—
taoscán de lacht a líonfaí amach i soitheach, i ngloine, i muigín srl.; téagar maith lachta; braon maith óil.
+–
Scaird sé fascalach amach dó, agus ar ndóigh mo léan, níor chuir sé siúd suas dó
Dar príosta, ghabhfadh fascalach maith sa ngloine a fuair sé agus d'ól sé trí cinn acu as cosa i dtaca. Dheamhan fear eile sa teach dhá gcaitheadh an oiread in éindí nach mbeadh tomhaiste. Ach dheamhan aithne deoir a bhí air
TUILLEADH (3) ▼
An olfaidh tú fascalach bláthaí, ó tharla nach bhfuil sé níos fhearr le tairiscint againn duit
Thuillfeadh fascalach mór sa mbairille sin. A dhá oiread agus a thuillfeadh sa tobán déarfá?
Tá fascalach sprae thuas sa mbairille agam agus ní foláir dom a chur amach inniu, agus gan lá eile a bhearnú leis. Diabhal mé go bhfuil na daoine meata ag an sprae céanna nuair nach bhfuil an aimsir ag teacht cóiriúil lena aghaidh