fealltach
—aidiacht as feall
—
éagórach, míghníomhach, místaideach.
+–
"Na trí ní is fealltaí: cois capaill, fiacail madaidh, focal duine uasail"
Déarfadh na seandaoine fhéin nach bhfuil rud ar bith chomh fealltach le focal duine uasail, ach fuair mise le léamh é inniu. Ach mo chreach an duine uasal, arsa tusa. Duine uasal anuas de lota na gcearc
TUILLEADH (2) ▼
Is maith nach mór do dhuine a bheith ar a airdeall fhéin ar fhiacail an mhadaidh. Bíonn sé fealltach, adeir siad. Ach is fusa do dhuine a láimh a choinneáil uaidh ná a thabhairt as a bhéal
Tá sé dubhfhealltach. Má fhaigheann sé deis ar bith ort, beidh a fhios agat é
·
Tá sruthannaí an-fhealltach soir ansin. Ní bheadh aon ghnaithe ag aineolaí le curach ann
Tá an poll sin fealltach san oíche mura mbeadh an-eolas agat ann. Ní chuimhneodh duine go mbeadh cor ar bith sa gcosán nó go gcuirfí ar a bhéal agus ar a fhiacla le fána é