Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
feamainn
ainmfhocal, baineann
uimhir iolra: feamainneachaí; ach ní bhainfí mórán leas as; uatha dó i ndáil le i gcónaí .i. na cineálachaí feamainne srl. Feamnach adeirtear san ainmneach ar an Achréidh.
ginideach uatha: na feamnaí.
má bhíonn aidiacht le feamainn, sé sin cineál feamainne, ní bhíonn aon chlaochlú tuisil ann go háirid feamainn dearg
1.
craobhógaí, cuailleachaí, slata nó dosáin a theagas isteach sa mbruth faoi thír, nó a fhásas ar chlocha agus ar leacrachaí an chladaigh. Tá an iomad cineálachaí feamainne ann: feamainn dubh, feamainn dearg, feamainn bheag, feamainn bhoilgíneach, míoránach, rocálach, ruálach, cáitseach, cáilíneach, coirleach, liúrachaí, feamainn bhuí, barr cuanla srl.
a.
·
'Sí an fheamainn dubh a fhásas ar na clocha amach go dtí díthrá rabharta móir. Leasú maith í. Baintear san earrach í le sceana, agus cuirtear amach ar thalamh fataí í.
·
Feamainn bheag nó caisíneach — in uachtar an chladaigh a bhíos sí. Ní chuirtear amach ar leasú ar bith í. Rud rosach í. Roimhe seo bhaintí le haghaidh ceilpe í agus le líon a ghealadh. Nuair a bhíodh an líon sníofa, nídís iarnaí dhe. Agus é ina iarnaí, théidís agus bhainidís an fheamainn bheag .i. an fheamainn bhoilgíneach chaisíneach. Thriomaídís í, agus ansin dhóidís í agus nídís ceilp di. Chuiridís síos na hiarnaí snáth sa bpota ansin, agus cnap den cheilp .i. an rud a ghealfadh an snáth, a chur síos in éindí leo. Thugaidís leo an hiarnaí ansin, agus chuiridís maide i chaon chloigeann dhíobh, agus scaraidís amach ar an talamh é (an snáth). Ghealadh sé ansin
·
Casfheamainn — is beag nach mar an gcaisíneach nó an fheamainn bheag í. Tá sí catach ar an gcaoi chéanna agus níl aon mhaith inti le haghaidh leasaithe. 'Sé mórán an áit chéanna a mbíonn sí sa gcladach, ach gur híochtaraí í de bheagán ná an chaisíneach
·
Feamainn bhuí — ó leath trá go díthrá atá sí. Fásann sí ina ladhrógaí, thríd an bhfeamainn dubh. Is leasú maith í, ach ní foláir gan a fágáil caite os cionn a chéile nó dhreofadh sí gan moill ar bith, agus dhéanfadh sí cruimhe shula bhféadthá freastal di agus a cur amach ar an ngarraí
·
An fheamainn mhín — cineál feamainne a fhásas ar na ceanna slat. Scothach a thugas daoine uirthi ach ní mar a chéile baileach iad. Is mó agus is troime na dosáin scothaí ná na fheamainn mhín. Tá an dosán cearnógach mórán agus bileoga amach air ina ngabhalannaí. Amach in aice an coirlí a bhíos sí. Baineann an fharraige í, agus teagann adhairteannaí móra di i dtír faoi Fhéil San Seáin nó taca an ama sin. Ní mórán a chuirtear ar leasú í, mar ní bhíonn aon chur le déanamh san am a dteagann sí le tír, mura mbeadh tornapaí féin ann
+
Feamainn dearg — dath dearg atá uirthi. Teagann sí isteach sa mbruth faoi thír ar feadh na bliana le cóir ghaoithe. Baineann oibriú na farraige de na leacrachaí agus de na bráideannaí domhaine í. Copógaí móra dearga a bhíos inti agus slata mara agus cuailleachaí thríthi. Cuirtear amach ina seanleasú ar an talamh í ó mhí Dheireadh an Fhómhair, ach fóineann sí do leasú ar bith
Bhí sé ag sciobadh feamainn dearg le trí mhaidin — a dhul sa gcladach de shiúl oíche nó deireadh oíche agus an snáth a scoilteadh i dtosach ar aon duine eile. Bheadh sé agat uilig ansin duit féin, agus ní fhéadfadh aon duine a dhul ina bharr ort. Ach roinntear an fheamainn dearg in áiteachaí fós. Ceaptar a chion féin do gach duine de réir fairsinge a chuid talúna, agus caitear crainnte ansin uirthi.
TUILLEADH (1) ▼
Dónn an fheamainn dearg sin an talamh ar fad. Ní bhíonn uirthi ach spogáin d'fhataí
·
Feamainn gheimhridh; feamainn an tseanleasaithe — an fheamainn a thigeas sna cladaí ó dheireadh an fhómhair go Lá Fhéil Bríde. Feamainn dearg, troscar trá srl.
·
Feamainn reatha — cáitseach nó ruálach nó feamainn a bheadh ag imeacht leis an bhfeacht nó ar an bhfarraige.
Tá plás mhór feamainn reatha amach leath cuain, agus má theagann sí chun tíre, beidh feamainn tirim ag na B. go ceann deich mbliana. Tá a fhios agam go maith gur leo a eireos sí! Tá an iomarca spreallaireacht ar an gcuid eile den bhaile!
·
