Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Feánach
Ainmfhocal: fireann
Geiniúnach Uathaidh: feána.
1.
méitheal; scata; fuireann.
+
Chuaigh feánach lucht portaigh soir san leoraí ar ball. Shíl mé nach mbeadh aon-obair aca inniu agus saoire ar an lá. Ach chreidim nach miste leo sin céard a dhéanfas saoire ná sollúna
Sin feánach atá ag dul chuig an damhsa atá ag an sagart. Ar chuala tú céard adúirt S. an Gh. faoi? "Is gradha an saol é! Is gradha muis", adeir sé. "Cuimnímse fhéin — agus ní hé an fhad sin ar an saol mé — go mbíodh sagairt ag sciolladh agus ag scóladh den altóir ar dhuine ar bith a ghabhfadh amach ag damhsa, de shiúl oíche. Anois tá siad dhá bhfuagairt ón altóir, agus ag maoidheachtáil leo a dhul ann, agus mara dteighe, dar fia is cam a bhreathnós siad orra lár na mháireach má chastar leo i mbóthar ná i mbealach iad! Is gradha an saol e! Is gradha sin!
TUILLEADH (2) ▼
An raibh feánach mór san tráigh inniu? … D'eireódh dhóibh. Ba é an lá é. Bhí tráigh lom bhuan ann.
Chíotar dhom go bhfuil feánach mór san ngarraí aige inniu ag baint fhataí marab iad na cliamhaineachaí atá ann
2.
pael; canna; ancord.
+
Thug sé feánach eanra dhom, agus deirimse leat gur ól mise go súite í. Ní raibh an oiread dúil i mo bhéilí agam ariamh roimhe. = pael
Chonnaic mé ag dul Gaillimh í an lá faoi dheireadh agus feánach bainne aice i gcarr asail = ancord nó coire
TUILLEADH (2) ▼
Thug sé feánach dom agus taoscán fuisce ann. Sin í clár na fírinne dhuit! "Ara céard tá annseo", adeirimse. "Níl aon-ghloine agam", adeir sé. "Ól foracún agus nuair a bhéas do sháith agad sín agamsa é"
Tabhair anuas feánach uisce agam. Tá íota orm indiaidh an éisc sin. Dá mbeinn d'uireasa annlainn le mo ló, ní íosfaidh mé aríst cho goirt sin é
3.
bleánach: taoscán; foracún.
+
Tá feánach diabhalta ólta aige inniu. Is bocht nach mbeadh agus é in a éadan ó uair an darna hAifreann. Bánóidh sé é fhéin leis. Níl sé ag tógáil ceann ar bith anois as = taoscán; bleánach; scallach maith
Cuireann sí feánach leamhnacht 'ar chuid na muc 'chuile lá. Is beag an dochar dóibh éifeacht féin a bheith ionta. Go bhfoire Dia ar na muca nach bhfánn ach an fata tor! Is deacair dóibh aon-rath a bheith orra
TUILLEADH (2) ▼
Ólfaidh mé feánach tae anois sílim. Beidh mé indon an oíche a mharaíocht annsin!
Ní fhéadfá gan dógh bhoilg a bheith ort agus an feánach fuisce a d'ól tú inné.
4.
ualach; bord: mallach; ualach mór. (Tugtar in áiteachaí — Leitir Mealláin agus aniar go Cois Fharraige — feánach ar ualach móna nó feamainne nó a leithide a bheadh ar asal "srathraithe". Ach thiúrfaí i gCois Fharraige é ar ualach mór a bheadh i rud ar bith — i leoraí, i gcairt etc.).
a.
+
Thug an leoraí feánach diabhalta móna leis. Chuir sé trí fhód de mhaolóig suas. M'anam narbh fhuláir dó sé phunt deich a thabhairt ar an leoraí úd: gur ag fear an leoraí a bhí an bhantáiste in a dhiaidh sin
Bhí feánach mór "meaingiols" san gcarr ag teacht aniar aige, hébrí cá bhfuair sé iad. Tá "meaingiols" sna bólaí sin siar chreidim. Ní bhíonn siad dhá bhfuireasa aon-uair
TUILLEADH (1) ▼
Is diabhlaí an feánach feamainne a chuir sé ar an gcapall. Ach is beag an tolgán a bhí aice siúd ann, mo léan. An-chapall í, bail ó Dhia uirri!
b.
+
Teirigh i gcoinne feánach móna ar an asal = ualach srathrach agus cléibh
Níl san scaipiúch fheamainne siúd ach feánach eile den asal. Shíl mé nach mbeadh sin fhéin inte = bord, mallach
TUILLEADH (3) ▼
Thiúrfadh chúig feánaí eile ídiú maith ar an dúchán. Ba mhaith a sheas sé. Shíl mé nach raibh a leath-oiread sin ann
Ag líonadh feánach móna ar an asal a bhí mé nuair a bhuail sé chugam aníos. "Tá 'fire' agus gríosach dhá dhéanamh ar mo chuid móna-sa", adeir sé. "Dheamhan fód dhá fhágáil agam. Beidh a shliocht orra muis. Gabhfaidh mise ag faire, agus an té a mbéarfaidh mé istigh air i mbéal na cruaiche, sin ní fhágfaidh sé".
Ní raibh de bharr na trágha inniu againn ach cheithre fheánach capaill. Meas tusa nar dhona an fátall é sin ag triúr!

Féach freisin

Feánach in iontrálacha eile (1)

 
Nuair a scaoil mé an feánach (feánóg; feánac; cléitheog) tháinig leatroma san ualach agus chuaigh an tsrathair agus a raibh ann anuas druim ar ais. B'fhada go dtáinig mé isteach ar an bpéire a scaoileadh in éindigh