Feamainn
—Ainmfhocal: Buineann
—Uimhir Iolraidh: feamainneachaí; ach ní bhainfí mórán leas as Uathaidh dó indáil le i gcomhnaí .i. "na cineálachaí feamainne etc. Feamnach adeirtear san Ainmneach ar an Achréidh.
—Geiniúnach Uathaidh: na feamnaí.
—má bhíonn aidiacht le feamainn, sé sin cineál feamainne, ní bhíonn aon-chlaochlódh tuisil ann go háirid "feamainn dearg"
1.
craobhógaí, cuailleachaí, slata nó dosáin a theagas isteach san mbruth faoi thír, nó a fhásas ar chlocha agus ar leacrachaí an chladaigh. Tá an iomad cineálachaí feamainne ann: feamainn dubh, feamainn dearg, feamainn bheag, feamainn bhoilgíneach, míoránach, rocálach, rúálach, cáitseach, cáilíneach, coirleach, liúrachaí, feamainn bhuí, barr-cuanla etc.
a.
·
Sí an fheamainn dubh a fhásas ar na clocha amach go dtí diaidh thráigh rabharta móir. Leasú maith í. Baintear san Earrach í le sceanna, agus cuirtear amach ar thalamh fataí í.
·
Feamainn bheag nó caisíneach = in uachtar an chladaigh a bhíos sí. Ní chuirtear amach ar leasú ar bith í. Rud rosach í. Roimhe seo bhaintí le haghaidh ceilpe í agus le líon a ghealadh. Nuair a bhíodh an líon sníofa, nídís iarnaí dhe. Agus é in a iarnaí theighidís agus bhainidís an fheamainn bheag .i. an fheamainn bhoilgíneach chaisíneach. Thriomuídís í, agus annsin dhóighidís í agus nídís ceilp di. Chuiridís síos na hiarnaí snáth san bpota annsin, agus cnap den cheilp .i. an rud a ghealfadh an snáth, a chur síos in éindigh leó. Thugaidís leó an hiarnaí annsin agus chuiridís maide is chaon chloigeann dhíob, agus scaraidís amach ar an talamh é (an snáth). Ghealadh sé annsin
·
Cas-fheamainn = is beag nach mar an gcaisíneach nó an fheamainn bheag í. Tá sí catach ar an gcaoi chéanna agus níl aon-mhaith inte le haghaidh leasuithe. Sé mórán an áit chéanna a mbíonn sí san gcladach, ach gur híochtaraí í de bheagán ná an chaisíneach
·
Feamainn bhuí = ó leath-trágha go diaidh-tráigh atá sí. Fásann sí in a ladhrógaí; thríd an bhfeamainn dubh. Is leasú maith í, ach ní fuláir gan a fágáil caite as cionn a chéile nó dhreoghfadh sí gan moill ar bith, agus dhéanfadh sí cnuimhe shul a bhféadthá freastal di agus a cur amach ar an ngarraí
·
An fheamainn mhín = cineál feamainne a fhásas ar na ceanna slat. Scóthach a thugas daoine uirre ach ní mara chéile baileach iad. Is mó agus is troime na dosáin scóthaí ná na fheamainn mhín. Tá an dosán cearnógach mórán agus billeóga amach air in a ngabhalannaí. Amach in aice an coirlí a bhíos sí. Baineann an fhairrge í, agus teagann adhairteannaí móra di i dtír faoi Fhéil San Seáin nó taca an ama sin. Ní mórán a chuirtear ar leasú í, mar ní bhíonn aon-chur le déanamh san am a dteagann sí le tír, mara mbeadh turnapaí féin ann
+–
Feamainn Dearg = dath dearg atá uirre. Teagann sí isteach san mbruth faoi thír ar feadh na bliana le cóir ghaoithe. Baineann oibriú na farraige de na leacrachaí agus de na bráideannaí domhainne í. Cupógaí móra dearga a bhíos innte agus slata mara agus cuailleachaí thríthe. Cuirtear amach in a sean-leasú ar an talamh í ó Mhí Dheireadh an Fhómhair, ach fóineann sí do leasú ar bith
Bhí sé ag sciobadh feamainn dearg le trí mhaidin = a dhul san gcladach de shiúl oíche nó deireadh oíche agus an snáth a scoilteadh idtosach ar aonduine eile. Bheadh sé agad uilig annsin duit féin, agus ní fhéadfadh aonduine a dhul in a bharr ort. Ach roinntear an fheamainn dearg in áiteachaí fós. Ceaptar a chion féin do gach duine de réir fairsinge a chuid talúna, agus caitear crainnte annsin uirre.
