Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
feadhnach
ainmfhocal, fireann
ginideach uatha: feadhnaigh
1.
meitheal; scata; foireann
+
Chuaigh feadhnach lucht portaigh soir sa leoraí ar ball. Shíl mé nach mbeadh aon obair acu inniu agus saoire ar an lá. Ach chreidim nach miste leo sin céard a dhéanfas saoire ná sollúna
Sin feadhnach atá ag dul chuig an damhsa atá ag an sagart. Ar chuala tú céard adúirt S. an Gh. faoi? 'Is groí an saol é! Is groí muis,' adeir sé. 'Cuimhnímse fhéin — agus ní hé an fhad sin ar an saol mé — go mbíodh sagairt ag sciolladh agus ag scóladh den altóir ar dhuine ar bith a ghabhfadh amach ag damhsa de shiúl oíche. Anois tá siad dhá bhfuagairt ón altóir, agus ag maíochtáil leo a dhul ann, agus mura dté, dar fia is cam a bhreathnós siad orthu lá arna mhárach má chastar leo i mbóthar ná i mbealach iad! Is groí an saol e! Is groí sin!'
TUILLEADH (2) ▼
An raibh feadhnach mór sa trá inniu? … D'éireodh dhóibh. Ba é an lá é. Bhí trá lom bhuan ann.
Chítear dhom go bhfuil feadhnach mór sa ngarraí aige inniu ag baint fhataí murab iad na cliamhaineachaí atá ann
2.
paol; canna; ancard
+
Thug sé feadhnach anraith dhom agus deirimse leat gur ól mise go súite í. Ní raibh an oiread dúil i mo bhéilí agam ariamh roimhe — paol
Chonaic mé ag dul Gaillimh í an lá faoi dheireadh agus feadhnach bainne aici i gcarr asail — ancard nó coire
TUILLEADH (2) ▼
Thug sé feadhnach dom agus taoscán fuisce ann. Sin í clár na fírinne dhuit! 'Ara céard atá anseo,' adeirimse. 'Níl aon ghloine agam,' adeir sé. 'Ól foracún agus nuair a bheas do sháith agat sín agamsa é'
Tabhair anuas feadhnach uisce agam. Tá íota orm i ndiaidh an éisc sin. Dá mbeinn d'uireasa anlainn le mo ló, ní íosfaidh mé aríst chomh goirt sin é
3.
bleánach; taoscán; foracún
+
Tá feadhnach diabhalta ólta aige inniu. Is bocht nach mbeadh agus é ina éadan ó uair an darna haifreann. Bánóidh sé é fhéin leis. Níl sé ag tógáil ceann ar bith anois as — taoscán; bleánach; scalach maith
Cuireann sí feadhnach leamhnachta ar chuid na muc chuile lá. Is beag an dochar dóibh éifeacht féin a bheith iontu. Go bhfóire Dia ar na muca nach bhfaigheann ach an fata tor! Is deacair dóibh aon rath a bheith orthu
TUILLEADH (2) ▼
Ólfaidh mé feadhnach tae anois sílim. Beidh mé in ann an oíche a bharraíocht ansin!
Ní fhéadfá gan dó bhoilg a bheith ort agus an feadhnach fuisce a d'ól tú inné.
4.
ualach; bord: mallach; ualach mór. Tugtar in áiteachaí — Leitir Mealláin agus aniar go Cois Fharraige — feadhnach ar ualach móna nó feamainne nó a leithide a bheadh ar asal srathraithe. Ach thabharfaí i gCois Fharraige é ar ualach mór a bheadh i rud ar bith — i leoraí, i gcairt srl.
a.
+
Thug an leoraí feadhnach diabhalta móna leis. Chuir sé trí fhód de mhaolóig suas. M'anam nárbh fholáir dó sé phunt deich a thabhairt ar an leoraí úd: gur ag fear an leoraí a bhí an bhuntáiste ina dhiaidh sin
Bhí feadhnach mór meaingeals sa gcarr ag teacht aniar aige, hé brí cá bhfuair sé iad. Tá meaingeals sna bólaí sin siar chreidim. Ní bhíonn siad dhá bhfuireasa aon uair
TUILLEADH (1) ▼
Is diabhlaí an feadhnach feamainne a chuir sé ar an gcapall. Ach is beag an tolgán a bhí aici siúd ann, mo léan. An-chapall í, bail ó Dhia uirthi!
b.
+
Téirigh i gcoinne feadhnach móna ar an asal — ualach srathrach agus cléibh
Níl sa scaipiúch fheamainne siúd ach feadhnach eile den asal. Shíl mé nach mbeadh sin fhéin inti — bord, mallach
TUILLEADH (3) ▼
Thabharfadh chúig feadhnaigh eile ídiú maith ar an dúchán. Ba mhaith a sheas sé. Shíl mé nach raibh a leathoiread sin ann
Ag líonadh feadhnach móna ar an asal a bhí mé nuair a bhuail sé chugam aníos. 'Tá fire agus gríosach dhá dhéanamh ar mo chuid mónasa,' adeir sé. 'Dheamhan fód dhá fhágáil agam. Beidh a shliocht orthu muis. Gabhfaidh mise ag faire, agus an té a mbéarfaidh mé istigh air i mbéal na cruaiche, sin ní fhágfaidh sé'
Ní raibh de bharr na trá inniu againn ach cheithre fheadhnach capaill. Meas tusa nár dhona an fáiteall é sin ag triúr!

Féach freisin

feadhnach in iontrálacha eile (5)

 
Nuair a scaoil mé an feadhnach (feadhnóg; feadhnac; cleitheog) tháinig leatroma san ualach agus chuaigh an tsrathair agus a raibh ann anuas droim ar ais. B'fhada go dtáinig mé isteach ar an bpéire a scaoileadh in éindí
 
Chuaigh sé suas glanoscartha gan méir a bhaint dhá shrón go Both Loiscthe gur ól sé feadhnach poitín ann, ach ní raibh sé chomh hoscartha sin ag teacht abhaile! — bhí siúl aige ag dul ann, ach ní raibh ag teacht ar ais, mar bhí ballasta istigh aige
 
Bhí a fhios agam go raibh an bás air an lá a bhfaca mé ag dul soir tharam anseo é, gafa gléasta giogáilte suas. Dheamhan amach thar an doras a chuir sé a chois leis an tsíoraíocht roimhe sin. 'Tá luadar eicínt fút a bhuachaill,' adeirimse. D'ól sé an-fheadhnach fuisce an lá sin. An chéad rud eile a chuala mé féin go raibh sé ar na maidí. Rámhailltí an bháis a thug amach an lá sin é. Dheamhan a athrú!
 
D'ól mise feadhnach poitín thuas ar bhainis iníon Ph. agus chaith mé cheithre oíche ar neamhchodladh dhá bharr. Níl aon phointe dhá mbeinn ag titim in mo chodladh nach n-aireoinn drithlíní ag dul thríom, agus dhúiseoinn suas agus dheamhan tionúr a thitfeadh ar mo shúil go lá aríst. Níl aon duine dhár theangmhaigh sé leis nár éirigh an cleas céanna dhó
 
dóigh 3
Is gearr a bhí an feadhnach móna sin dhá dhó