Fealltach
—aidiacht as feáll
—
éagórach, mí-ghníomhach, místáideach.
+–
"Na trí ní is feálltaí: cois capaill, fiacail madadh, focal duine uasail"
Déarfadh na seandaoine fhéin nach bhfuil rud ar bith cho feálltach le focal duine uasail, ach fuair mise le léamh é inniu. Ach mo chreach an duine uasal, arsa tusa. Duine uasal anuas de lota na gcearc
TUILLEADH (2) ▼
Is maith nach mór do dhuine a bheith ar a áirdeall fhéin ar fhiacail an mhadaidh. Bíonn sé fealltach, adeir siad. Ach is fusa do dhuine a láimh a choinneál uaidh ná a thabhairt as a bhéal
Tá sé dubh-fhealltach. Má fhaghann sé deis ar bith ort, beidh a fhios agad é
·
Tá sruthannaí an-fhealltach soir annsin. Ní bheadh aon-ghnatha ag aineólaí le currach ann
Tá an poll sin fealltach san oíche mara mbeadh an-eólas agad ann. Ní chuimhneódh duine go mbeadh cor ar bith san gcasán, nó go gcuirfí ar a bhéal agus ar a fhiacla le fánaidh é