feadhnóg
—
cliabh rotháin nó cleitheog an chliabh rotháin freisin.  Tugtar feadhnach agus feadhnac chomh maith céanna air.
+–
  Feadhnógaí atá aige ag tarraingt an aoiligh siar ar an ngarraí údan — cléibh rotháin
Nuair a scaoil mé an feadhnach (feadhnóg; feadhnac; cleitheog) tháinig leatroma san ualach agus chuaigh an tsrathair agus a raibh ann anuas droim ar ais.  B'fhada go dtáinig mé isteach ar an bpéire a scaoileadh in éindí
      
                                TUILLEADH (2) ▼
                            
Mura dtapaí tú na feadhnógaí, iontóidh an t-ualach ort.  Bí ar t-airdeall fhéin.  Tá an cineál sin cléibh an-chleasach
Níl aon chleachtadh agatsa ar na feadhnachaí seo.  'Siad a bhíos againne ar fad.  Ní fhónfadh aon chléibh eile dhúinn ach iad ag tarraingt ualaigh anseo