Faslach
—Ainmfhocal, Fireann
—focal an-choitianta ar an Achréidh i gcéill a 2
1.
an méid a thiúrfá leat idir do dhá láimh, nó an méid uisce a chuirfeá suas le do dhá láimh. Baslach ó cheart fc. baslach.
+–
Caith isteach faslach den mhóin sin l'aghaidh na hoíche = baslach
Cuir faslach uisce ar an stól sin = nigh é
TUILLEADH (1) ▼
Caith faslach de na fataí sin san bpota
2.
ath-pholl, lag pholl i bportach; an chuid den phortach a bhfuil an mhóin bainte ann; sean-phortaigh.
+–
Fuaigh sé ón eanach ar an bhfaslach agus ón bhfaslach ar an eanach aríst = ón mbruach san lagpholl agus rl.
Níl i mBaile na C. sin ar fad ach faslaigh móna. Ach chuir siad an-chóir air le blianta anuas. Ní amparáin ar bith atá síos annsin. Is beag nach bhfuil talamh ag lucht na móna anois cho maith linn féin
TUILLEADH (3) ▼
Bíonn an-tóir ag cuid de na daoine ar an móin fhaslaigh, ach ní thaithneódh sí liomsa. Bíonn sí an-sprosach, an-bhriosc
Barreanaigh (cineál móna) a bhí san leoraí cheana ach ar an bhfaslach a baineadh í seo. Is fhearr í ná an barreanaigh ar chaoi ar bith. Foighid ort nó go dtaga an chinceach. Sin í an mhóin
Ar chuala tú ariamh faoin bhfear as an M. a cuireadh Gaillimh leis an mBéarla a thabhairt abhailí … Bhí sé aige nó go dtainig sé cho fada le faslach thíos ar an gC. Mh. Thuit sé san bhfaslach, agus nuair a d'eirigh sé, bhí an Béarla imithe! Bhí an-diomú san M. nuair a thainig sé d'uireasa an Bhéarla. Tá an Béarla thíos san bhfaslach sin fós dá gcartaí é!
Faslach in iontrálacha eile (1)
→
fál
Ní raibh san áit sin ar fad ach faslach, agus diabhal asna dhó-san nar chuir fál leis. Tá sé ag tabhairt fhataí anois dó