TUILLEADH (1) ▼
Dóigheann an fheamainn dearg sin an talamh ar fad. Ní bhíonn uirre ach sbogáin d'fhataí
·
Feamainn gheimhridh; feamainn an tsean-leasuithe = an fheamainn a thigeas sna cladaigh ó dheireadh an Fhómhair go Lá Fheil Bríde. Feamainn dearg, troscar trágha agus rl.
·
Feamainn reatha = cáitseach nó rúálach nó feamainn a bheadh ag imeacht leis an bhfeacht nó ar an bhfarraige.
Tá plás mhór feamainn reatha amach leathcuain, agus má theagann sí chun tíre, beidh feamainn tirm ag na B. go ceann deich mbliana. Tá a fhios agam go maith gur leo a eireós sí! Tá an iomarca spreallaireacht ar an gcuid eile den bhaile!
·
Feamainn ghainimh = feamainn dubh a bheadh anonn agus anall ar thráigheannaí nó ar mheath-dhúirlinneachaí, nó feamainn dearg a bháithfeadh súiteán na farraige san ngainimh. Ní thaithníonn sí le talmhaithe. Cuireann sí an talamh chun salachair. Ach chuirtí amach idir stucaí an arúir san bhFómhar í mar shean-leasú roimhe seo. Is annamh a bhactar anois léithe
Is maith í an fheamainn ghainimh sin ag an talamh muis! Diabhal breág nach maith! Cuirfidh sí ainnleóg ann
+–
Feamainn aon-choise: má bhíonn feamainn fágha in a fás dhá bhliain nó trí bliana, bíonn sí ar aon-chois. Dhá bhfaghadh duine feamainn ar aon-chois, ní i bhfad a bheadh sé ag baint glac mhaith di. Fás maith dhá bhliain, bíonn sí ar aon-chois
Tá feamainn ar aon-chois san gclochar siúd. Ní bheidh achar ar bith orainn cúig nó sé de bhoird a bhaint ann.
TUILLEADH (3) ▼
Is gearr a bheitheá ag baint an oiread agus a leasódh an garraí sin, dhá bhfáiteá an fheamainn ar aon-chois. Ba cheart go mbeadh fás sna cladaigh siúd. Cladaigh dána iad, agus níl siad cho gann fúithe agus atá muide aniar annseo
Ní bhfuair tú aon-spóirt go hiomdha, ach ag feannadh na roinne siúd. Feamainn aon-choise uilig atá uirre. Tá sí in a sraith ann.
Níl aon-tsop ag gabhail leis ach feamainn aon-choise. Is furasta dhó cur fhéin a dhéanamh. Tá fairsinge cladaigh aige, agus féadfaidh sé í a leigean suas in a fás. Ní ag crinneadh na gcloch is call dó a bheith fearacht tuille
+–
Feamainn ghaoithe; feamainn le gaoith: feamainn a bhaintear amach ar na scóthachaí nó ar na mulláin dhomhainne san gcladach áit nach mbíonn sé in araíocht a cur ar bruach as le capall, asal, ná leis an druim féin. Baintear í agus scaoiltear le gaoith nó san sruth í, agus tiúrfaidh an taoille tuile isteach ar an tráigh í. Cuirtear sreangáin bheaga ar chosa na feamainne, i gcomharaíocht aithne, agus má theigheann sí i gcladach baile ar bith eile, ní dhrannfar léithe.
Ag baint fheamainn ghaoithe atá siad ar an mBranra
TUILLEADH (1) ▼
Bhí feamainn le gaoith isteach inniu
+–
Feamainn scine; an fheamainn atá ar chlocha an chladaigh agus a bhaintear le sceanna .i. feamainn dubh, bhuí, míoránach, barr-chuanla etc.
Go leágha an diabhal é, mar scéal, ní thóigfeadh duine ar bith feamainn scine agus a fhiosacht aige (dó) gur duine eicínt eile a bhain í.