Feamainn ghainimh — feamainn dubh a bheadh anonn is anall ar thránnaí nó ar mheath-dhuirlingeachaí, nó feamainn dearg a bháfadh súiteán na farraige sa ngaineamh. Ní thaitníonn sí le talmhaithe. Cuireann sí an talamh chun salachair. Ach chuirtí amach idir stucaí an arbhair sa bhfómhar í mar sheanleasú roimhe seo. Is annamh a bhactar anois léithe
Is maith í an fheamainn ghainimh sin ag an talamh muis! Diabhal breág nach maith! Cuirfidh sí ainleog ann
+
Feamainn aonchoise — má bhíonn feamainn fágtha ina fás dhá bhliain nó trí bliana, bíonn sí ar aon chois. Dhá bhfaigheadh duine feamainn ar aon chois, ní i bhfad a bheadh sé ag baint glac mhaith di. Fás maith dhá bhliain, bíonn sí ar aon chois
Tá feamainn ar aon chois sa gclochar siúd. Ní bheidh achar ar bith orainn cúig nó sé de bhoird a bhaint ann.
TUILLEADH (3) ▼
Is gearr a bheifeá ag baint an oiread is a leasódh an garraí sin, dhá bhfaighteá an fheamainn ar aon chois. Ba cheart go mbeadh fás sna cladaí siúd. Cladaí dána iad, agus níl siad chomh gann fúithi agus atá muide aniar anseo
Ní bhfuair tú aon spóirt go hiomaí ach ag feannadh na roinne siúd. Feamainn aonchoise uilig atá uirthi. Tá sí ina sraith ann.
Níl aon tsop ag gabháil leis ach feamainn aonchoise. Is furasta dhó cur fhéin a dhéanamh. Tá fairsinge cladaigh aige, agus féadfaidh sé í a ligean suas ina fás. Ní ag crinneadh na gcloch is call dó a bheith fearacht tuillidh
+
Feamainn ghaoithe; feamainn le gaoith — feamainn a bhaintear amach ar na scothachaí nó ar na mulláin dhomhaine sa gcladach áit nach mbíonn sé in araíocht a cur ar bruach as le capall, asal, ná leis an droim féin. Baintear í agus scaoiltear le gaoith nó sa sruth í, agus tabharfaidh an taoille tuile isteach ar an trá í. Cuirtear sreangáin bheaga ar chosa na feamainne, i gcomharthaíocht aithne, agus má théann sí i gcladach baile ar bith eile, ní dhrannfar léithe.
Ag baint fheamainn ghaoithe atá siad ar an mBranra
TUILLEADH (1) ▼
Bhí feamainn le gaoith isteach inniu
+
Feamainn scine — an fheamainn atá ar chlocha an chladaigh agus a bhaintear le sceana .i. feamainn dubh, bhuí, míoránach, barr chuanla srl.
Go leá an diabhal é mar scéal, ní thógfadh duine ar bith feamainn scine agus a fhiosacht aige (dó) gur duine eicínt eile a bhain í.
TUILLEADH (1) ▼
Mura bhfuil feamainn scine aige tá feamainn tirim aige: trí choca dhi — feamainn dearg a thógfá as an mbruth faoi thír agus a thriomófá thuas ar ionlach, agus a chocfá nuair a bheadh sí tirim. Cuirtear ar thornapaí amach sa samhradh í, nó díoltar le muintir an tsléibhe nó muintir Achréidh í nó ritear ina ceilp í
b.
+
Tá sé le feamainn inniu in éadan feamainne; ag cur fheamainne ar bruach, nó dá baint, nó dhá cur amach ar na garrantaí
Tá tú as feamainn muis mura scara tú fhéin agus an codladh le chéile
TUILLEADH (14) ▼
Tá snáth maith feamainne istigh
Tá scaipiúch bheag fheamainne ansiúd agus ba cheart daoibh a bailiú
Níl dosán feamainn dearg ann, théis a raibh de ghaoith aneas ann le seachtain.
Tá an-adhart fheamainne istigh. Tá: airde crann báid
Fuair sé an-phull feamainne le dhá lá
Tá soipíneach beag feamainne istigh
Is diabhlaí an sraith feamainne — feamainn reatha — a chonaic mé amach ó charraig Bh. T. inné agus mé ag tógáil na bpotaí
Ní chuireann sé dhá scuabán feamainne i ngach cliabh
Caithfidh mé mallach (bord, bóirdín, feadhnach, ualach srl.) feamainne a thabhairt aníos
Níl mórán feamainne ar an roinn údan. Meas tú an seasfadh sí sé bhoirdín don asal?
Tá luascán feamainne fágtha thíos fós
Ní theagann lucht feamainne ar bith anois
B'iomaí lucht feamainne a cheannaíodh muid fadó
Cuir ceobáinín beag eile feamainne ar an iomaire sin
2.
+
Bíodh an fheamainn aige! Cén bheann atá againn air? — téadh sé ag an diabhal; let him go to hell
Bíodh an fheamainn aici fhéin agus ag a cuid féir! Tá an féar s'againn fhéin le cur isteach fós, agus sé is mó cás linn
TUILLEADH (2) ▼
D'fhága tú an t-asal amuigh. Bíodh an fheamainn aige! Ní mórán a ghoillfeas oíche air!
Bíodh an fheamainn ag an scoil! Caithfidh siad fanacht sa mbaile inniu ar chaoi ar bith. Lá sa gcéad a choinním sa mbaile iad (páistí)
3.
·
Cosa feamainne — cineál luibhe a bhíos i ngarrantaí. Bhaintí í le linn ghanntan an tobac, thriomaítí í, agus chaití i leaba tobac í. Tugtar cosa préacháin freisin uirthi

