Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fascallach
ainmfhocal, Fireann
Uimhir Iolraidh agus Geiniúnach Uathaidh: fascallaigh.
taoscán de lacht a líonfaí amach i soitheach, i ngloine, i muigín etc; téagar maith lachta; braon maith óil.
+
Scáird sé fascallach amach dó, agus 'ar ndú' mo léan, níor chuir sé siúd suas dó
Dar príosta ghabhfadh fascallach maith san ngloine a fuair sé, agus d'ól sé trí cinn aca as cosa i dtaca. Dheamhan fear eile san teach dhá gcaitheadh an oiread in éindigh nach mbeadh tomhaiste. Ach dheamhan aithne deóir a bhí air
TUILLEADH (3) ▼
An olfaidh tú fascallach bláthaí, ó thárla nach bhfuil sé níos fhearr le tairiscint againn duit
Thuillfeadh fascallach mór san mbairille sin. A dhá oiread agus a thuillfeadh san tubán déarfá?
Tá fascallach sprae thuas san mbairille agam, agus ní fuláir dom a chur amach inniu, agus gan lá eile a bheárnú leis. Diabhal mé go bhfuil na daoine meata ag an sprae céanna nuair nach bhfuil an aimsir ag teacht cóiriúil lena aghaidh