TUILLEADH (1) ▼
Mara bhfuil feamainn scine aige tá feamainn tirm aige: trí choca dhi = feamainn dearg a thóigfeá as an mbruth faoi thír agus a thriomóchthá thuas ar ionnlach, agus a chocfá nuair a bheadh sí tirm. Cuirtear ar thurnapaí amach san samhradh í, nó díoltar le muinntir an tsléibhe nó muinntir Achréidh í nó ritear in a ceilp í
b.
+–
Tá sé le feamainn inniu = in éadan feamainne; ag cur fheamainne ar bruach, nó dá baint, nó dhá cur amach ar na garrantaí
Tá tú as feamainn muis mara scara tú fhéin agus an codladh le chéile
TUILLEADH (14) ▼
Tá snáth maith feamainne istigh
Tá scaipiúch bheag fheamainne annsiúd agus ba cheart daoibh a bailiú
Níl dosán feamainn dearg ann, th'éis a raibh de ghaoith andeas ann le seachtain.
Tá an-adhart fheamainne istigh. Tá: airde crann báid
Fuair sé an-phul feamainne le dhá lá
Tá soipíneach beag feamainne istigh
Is diabhlaí an sraith feamainne — feamainn reatha — a chonnaic mé amach ó charraig Bh. T. inné agus mé ag tógáil na bpotaí
Ní chuireann sé dhá scuabán feamainne is gach cliabh
Caithfidh mé malach (bord, bóirdín, feánnach, ualach etc.) feamainne a thabhairt aníos
Níl mórán feamainne ar an roinn údan. Meastú an seasfadh sí sé bhoirdín don asal?
Tá luascán feamainne fágha thíos fós
Ní theagann lucht feamainne ar bith anois
B'iomdha lucht feamainne a cheannuíodh muid fadó
Cuir ceóbáinín beag eile feamainne ar an iomaire sin
2.
+–
Bíodh an fheamainn aige! Cén bheann atá againn air? = teigheadh sé ag an diabhal; let him go to hell
Bíodh an fheamainn aice fhéin agus ag a cuid féir! Tá an féar se'againn fhéin le cur isteach fós, agus sé is mó cás linn
TUILLEADH (2) ▼
D'fhága tú an t-asal amuigh. Bíodh an fheamainn aige! Ní mórán a ghoillfeas oíche air!
Bíodh an fheamainn ag an scoil! Caithfidh siad fanacht san mbaile inniu ar chaoi ar bith. Lá san gcéad a choinním san mbaile iad (páistí)
3.
·
Cosa feamainne: cineál luibhe a bhíos i ngarrantaí. Bhaintí í le linn ghanntann an tobac, thriomuithí í, agus chaití i leabaidh tobac í. Tugtar cosa préacháin freisin uirre
Feamainn in iontrálacha eile (50+)
→
faitíos
Má thugann tú an tabhairt ort fhéin, agus an snáth-feamainne a eirí leat, scoilt go maith í, faitíos na heirimisce. Tá fir istigh ar an mbaile seo, agus ghabhfaidís síos in do dhiaidh ann, agus dheamhan a dhath carghaís a bheadh orra a tógáil ort. Shéanfaidís go raibh sí scoilte chor ar bith
Ní bheidh earasbár ar bith agad pér bith céard a dhéanfas tú le easbaidh. Is mór an lear feamainne nach fuláir don gharraí siúd. Tá sé buan
→
feadhain
Níl garraí ar an bhfeáin agam nach bhfuil foirghe mar sin. Dheamhan uabhar i dtada ar chuma ar bith, ach i ngiosadáin. Níl ann ach an uair a bhíodh feamainn ghaineamh ag dul idir stucaí go mbíodh an talamh salach. M'anam gur sailighe go fada anois é tharéis nach bhfágtar gionnóid shalachair ann
+
Is diabhlaí an feánach feamainne a chuir sé ar an gcapall. Ach is beag an tolgán a bhí aice siúd ann, mo léan. An-chapall í, bail ó Dhia uirri!
TUILLEADH (1) ▼
Níl san scaipiúch fheamainne siúd ach feánach eile den asal. Shíl mé nach mbeadh sin fhéin inte = bord, mallach
→
fiosach
Ní fhaca mise aon-fhear ariamh is fiosaí ná M. N. "An bhfuil na fataí lánuithe agad?" "Cé mhead sleán móna bainte agad?" "Ar chuir muinntir T. Mh. mórán feamainn tirm amach?" …
+
→
fios
Níor cheart dó láimh a leagan uirre agus fios aige go mba feamainn scine í
TUILLEADH (1) ▼
Mara bhfuil aon-fhios feamainne ag T. Mh. Bhí sé ag an gcladach = eólas a raibh feamainn isteach san gcladach
→
focal
Má theastaíonn lucht feamainne uait, anois atá agad a cur i bhfocal, nó beidh tú aiste aríst.
