faslach
—ainmfhocal, fireann
—focal an-choitianta ar an Achréidh i gcéill a 2
1.
an méid a thabharfá leat idir do dhá láimh nó an méid uisce a chuirfeá suas le do dhá láimh. Boslach ó cheart; fc. boslach
+–
Caith isteach faslach den mhóin sin le aghaidh na hoíche — boslach
Cuir faslach uisce ar an stól sin — nigh é
TUILLEADH (1) ▼
Caith faslach de na fataí sin sa bpota
2.
athpholl, lagpholl i bportach; an chuid den phortach a bhfuil an mhóin bainte ann; seanphortaigh.
+–
Fuaigh sé ón eanach ar an bhfaslach agus ón bhfaslach ar an eanach aríst — ón mbruach sa lagpholl srl.
Níl i mBaile na C. sin ar fad ach faslaigh móna. Ach chuir siad an-chóir air le blianta anuas. Ní amparáin ar bith atá síos ansin. Is beag nach bhfuil talamh ag lucht na móna anois chomh maith linn féin
TUILLEADH (3) ▼
Bíonn an-tóir ag cuid de na daoine ar an móin fhaslaigh, ach ní thaitneodh sí liomsa. Bíonn sí an-sprusach, an-bhriosc
Barr-eanaigh (cineál móna) a bhí sa leoraí cheana ach ar an bhfaslach a baineadh í seo. Is fhearr í ná an barr-eanaigh ar chaoi ar bith. Foighid ort nó go dtaga an chinceach. Sin í an mhóin
Ar chuala tú ariamh faoin bhfear as an M. a cuireadh Gaillimh leis an mBéarla a thabhairt abhaile … Bhí sé aige nó go dtáinig sé chomh fada le faslach thíos ar an gC. Mh. Thit sé sa bhfaslach, agus nuair a d'éirigh sé, bhí an Béarla imithe! Bhí an-diomú sa M. nuair a tháinig sé d'uireasa an Bhéarla. Tá an Béarla thíos sa bhfaslach sin fós dá gcartaí é!
faslach in iontrálacha eile (1)
→
fál
Ní raibh san áit sin ar fad ach faslach, agus diabhal easna dhósan nár chuir fál leis. Tá sé ag tabhairt fhataí anois dó