidheacht. Má bhaineann sé lá eile as an sneachta féachfaidh sé í freisin. Níl an oiread tapa innte indiu agus a bhí indé
+
Deir siad nach hé lá an tsneachta a chailltear an druid = sáruigheann sí an fuacht, mara mbeidh sé dalba ar fad, ach fágann sé fuigheall uirre a thugas bás di in a dheidh sin; b'fhéidir nach hé an sneachta a mharbhóchadh í, ach an t-ocras
Chuala mé ariamh é nach hé lá an tsneachta a chailltear an druid, ach tá siad caillte ina srathradhachaí amach annsin indiu
TUILLEADH (3) ▼
Ní hé an gorta a thug bás ar bith dóib, ach an aicíd a bhuail iad ina dhiaidh. Deir siad nach hé lá an tsneachta a chailltear an druid 'ar ndú' chor ar bith
Níl a dhath ariamh farae l'aghaidh na mbeithidheach anois, agus gub (gurb) é dubhluachair na bliana atá ann. Ach amach annseo a ghabhfas sé sin rompa. Beithidheach ar bith a gheobhfas cáll (call) an tráth seo 'bhliain, tá a chnaipe déanta. Caillfidhear é amach annseo. Ní hé lá an tsneachta a gcailltear an druideoig chor ar bith, adeir siad
Tá sí an-ghoineach, agus gan tada le tabhairt di. Ach shílfeá nach bhfuil an t-ocras ag goilleamhaint uirre fós. Ach ní hé lá an tsneachta a gcailltear an druid

Féach freisin

dur
dún

Druid in iontrálacha eile (5)

 
díbir
Cuirfidh mé díbirt ar a bhfuil agaibh ann má chloisim druid eile uaib. Breagh nach mbeadh sib ar an gceird seo ins an mbaile agaibh féin. Ní bheadh, arae ní éistfí lib
 
díle 1
Ar an dá luath agus a n-ólann sé pintín pórtair teagann an díle cainte dhó, agus do dhubhshlán annsin a chur in a thost go dtuitidh sé. Neart sclaibéaracht' a bhíos aige. An uair a bhíos sé ar a chéill ní bhíonn smid ná smeaid aige. Bheitheá ag cur maide siar in a bhéal, agus dheamhan druid adéarfadh sé. Is aisteach an chaoi a dteigheann an t-ól do chuid de na daoine
 
drad
Bhainfí an drad annsiúd asad, dhá n-abruightheá druid ar bith
 
droim
B'fhurasta duine a chur de dhruim tighe ins an am sin. Bhí an dlí uiliog dóib féin ag na tighearnaí, agus ní raibh aon-ghoir ag an duine bocht "druid" a rádh. Ach d'athruigh an saoghal ó shoin. Is maith an scéal gur athruigh.
 
Má chloisimse druid uait aríst go faoithin, cuirfidh mé druiminn ort le a dtiubharfaidh mé de bhata dhuit. Ní hé a mhalrait atá tú a thuaradh dhuit féin; ag imeacht ag cur allais asad annsin, agus gan méir i gcluais le cloisteáil agad. Nach breagh nach mbeitheá cuibheamhail fearacht do leithide ar bith 'san tír, agus gan na daoine a náiriú