→
foirm
Dúirt sé é sin! Dúirt sé go bhféadfadh ceachtar againn atá fúithe an fheamainn pháirteach a bhaint agus nach mbeadh aon-mhaith aon-tréas a chur air, nach gcaithfí é san dlí. Thug sé a éitheach! Cén chiall nach gcaithfí? Déanadh sé mar sin é feiceamuist! Sin caint anois nach bhfuil i gclár ná i bhfoirm
→
fothram
Ní féidir gurb shin fothram gaoithe san doras iata. Feamainn dearg! Nar ba slán ceóil dhuit anois mar ghaoith! Ní iarrfadh muid aon-fheamainn dearg go ceánn seachtain eile
→
fág gan
Shílfeá gur mór an dícéille atá air a dhul ag cur anró air fhéin ag baint fheamainne le curach, agus dalladh feamainn dubh — airde crann loinge dhi — thíos annsin thíos aige ar chongar. Ach ní minic leis an gceann céanna gan an chontráil a dhéanamh. Oibríodh sé leis. Ag treabhadh an tsléibhe agus an talamh réidh a fhágáil gan cur. Sin é a fhearacht aige sin é
→
fálach
Breathnuigh ar na claidheachaí faitíos na fálach thuas. Tá an bhrotuinn sin thíos taithithe ag an gcladach d'acht agus go háirid, indiaidh feamainn dearg, agus leagfaidís bearna ann ar an bpuinnte. B'aisteach go dtáinig siad (na beithigh) anois le trí lá indiaidh a chéile. Marach go bhfuil bearna leagha ann, ní chorróidís as an ngarraí
→
fálróid
Tá dháréag agus píobaire aca ann, agus dheamhan a bhfuil siad indon boirdín feamainne a chur amach in a dheidh sin ach ag imeacht ag fálróid ar fud an bhaile. Nach ó Bh. Fh. a cheannaigh siad roinn fheamainne anuiridh
+
→
féar
Diabhal a dhath síos in íochtar an chlochair ach féar gliomach. Tá sé sin go fairsing ann. Ní bhfuightheá boirdín asail d'fheamainn dubh ar an roinn ar fad
TUILLEADH (1) ▼
Cén chiall go gcuimhneóchthá amháin air? Do churach a leigean uait mar sin ar bheagán! Is maith an féar tirm duit fhéin í. Fan go hEarrach nó go dteastuighe leasú uait! Fórfaidh sí annsin. 'Ar ndú ní feamainn scine atá agad
→
bealach
Dhá mbeadh an lúscáinín feamainne sin ar bhealach a chairr agam, ní aireochainn í 'chuir amach.
+
Níl mórán cuir-amach orainn leis a' móin, ach tá cuir-amach diabhalta leis a' bhfeamainn, mar tá'n talamh uiliog an-fhada amach.
TUILLEADH (1) ▼
Cuirfe sé a sceadamán amach in éadan na feamainne.
→
anam
Tá 'chroidhe a's anam sáithte sa bhfeamainn; tá a chroidhe a's a anam ag dul amach thar a bhéal le sainnt sa bhfeamuinn = tá sé tórtha ar a bhfeamuinn.
→
fleasc
Tá an cat mara ar an bhfeamainn lofa siúd le fleascannaí. Dheamhan ionga ag gabhail liom slán aice = giotaí beaga den fheamainn a ghabhfadh faoi do mhéarachaí
+
→
foghail
Tá foghail déanta aca inniu thar agus ariamh. Dheamhan sop feamainne fágha ag neach an aoin ar an mbaile, ach í crapha aca dóibh fhéin.