Féach freisin

feamainn in iontrálacha eile (50+)

 
Má thugann tú an tabhairt ort fhéin, agus an snáth feamainne a éirí leat, scoilt go maith í faitíos na heirimisce. Tá fir istigh ar an mbaile seo agus ghabhfaidís síos in do dhiaidh ann, agus dheamhan a dhath carghais a bheadh orthu a tógáil ort. Shéanfaidís go raibh sí scoilte chor ar bith
 
Ní bheidh earasbarr ar bith agat pé ar bith céard a dhéanfas tú le easpa. Is mór an lear feamainne nach foláir don gharraí siúd. Tá sé buan
 
Níl garraí ar an bhfeadhain agam nach bhfuil foirgthe mar sin. Dheamhan uabhar i dtada ar chuma ar bith ach i ngeosadáin. Níl ann ach nuair a bhíodh feamainn ghaineamh ag dul idir stucaí go mbíodh an talamh salach. M'anam gur sailí go fada anois é thar éis nach bhfágtar gionnóid shalachair ann
+
Is diabhlaí an feadhnach feamainne a chuir sé ar an gcapall. Ach is beag an tolgán a bhí aici siúd ann, mo léan. An-chapall í, bail ó Dhia uirthi!
TUILLEADH (1) ▼
Níl sa scaipiúch fheamainne siúd ach feadhnach eile den asal. Shíl mé nach mbeadh sin fhéin inti — bord, mallach
 
Ní fhaca mise aon fhear ariamh is fiosaí ná M. N. 'An bhfuil na fataí lánaithe agat?' 'Cé mhead sleán móna bainte agat?' 'Ar chuir muintir T. Mh. mórán feamainn tirim amach?' …
+
fios
Níor cheart dó láimh a leagan uirthi agus fios aige go mba feamainn scine í
TUILLEADH (1) ▼
Mura bhfuil aon fhios feamainne ag T. Mh. Bhí sé ag an gcladach — eolas a raibh feamainn isteach sa gcladach
 
focal
Má theastaíonn lucht feamainne uait, anois atá agat a cur i bhfocal, nó beidh tú aisti aríst.
 
