Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Feamnadh
Ainmbhriathar
a bheith le feamainn; dhá cur ar bruach nó amach ar na garranntaí le capall, asal nó eile; a bheith ag baint fheamainne agus dhá cur suas.
+
An bhfuil sé ag feamnadh aríst inniu? Le capall agus srathair?
Ag feamnadh a ghabhfas mé amáireach faoin a bheith slán duinn. Tá díol lae ar bruach agam, agus leasóidh mé an garraí sin thoir as láimh
TUILLEADH (4) ▼
Céard tá do chinnire fhéin a dhéanamh inniu? … ag feamnadh bail ó Dhia air! Teastuíonn sin fhéin. Dheamhan sop a chuir muide amach fós i mbliana
Nuair a bhíodh muid ag feamnadh fadó, dhá dteightheá de léim den talamh ar an gcapall ar chúla na srathra, ba mhinic a bhainfeá léim rúitín aice
Más ag dul ag feamnadh atá tú, ní mór duit failicín choirce a thabhairt don asal sin. Níl sé indon malaigh móra a thabhairt in aghaidh droch-árda ar phutógaí falamha
Sí an cheird is luar liom beó a bheith ag feamnadh. Tá sí an-tsraimlí. Níl snáth ar mo chraiceann nach bhfuil fliuch báite, de bharr mo lae agus gan baol ar bith orm a bheith réidh léithe fós

Feamnadh in iontrálacha eile (6)

 
Feistigh an tsrathair sin ar an asal, go dteighe mé ag feamnadh
 
Chonnaic mise for-chasán ariamh annsin ag muinntir an leath-bhaile thoir, nuair a bheidís ag feamnadh as a gcuid fhéin den chladach. Bhíodh cead aca an bhearna sin atá le Garraí an Chladaigh aige a leagan amach ar an dúrlinn. Is cosúil go bhfuil rún aige seo a gcoinneál as, má fhéadann sé. Is gradha an scéal é má fhéadann agus iad ag dul ariamh ann
 
Déarfainn gur sách fuarchúiseach a chuaigh sé 'na' chladaigh inniu. 'Chuile cheird aige sin ach a chur ag feamnadh
 
daigh
Tháinic doigh eicínt isteach faoi bhun m'asnacha annseo anuiridh, agus mé ag feamnadh, agus sheaduigh sí mé go dtí sé seachtainí ó shoin. Nuair ab fhada liom go raibh sí ag imeacht, shoir liom go dtí an dochtúr, agus thug sé buidéal dom. Ó a chaith mé an buidéal, níor airigh mé ó shoin di.
 
droim
Chinn uirre an luascáinín feamainne a thabhairt aníos druim na trágha. Rinne sí staic air. Is maith an capall í sin le dhul ag feamnadh léithe
 
Rinne sé dí-chúis dom. Leag sé a raibh de chlaidheachaí ar na barra garbha agam agus gan a dhath údair aige leis, ach lá annseo ar iarr sé an carr orm le aistir móna a thabhairt abhaile. Ní raibh aon-ghoir agam a thabhairt dó an lá céadna thar laetheantaí an domhain, arae bhí mé féin ag feamnadh an lá céadna. Dubhairt mé leis mara raibh aon-dlúthas mór leis, é a fhágáil go dtí an lá dár gcíonn, agus go bhféadfadh an carr a bheith aige ar feadh an lae. Ach d'imigh sé uaim mar a bhuailfeá ar an gcluais é. Ó'n lá sin go dtí an lá atá indiu ann, tá smut air liom