TUILLEADH (1) ▼
Is gearr é foghail mná ar an tráigh fheamainne siúd = níl bean indon mórán den fheamainn a bhaint ar ghualainn a bhfuil le baint
→
forbhás
Bhí formhás ar an gcliabh feamainne ar an gcloich, agus hébrí cén chaoi ar theanguigh an gasúr leis, thuit sé anuas agus síos san locháinín. Spréach Seán
→
foscadh
Is furasta leis daoine a fháil le dhul ag baint fheamainne agus dhá scaoileadh le gaoith. Má theigheann a mh'anam, beidh seisean ar thaobh an fhascadh. Dheamhan mórán foghail a dhéanfas seisean ar fheamainn = ní dhéanfaidh sé brí oibre, nó má níonn sí an obair is lú sclábhaíocht í. D'fhanfadh sé ar na bráideannaí tirme ag baint na feamainne agus thiúrfadh sé cead don dream eile iad fhéin a fhliuchadh
→
fostaigh
Deir tú leo inniú a raibh an soipín feamainn lofa sin fastuithe aca, agus tórainneachaí déanta innte, le faitíos a dtóigfeadh aonduine eile í
→
fuadar
Fudar mná atá fút! Is furasta aithinte ort é. Ní bheitheá cho beó ar do chois ag dul i dtráigh fheamainne
→
fuaigh
Tá togha na feamainne ar na fuaigheannaí sean-fharraige sin ach deis a bheith agad len a baint
+
→
fás 1
Deir siad dhá mbaintí an fheamainn in a fáisín, nach mbeadh na cladaigh leath cho gealta. Sin é atá dhá fágáil go dona, nach gcoinníthear lomta í
TUILLEADH (2) ▼
Tá cupla malach feamainn dubh thíos ar an íochtar fás dhá bhliain
Níl maith le feamainn ar bith mara mbeidh fás ann
→
failligh
Ba mhór an t-íonadh muis gur fhailligh sé an fheamainn dearg inné. Dheamhan a raibh sé thíos ag an gcladach chor ar bith, th'éis nach raibh de leath-rann aige ach í le coicís
→
fairsing
Is fairsinge an cladach se'againne ná cladach na C. D., agus is mó an fheamainn a bhíos ar an gC. Dh. in a dheidh sin
+
→
feadh
Shiúil sé soir feadh na dúirlinne ag forcamhás ar fheamainn dearg
TUILLEADH (2) ▼
Sílimse go mb'fhearr leigint den fheamainn uiliog ar feadh an méid a bheadh déanta ag fear léithe. Tá an t-aoileach agus an diúain in a leasú cho maith lá ar bith = is beag fheamainn atá fear indon a bhaint agus a chruinniú cé go gcaitheann sé achar fada in a héadan
Ar feadh agus a raibh de bharr an churaigh sin ó a ceannaíodh í, bhí sé cho maith a bheith dhá huireasa. Dheamhan ceó a buachadh uirre. Níor baineadh bord feamainne léithe, agus níor mharuigh sí breac le dhá bhliain
→
feisteas
Diabhal feisteas ceart orm fós le dhul ag baint (mhóna). Tá glaicín fheamainn tirm le cocadh agam, agus … níl mé faoi réir.
Tá sé thar cíonn ag fiagaíocht sna locháin, indiaidh iascáin agus portáin, ach ní morán foghail a dhéanfas sé ar an bhfeamainn = ní ag baint na feamainne a bhíos sé, mar ba chóir dó a bheith, ach ag tógáil iascáin agus portáin
→
fiata
Níl an fheamainn bheag sin i mbarr cladaigh, baol air cho teangmháilte leis an bhfeamainn atá síos ar an íochtar. Feamainn fhiata í
→
foithnín
Tá na cladaigh sin thíos anois cho gealta le croí do bhoise. Ní bhfuightheá bord feamainne istigh ar an roinn se'aghainne anois, dhá gcaitheá do bhliain dhá baint. Roimhe seo, d'fheicinnse feamainn dubh in a sraith aníos go dtí bun na dúrlinne, ach dhá gcuirtheá do shúile ar bhior anois, ní fheicfeá fúinín ann. Chreidim go bhfuil an smál céanna ag tiacht ar an gcladach agus atá ar an saol
+
→
folach 2
Teara leis anois. Falach na talúna ar éigin. Níl maith ar bith ionnfairt fheamainne a chur ar thalamh láidir mar sin. Ceobáinín beag
TUILLEADH (1) ▼
Chaith mé an lá thíos san roinn siúd, agus dheamhan falach an bhoird sin d'fheamainn a bhí agam dhá barr. Bhí sí in ainm agus a bheith in a fás dhá bhliain, ach mo léan an fás!