Feánóg
—
cliabh rotháin nó cléitheog an chliabh rotháin freisin. Tugtar "feánach" agus "feánac" cho maith céanna air.
+–
Feánógaí atá aige ag tarraint an aoiligh siar ar an ngarraí údan = cléibh rotháin
Nuair a scaoil mé an feánach (feánóg; feánac; cléitheog) tháinig leatroma san ualach agus chuaigh an tsrathair agus a raibh ann anuas druim ar ais. B'fhada go dtáinig mé isteach ar an bpéire a scaoileadh in éindigh
TUILLEADH (2) ▼
Mara dtapaí tú na feánógaí, ionntóidh an t-ualach ort. Bí ar t-áirdeall fhéin. Tá an cineál sin cléibh an-chleasach
Níl aon-chleachta agadsa ar na feánachaí seo. Siad a bhíos againne ar fad. Ní fhóinfeadh aon-chléibh eile dhuinn ach iad, ag tarraint ualaigh annseo.