foirm
Dúirt sé é sin! Dúirt sé go bhféadfadh ceachtar againn atá fúithi an fheamainn pháirteach a bhaint agus nach mbeadh aon mhaith aon tréas a chur air, nach gcaithfí é sa dlí. Thug sé a éitheach! Cén chiall nach gcaithfí? Déanadh sé mar sin é feiceamuist! Sin caint anois nach bhfuil i gclár ná i bhfoirm
 
Ní féidir gurb in fothram gaoithe sa doras iata. Feamainn dearg! Nár ba slán ceoil dhuit anois mar ghaoith! Ní iarrfadh muid aon fheamainn dearg go ceann seachtain eile
 
D'fhága sé trí charr feamainne ag an gcoca. Sin rud nach raibh ann muis
 
Shílfeá gur mór an díth céille atá air a dhul ag cur anró air fhéin ag baint fheamainne le curach, agus dalladh feamainn dubh — airde crann loinge dhi — thíos ansin thíos aige ar chóngar. Ach ní minic leis an gceann céanna gan an chontráil a dhéanamh. Oibríodh sé leis. Ag treabhadh an tsléibhe agus an talamh réidh a fhágáil gan cur. Sin é a fhearacht aige sin é
 
Breathnaigh ar na claíochaí faitíos na fálach thuas. Tá an bhratainn sin thíos taithithe ag an gcladach d'acht is go háirid, i ndiaidh feamainn dearg, agus leagfaidís bearna ann ar an bpointe. B'aisteach go dtáinig siad (na beithígh) anois le trí lá i ndiaidh a chéile. Murach go bhfuil bearna leagtha ann, ní chorróidís as an ngarraí
 
Tá dháréag agus píobaire acu ann, agus dheamhan a bhfuil siad in ann boirdín feamainne a chur amach ina dhiaidh sin ach ag imeacht ag fálróid ar fud an bhaile. Nach ó Bh. Fh. a cheannaigh siad roinn fheamainne anuraidh
 
fána
Chonaic mé an-phlás feamainne ansin amuigh inniu agus í ag dul le fána
+
féar
Diabhal a dhath síos in íochtar an chlochair ach féar gliomach. Tá sé sin go fairsing ann. Ní bhfaightheá boirdín asail d'fheamainn dubh ar an roinn ar fad
TUILLEADH (1) ▼
Cén chiall go gcuimhneofá amháin air? Do churach a ligean uait mar sin ar bheagán! Is maith an féar tirim duit fhéin í. Fan go hearrach nó go dteastaí leasú uait! Fóirfidh sí ansin. Ar ndóigh ní feamainn scine atá agat
 
Tá cantáil ar fheamainn dearg ar an saol seo — tá fuadach uirthi; tá faire uirthi; tá go leor dhá hiarraidh.
 
Tá snáth deas feamainne istigh thiar ag an gcarracáinín atá aníos ó Charraig Mhurchaidh.
+
ceal 1
Is le bheith cheal leasaithe do dhuine a bheith ag faire ar an gcladach sin. Dheamhan sop feamainne a tháinig isteach ó Lá Samhna seo ghabh thart.
TUILLEADH (1) ▼
Mura bhfuil feamainn dearg aige, ní cheal a shaothraithe é, arae dheamhan lá beo nach gcaitheann sé stráisiún thíos ar bharr na corraí.
 
cleite
Tá sé ag cinnt orm abhras ar bith a bhaint as an gcleite cainte atá oraibh. Breá nach ag caint ar fheamainn dearg, nó ar phósaíochaí, nó ar earrach a bheadh sibh?
 
clóic
Dhá mbeadh an lá ag caitheamh sceana gréasaí, ní chuirfeadh sé aon chlóic air siúd ach feamainn dearg a fháil le tógáil.
 
Dheamhan snáth de do chuid feamainne a thóg mise i ngan fhios ná i gcomhfhios. Nár lige Dia go mbeinn ina call!
+
Má chuireann tú guano air, in aice na feamainne, beidh an toradh chéatach agat air — barr thar cionn
TUILLEADH (1) ▼
'Is maith an dóigh fataí í sin,' adeir N. leis an Dumhachín. 'Dhá bhfágtaí cupla bliain bán í, is fasair mhaith feamainne boilgíní agus special(cineál leasú siopa) a chur ansin uirthi, agus cur tús earraigh, dar mo choinsias agus bheadh an toradh chéatach uirthi. Dar sliabh bheadh'
+
Dhá mbeadh an luascáinín feamainne sin ar bhealach a chairr agam, ní aireoinn í a chur amach.
TUILLEADH (1) ▼
Meas tú an bhfuil aon choca feamainne le díol sna bealaí sin siar? — sna bólaí; sna ceantair; sna lorgáin.
+
Má dhéanann sé brí báistí, is fhearr dhaoibh a dhul ag cur amach fheamainne, arae ní bheidh sé in araíocht a dhul ag spré ithreach, beidh sí chomh bealaithe sin.
TUILLEADH (4) ▼
Níl feamainn ar bith is bealaithe a bhíonns ná an fheamainn tirim ó gheobhas sé brí ar bith báistí théis a coctha.
'Sé a raibh ann cunús den fheamainn bealaithe sin ar locháin le íochtar. Níorbh fhiú do dhuine mórán dá saothar a chur air fhéin.
Bhí cosamar beag (.i. feamainne) isteach ar maidin ach níor bhain mé léithe chor ar bith mar 'sí an fheamainn bhealaithe ghiortach sin a bhí ann, agus mhearódh sí thú ag iarraidh í a líonadh.
Tá mo lámha uileag bealaithe ag an bhfeamainn (feoil srl.) sin.
 
beart
An bhfaca tú aon duine ariamh ag tarraingt fheamainn tirim ina bearta go dtí sin? Ní fhaca mise ar chuma ar bith.
 
Lig de do chuid cniogaidí anois. Dhá gcuirtheása aníos gacha le cliabh feamainne liomsa ó mhaidin, deirimse leatsa, go mb'fhurasta cur chugat anois.
 
coiric
Tiocfaidh an fheamainn dearg sa gcoiricín air mura bhfuil ag Dia!
 
Chruinnigh sé cosamar feamainne a bhí scaipthe sa duirling agus thóg sé bearna gharraí an chladaigh, agus rinne sé cupla creachlaois mar sin, ach ag fánaíocht a chaith sé an chuid is mó den lá.
 
crinn
Tá tú as feamainn muis, más i dtuilleamaí na roinne siúd atá tú. Nár chrinn muid chuile chloch amháin ag gabháil léithe i mbliana. Dheamhan dosán ann anois, agus ní bheidh aon fhás a (de) rath fúithi go ceann cupla bliain aríst.
 
Is dhó is fusa a bheith ina chráisiléad: is maith í a ghreim agus a dheoch. Dhá gcaitheadh sé seachtain sa gCaladh Mór, ag cur aníos fheamainne ar a dhroim, deirimse leatsa go mb'fhurasta cur chuige. Sin é a bhainfeadh cuid den tsaill dhó.
+
Shílfeá nach bhféadfadh an cúl sin curfhásach a dhéanamh mar a rinne sé agus a ndeachaigh de leasú air. Agus bhí sé seanleasaithe freisin. Ach 'sé an chaoi a bhfuil sé, tá an talamh maraithe ag feamainn dearg.
TUILLEADH (1) ▼
An fheamainn dearg a rinne curásach den áit sin — an fheamainn dearg, agus gan leasú ar bith eile a chur ina haice
+
breá
Mallach breá feamainne — ualach mór
TUILLEADH (1) ▼
Tá snáth breá feamainne istigh.
+
bruach
Tá go leor feamainne ar bruach inniu.
TUILLEADH (5) ▼
Ag cur fheamainne ar bruach a bhí mé ó mhaidin
Cuir an scaipiúch fheamainne sin ar bruach shula bhéarfas an tuile uirthi
Tá an-bhrachlainn fheamainne ar bruach ó mhaidin aige.
Is mairg dhuit nár fhan ar bruach agus gan a dhul sa tónáiste sin le feamainn
Fág na bruachannaí mar sin go bhfaighe tú aimsir chóiriúil. B'fhearr dhuit a dhul ag cur amach fheamainne inniu.